CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Airgead le Tionscnaimh a Fhorbairt
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Más ag santú cúpla cianóg le do thionscnamh féin a chur chun cinn, b’fhéidir go bhfuil eolas ar an bhfoinse maoinithe san alt seo duit le Roseanne Smith. Cuirfidh Kickstarter a fhad leis an ngealaigh féin thú!

Íomhá
Jeanne Pi, an Appsblogger í féin
(le Appsblogger.com)
Íomhá
fundit.ie
(le 2012 Business to Arts, BÁC)
Íomhá
(le Fíbín.com)

Is oth liom alt a thosnú le caint ar an gcúlú geilleagair ach níl aon ghabháil as go bhfuil tionchar as cuimse ag an gcúlú seo ar ghnólachtaí beaga, aireagóirí, cruthaitheoirí agus ar ealaíontóirí. Is iad na healaíona agus an t-imeall a fhulaingíonn le linn géarchéime. Iadsan atá ag cruthú seirbhísí idirlín is teicneolaíochtaí nua ar an imeall leis.

Ceann de na fáthanna a dteipeann orthu easpa infheistíochta ón rialtas, ó urraitheoirí, infheisteoirí agus ó na custaiméirí. an-chaint ar ndóigh faoin easpa maoinithe agus creidmheasa óna bainc fud fad na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe freisin.

bealach eile leis an airgead seo a ardú le cúpla bliain anuas. Is é sin, trí shuíomhanna sluamhaoinithe. Séard atá i gceist leo siúd, suíomh inar féidir le healaíontóir le haireagóir cur síos a dhéanamh ar an togra atá idir láimhe aige agus ar a bhfuil ciste de dhith chun é a chur i gcrích. Chun é seo a dhéanamh iarrann an cruthaitheoir suimeanna áirithe airgid (ar scála de ghnáth) i dtreo sprioc airgid. Faigheann gach ball den slua aitheantas (ar scála leis) mar chomhartha bhuíochais as an gcabhair.

Scríobh cheana san alt seo faoi chomh tábhachtach is atá spriocanna: spriocanna sláinte agus spriocanna coigiltis. Úsáideann na suíomhanna seo spriocanna freisin: spriocanna ama agus maoinithe.

Neart Airgid le Bailiú

An ceann is cáiliúla is dócha www.kickstarter.com atá díríthe ar thograí ealaíne don chuid is ach cluichí ríomhaireachta ann, tograí faisean, bia agus damhsa. D’fhéadfá maidin agus neart airgid a chaitheamh ar thóir warm, fuzzy feeling ann.

D’fhógair Kickstarter ar an 21 Meitheamh go mbeadh siad ag roinnt eolais faoina staidreamh in am fíor as seo amach. Eolas fíorspéisiúl atá ann nuair a chuimhnítear nach raibh a leithéid de sheirbhís ann 5 bliana ó shin. Mar shampla, d’éirigh le seacht dtogra níos $1m a ardú ar an ardán seo. Is é an catagóir scánnain agus físe an catagóir is idir líon na dtograí agus líon airgead ardaithe ag $59.44m . Sin níos a cheathrú den $222m de na gealltáin ar thograí rathúla ag am a scríofa. Ach is é an damhsa an catagóir is rathúla le ráta ratha de 69.25%, beagnach aon trian níos fearr an ráta de 44% do na tograí ar fad.

Ar ndóigh, bhreathnaigh tríd go bhfeicfinn an raibh aon tograí le blas Gaelach ann. neart bannaí is ceoltóirí ag iarraidh gealltáin a mheallú choinne taifid de cheol traidisiúnta, cúpla leabhar idir fhicsean agus thráchtas acadúla agus thogra amháin olla. Bhí cúpla togra a tharraing m’aird ach go háirthe. Ceann de na tograí Éireannacha is rathúla ann togra chun leabhar grianghrafadóra de radharcanna Éireannacha le Peter Cox a d’ardaigh $29,727 nuair nach raibh ach $11,000 de dhíth air! Comhghairdeas leis! http://kck.st/LtCG4C

Ar Son na Cúise

Ach ceann eile a tharraing m’aird ceann atá dírithe ar an nGaeilge féin. Jonathan agus Amanda chun suíomh comhrá Gaeilge a chruthú chun cabhrú le daoine Gaeilge a fhoghlaim. An-smaoineamh, b’fhéidir nach bhfuil ró-úr mar smaoineamh ach uasal. Níl ach $5,000 de dhíth orthu chun an togra seo a chur i gcrích! Nuair a smaoiním ar na milliún a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge gach bliain! Chun an togra a chur i gcrích, beidh an lánúin ag bogadh go Tír Chonaill ar feadh dhá mhí chun páirt a ghlacadh i gcúrsa Gaeilge agus máistreacht a aimsiú.

Your generous support of this project will help fund the costs of the immersion program we must participate in this July and will help us get set up in Ireland to create the Comhrá le Chéile website and the online conversation system.”

A chairde, maith dom an chiniciúlacht, ach b’fhéidir gur chóir dom togra a bhunú chun airgead a bhailiú a ligfidh dom mo Ghaeilge bhreá líofa a thabhairt go daoine bochta gan Ghaeilge Theilinn! http://kck.st/MfJZeY Bhuel comghairdeas le Jonathan agus Amanda freisinmar d’éirigh leo laistigh den am a bhí ceaptha acu (agus caithfidh a go raibh a gcur i láthair snasta 7 dea-bhéasach. Nasc ar leataobh).

Ach samhlaigh na féidearachtaí atá ann do thograí Gaeilge le feidhm cheart iontu? Samhlaigh na féidearachtaí atá ann do cláracha agus do scannáin Gaeilge, fílí agus d’amhránaí Gaeilge (Turas na bhFilí i gCeanada faoi dheireadh!) agus neart eile. Bhlais Fíbín, an comhlacht puipéid agus drámaíochta, cuid de na féidearachtaí nuair a chuir siad an togra Sétanta ar www.FundIt.ie, tionscnaimh sluamhaoinithe de chuid Business to Arts na hÉireann. D’éirigh leo níos €5,000 a ardú ar an suíomh iontach seo. Thug siad faoin a bhfeachtas le greann agus tuiscint ar a lucht maoinithe agus céard a thaitneodh leo. (http://www.fundit.ie/project/funders/stanta) Mholfainn d’aon eagraíocht Ghaeilge taighde a dhéanamh ar FundIt agus Kickstarter go bhfeicfear an bhfuil deis ann chun briseadh, fiú rud beag, ó bhrath ar an rialtas.

FundIt ar an bhfód le bliain anois agus leathmhilliún euro ardaithe ann chun 143 tograí a mhaoiniú. In am an ghátair is éacht ar leith é sin! Tabhair bualadh bos daoibh féin, a mhuintir na hÉirinn!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.