CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Chun an tSiopa Linn
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Sásta faoi mhúnlú d’iompar ceannach earraí ar líne? Tá bealaí againn le thú a chur ag ceannach! Is maith an aire an fhógairt a deir Roseanne Smith thíos faoi thaighde idirlín a rinneadh ar an bpobal.

Íomhá
Joe Jackson
(le David Gans ar Flickr)
Íomhá
Ag miondíol ón Néal, Tomax Ile Pivotlink Summit
(ar Flickr)
Íomhá
Le Facebook for Business

Blianta ó shin, siar ag tús 2008, bhí mé ag plé cúrsaí cheoil ar Twitter le @BrianGreene agus mar shampla de rud éigin nach ritheann liom anois, chuir sé íomhá de chlúdach díolama ‘look Sharp’ le Joe Jackson i gcuimhne dom. Chuaigh na bróga sin ar an gclúdach go mór i bhfeidhm orm agus ní fhéadfainn gan iad a bheith agam. Tar éis cuardach sách casta Google fuair mé iad (ar Cloggs.co.uk mar eolas duit!) agus ó shin i leith déarfainn go bhfuil trí nó ceithre péire bróg ceannaithe agam ón gcomhlacht céanna.

Toisc comhrá Twitter i 2008

Níl amhras orm nach mise an t-aon duine riamh a cheannaigh rud éigin toisc Twitter. De réir MediaBistro (féach sna naisc ar dheis) ceannaíonn 37% de lucht úsáidte Twitter ó na feathail, nó na brandaí, a leanann siad ar an ngréasán. Roimh a dtairiscint phoiblí tosaigh anuraidh, d’fhoilsigh Twitter mír faoi thaighde i dteannta le Datalogix (sna naisc) a thaispeáin gur cheannaigh siopadóirí 29% níos mó sa siopa as líne (.i. an seanbhealach, i siopa, le siopadóir) tar éis giolc a bheith curtha chun cinn a fheiceáil. Ní nach íonadh mar sin go bhfuil an gréasán ag triail bealaí gur féidir tabhairt faoi shiopadóireacht láithreach ón ngreasán féin.

D’fhógair siad #AmazonCart i mí Bealtaine 2014. Ligeann an córas seo d’úsáideoirí i Stáit Aontaithe Meiriceá nasc a chruthú idir a gcuntas Twitter is a gcuntas Amazon. Má giolcann siad, nó má fhreagraíonn siad giolc a bhfuil nasc go Amazon ann agus an chlib #AmazonCart leis, rachaidh an táirge luaite ann isteach ina gcart siopadóireachta. Níl sé ceannaithe acu go dtí go dtugann siad cuairt ar an gcart ar an suíomh féin. Samhlaigh an tsraith mór eolais atá á bailiú ag an dá chomhlacht faoi úsáid a seirbhísí! Sin ráite, ón méid atá feicthe agamsa tar éis cuardach ar an gclíb seo, ní bhíonn á n-úsáid ach daoine gur mór leo schlock den chéad scoth. Le haghaidh sampla dá leithéid téigh chuig an nasc ar dheis. Gheofar an scéal neamhbhalbh faoi Amazoncart sna naisc ar dheis freisin.

Aon Bhuille Amháin le Toradh Taighde Datalogix

Ansin an tseachtain seo caite i gcomhtharlúint dochreidte d’fhógair Twitter agus Facebook céimeanna chun tosaigh fá choinne siopadóireacht ar líne. D’fhógair Twitter go bhfuil an comhlacht CardSpring (le feiceáil sna naisc ar dheis) ceannaithe acu. Úsáidfear teicneolaíocht an chomhlachta seo chun dearbháin a chruthú ar líne gur féidir a úsáid as líne sa saol réadúil chomh maith céanna.

Mar shampla, samhlaigh go bhfuil mé ag lorg puball nua (rud a bhí an tseachtain seo chaite) agus táim ag breathnú ar shuíomh Halfords, abraimis, is ag gabháil idir péire. Táim idir dhá comhairle i ndáiríre. Cuirim i gcomórtas lena chéile iad ach, fós féin, ní féidir liom cinneadh a dhéanamh. Ag bun an leathanaigh tá bosca agus scríofa ann (i mBéarla ar ndóigh!):

“Idir dhá comhairle faoi na pubaill atá againn? Buail isteach chugainn chun na pubaill a fheiceáil in airde. Tabhair leat an earlais seo ar €10.00”

Ansin cuireann tú isteach do shonraí cárta creidmheasa agus an chéad uair eile atá tú i Halfords beidh €10 agat ar do chárta creidmheasa le cur i dtreo chostas an phubaill. Ní féidir é a úsáid aon áit eile seachas Halfords. Tarlaíonn an obair ar fad sa néal agus oibríonn teicneolaíocht CardSpring ar fad le haon mheaisín díolphointe. Glacaim leis go mbeidh CardSpring anois ag cruthú uirlisí do chomhlachtaí ar Twitter a ligfidh dóibh an rud céanna a úsáid ar an ngréasán. Éabhlóid deas ón eolas a bhailigh siad le Datalogix anuraidh dar liom.

D’fhógair Facebook idir an dá linn go bhfuil siad ag triail cnaipe “Buy” le roinnt ceannach idirlín. Ligfidh an cnaipe seo don úsáideoir gligeáil agus ceannach gan an gréasán a fhágáil. Beidh an rogha ag an úsáideoir sonraí cárta creidmheasa a fhágáil ar an ngréasán (atá ag geallúint slándála d’ardchaighdeán) nó iad a inchur as an nua. Cé nach bhfuilluaite sa phreasráiteas uathu (ar dheis sna naisc) glactar leis go ngearrfaidh siad costas próiseála íocaíochta ar na trádálaithe a úsáideann an córas frithchuimilte seo. Tá roinnt margaitheoirí ar líne an-tógtha leis an bhforbairt seo a ligfidh dóibh an toradh ar a n-infheistíocht a fheiceáil láithreach in ionad trí cleasaíocht anailíse. Chomh maith leis sin, ligfidh sé do na comhlachtaí ar Facebook gabháil i bhfeidhm ar dhaoine nuair atá siad ag cur am amú ar Facebook. Clic, clic, clic, Like, Like, Share, BUY!

Is Maith an Aire an Fhógairt

Ach táthar ann atá ag rá go bhfuil a dhóthain bealaí díol ar líne a bhfuil cinnteacht ann futhú cheana, a bhfuil báire na fola seasta go maith acu i stair fhada an idirlín (Féach sna Bealaí cruthanta Idirlín sna naisc ar dheis). Mar sin, céard is fiú bealach eile? Dearcadh coimeádach, dar liom, i réimse saoil gur fiú a bheith cúramach, cinnte, ach a bheith coimeádach riamh.

Bheinn buartha faoi úsáid an chnaipe seo go pearsanta, go háirithe nuair atá an nuacht seo ag teacht sna sála ar bhriseadh an scéil faoi thriail agus taighde a bhí ar siúl ag Facebook i 2012. Ag tús an Mheithimh d’fhoilsigh triúir taighdeoirí, Adam Kramer, eolaí eolais le Facebook ina measc páipéar faoi thriail a rinne siad i 2012 (Féach sna naisc). Sa triail seo rinne na taighdeoirí ionramháil ar shruth nuachta úsáideoirí ionas nach bhfeicfeadh siad ach scéalta brónacha nó áthasacha. Bhí siad ag iarraidh a fháil amach an maireann an tógálacht mothúcháin ar line? Is é sin, má chrochann tú thart le duine atá thíos seal, ní bheidh sé i bhfad go mbeidh tú féin thíos seal freisin, dá dheasca. An imríonn an mothú a fhaigheann tú ar líne tionchar níos buaine ort?

Ó mo léamh féin, bhí torthaí na trialach éiginnte, ach níl amhras nach raibh an bealach a chuaigh an scéal i bhfeidhm ar thráchtairí ar líne. Bhí sé ina raic faoi céard is ciall do “informed consent” agus faoi eiticí ionramháil aigneolaíochta i ngan fhios do na úsáideoirí. De réir Facebook, ghlac na húsáideoirí le rannpháirtíocht sa triail nuair a d’aontaigh siad le téarmaí agus le coinníollacha úsáide. Ar ndóigh, nuair a tháinig luas faoin scéal ba chuma, ar bhealach, faoi na torthaí agus faoin méid a dúirt Adam Kramer nó faoi aon leithscéal a ghabh Facebook iad féin, (má ghabh…)

Mar sin tá buairt orm faoi sheoladh an chnaipe “Buy”; má’s féidir leo ár mothúcháin a ionramháil an mbeidh siad in ann gabháil i bhfeidhm ar chinneadh ár gceannaithe freisin?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.