CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Luiteamas lenár gCuid Guthán agus Fís Iain M. Banks
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Chuaigh léirstean Iain M. Banks ar shaol na teicneolaíochta, atá le fíorú go fóill, i bhfeidhm ar Roseanne Smith in imeacht na mblianta de bheith ag léamh a shaothair.

Íomhá
Iain faoi agallamh
(le ultrahi ar Flickr)
Íomhá
Iain M. Banks, foilsithe ag Orbit
Íomhá
Iain M. Banks i nDùn Èideann
(le Tim Duncan ar Vicipéid)
Íomhá
Clúdach 'Inversions'
(le Shaka Bhoy ar Picasaweb)
Íomhá
Ian M. Banks ag síniú leabhair
(le Szymon Sokół ar Vicipéid)

Is minic le cúpla bliain anuas nuair a bhínn ag cur i láthair faoi thábhacht gléas soghluaiste go bhfiafraíodh an cainteoir den lucht féachana, ‘ a d’imeodh as baile gan fóin póca? bhíodh riamh aon duine i láthair a bheadh sásta a leithéid a dhéanamh. Sin ráite, léigh blagmhír le déanaí inar scríobh an blagadóir faoi ghoid a mála láimhe nuair a bhí ar saoire agus gur ghoill uirthi toisc gur cailleadh a guthán, bhí in anchaoi uilig toisc gur cailleadh a clóichead is a heocracha. Bhí pointe aici. http://bit.ly/iomhagleasanna

Ó éisíodh an chéad ghuthán cliste i 1999, feabhas as cuimse tagtha ar na deiseanna atá ar fáil ar gach ceann dóibh. Ó rudaí bunúsacha, dar linn anois, cosúil le brabhsálaí idirlín go rudaí chomh Star-Trekúil le haithint aghaidhe. Ach bíonn an guthán ann i gcónaí idir úsáideoir amháin agus an t-úsáideoir eile. GML duine amháin is duine eile! Is comhartha den chiotacht a bhraitear an borradh faoi na hacrainimí cosúil le GML (gabh mo leithscéal). na huirlísí ag cur isteach ar an chumarsáid eadrainn.

Bhí ar intinn agam alt a scríobh an mhí seo ag plé fógairt Google Glass agus Fóin Facebook, ag déanamh scéal mór de gur seoladh péire táirge ó Google, mar atá ann i ndáiríre. an éland grab of Androidatá ar siúl ag Facebook mar a scríobh Walt Mossberg an NY Times?

Bhí ar intinn agam scríobh faoin chéim chun tosaigh a bhí i gceist le Google Glass, uirlis a ligeann duit do lámha a scaoileadh ó thiorántacht an ghutháin ach nach scaoileann do lámha go hiomlán go fóillín. Bhí ar intinn agam plé a dhéanamh ar Oculus Rift, an t-amharcóir imchaite réadúlachta a bhris gach teorainn ar Kickstarter, a bhí mar scéal mór ag CES i mbliana, a ligeann do chluichirí a bheith taobh istigh de chluiche mar dhea. (Féach an fís iontach seo de sheanmháthair á úsáid) http://buff.ly/11FFh3L

Iain M.

Bhí ar intinn agam scríobh faoi na teicneolaíochtaí nua iontacha seo agus iad a chur i gcomórtas le fís Iain M. Banks (rud a dhéanaim go minic le fógairt teicneolaíochtaí nua).

Ach a luaithe is a smaoinigh ar sin, bhuail an brón tharla go bhfuil a fhios againn nach mbeidh Banks linn ar an saol seo ar feadh i bhfad. D’fhógair ag tús Aibreáin go bhfuil buailte go tobann agus go dona tinn le hailse. http://www.iain-banks.net/2013/04/03/a-personal-statement-from-iain-banks/ a leabhar deireanach á chló go tapa ionas go seolfar é lena linn féin inár measc.

ag léamh leabhar Banks (idir Iain agus Iain M.) le beagnach fiche bliain anuas anois agus is ionann an t-iontas a bhraithim faoin ábhar féin agus faoi gur féidir leis scéal casta, spéisiúil a chur os comhair an leitheora arís is arís eile. Lonnaithe i sibhialtacht anCulture an chuid is de na leabhair gafa le dream darb ainmContactatá mar rannóg faisnéise Culture. siadsan freagrach as teagmháil a dhéanamh a sheachaint le sibhialtachtaí eile. Ach níl anseo ach suíomh do naspace operasealaíonta agus allabhrach a chruthaíonn .

An leabhar is fearr liom chuid, agus atá léite agam faoi thrí, Use of Weapons”. http://www.iain-banks.net/uk/use-of-weapons/ cruth casta ach soléite ar an úrscéal seo atá dírithe ar fhear a bhfuil aContactag iarraidh go dtabharfadh faoi oibríocht amháin eile dóibh. Le linn an leabhair, cuireann muid aithne ar Cheradenine Zakalwe, de réir a chéile, go dtí go dtuigeann muid nach mar a shíltear a bhítear i gcónaí. Scéal atá ann faoi uafás agus éadairbhe cogaidh, faoi pháistí agus mhuintir, faoi mhianta agus srianta. Cruthaíonn Banks fís réadúil den tsibhialtacht seo i bhfad uainn i spás ach a bheith comhaimseartha linn.

Ceist faoi Shlí na Fírinne

Is beag teorainn atá le teicneolaíocht sa Chultúr, ceist atá cíortha go mion in Excession a foilsíodh i 1996. Maireann muintir an Chultúir gan gabháil in aois munar mian leo ( murab é sin an faisean is déanaí gur mian leo), is féidir leo smacht a choinneáil ar gach uile chóras ina gcorpanna, is féidir leo a ngnéas fiú amháin, a roghnú nuair is mian leo: níl srian dlí ar bith tada orthu mar níl ganntanas ar bith ann. Tír na hÓige, sochaí Útóipeach, saol iarghanntanais atá ann. Roinneann an cine daonna seo, agus na speicis eile atá ar chomhshibhialtacht leo, an saol seo leMinds”, intleachtaí shaorga. An t-aon srian amháin atá sa Chultúr seo nach bhfuil cead ag naMindsseo aigne na ndaoine faoina gcúram a léamh. Pléann Banks an cheist spéisiúil sin sa leabharLook to Windward”, atá gafa le ceist chreidimh agus an saol eile leis.

Le téamaí móra mar seo, cheapfaí go mbeadh na leabhair seo thar a bheith dáiríre, ach níl ar chor ar bith. ach breathnú, mar shampla, ar ainmneacha na spáslong, a roghnaíonn na Minds atá i gceannas orthu, chun bhlaisín den chur chuige seo a fháil. Sa leabhar thuasluaite, Use of Weapons, an Very Little Gravitas Indeed, an Size isn’t Everything, agus an What are the Civilian Applications? i measc cinn eile. Is minic go mbíonn an caidreamh idir na Minds agus na daoine an-ghreannmhar freisin agus mar phríomhchuspóir ag gach aon neach sa tsibhialtacht seo, cuma más duine, “mind rud eile in iomlán iad, an chraic a bheith acu thar aon eile.

go bhfuilimid mar chine i bhfad, i bhfad fós ón Tír na nÓg seo, céimeanna móra chun tosaigh tógtha againn ó thosaigh ag léamh leabhar Banks sna nochaidí. Ag an am sin, raibh aithne agam ach ar bheirt triúir eile a raibh seoladh r-phoist mar shampla! Is mór an trua nach mbeidh Banks linn don chéad fiche bliain eile go bhfeicfimid go léir in éineacht céard a thitfeas amach.

Is le croí trom mar sin a fhágfaidh slán le Banks agus aontaím leis an bhfear a scríobh ar shuíomh BanksHow ironic that this should happen to someone who wrote so well about the problems of living too long!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.