CÚINNE NA nEALAÍON
Fíbín as an Nua
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chonaic Ciara Nic Gabhann léiriú péintéireachta, ceoil agus scéalaíochta in éineacht le gairid, taispeántas a chuir ionadh agus áthas ar a raibh i láthair.

Íomhá
Darach Ó Tuairisg
Íomhá
Fíbín cúpla bliain ó shin
Íomhá
Fíbín

Bhí an t-ádh orm a bheith i láthair ag píosa amharclainne fíorshuimiúil agus neamhchoitianta ar na mallaibh i halla Oideas Gael, Gleann Cholmcille arna chur i láthair ag an chompántas ildánach Fíbín.

Baineadh úsáid as scéalaíocht, ceol agus péintéireacht bheo le léiriú bríomhar a dhéanamh ar An Rón Dall, scéal béaloidis i Maigh Eo, a ndearna an tUltach William Hamilton Maxwell tagairt dó ina leabhar ‘Wild Sports of the West’ i 1832. Déanann an scéal cur síos ar rón mí-ámharach atá mar pheata ag teaghlach Connachtach go dtí go gcuirtear brú orthu an ruaig a chur ar an rón beag ceanúil. Baineann brúidiúlacht agus cruálacht leis an eachtra agus íocann an teaghlach agus an pobal áitiúil go daor as sa deireadh.

Is é an t-aisteoir, agus duine de bhunaitheoirí Fíbín, Darach Ó Tuairisg an scéalaí sa phíosa amharclainne seo agus fad is a bhí an scéal a chur i láthair aige, bhí an t-ealaíontóir Dara Mc Gee á léiríú go gasta le péint ola ar chanbháis móra agus an ceoltóir Vinnie Kilduff ag cur chamchuairt=circuit">="gloss" title="lively accompaniment">tionlacan beoga ceoil leis. Nuair a thángthas go buaicphointe an scéil, chuir McGee a chuid canbhás uilig le chéile le pictiúr iomlán nua a nochtadh – rud a chuir idir iontas agus ghliondar ar an lucht féachana. Tá an triúr seo aitheanta go forleathan ina gcáilíochtaí féin – is aisteoir cumasach é Ó Tuairisg agus lear mór oibre déanta aige do TG4; tá gradam Grammy bainte ag Kilduff agus obair déanta aige le U2, na Waterboys agus Clannad agus is ar dhearadh láithreáin stáitse is mó atá aithne ar Dhara Mc Gee agus tá obair déanta aige le déanaí d’An Béal Bocht le Myles na gCopaleen agus do Cré na Cille, le Máirtín Ó Cathain.

Compántas a Bhíos Scéalach, Beidh sé Siúlach

Rinneadh an chéad léiríú d’An Rón Dall i dTuaim i 2006 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith agus breis is dhá scór léiríú déanta acu. Tá an compántas ar chamchuairt náisiúnta faoi láthair leis an seó agus ina dhiaidh sin beidh siad á thabhairt go Páras, an Bheilg agus go dtí an Bhreatain Bheag. Is é an amharclannaíocht puipéid an comhartha aitheantais atá ag Fíbín agus gi nach bhfuil an modus operandi seo tréigthe acu, cuireann an compántas fáilte roimh an treoir úr nua a thug Kilduff agus Mc Gee dóibh. Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.

Is compántas amharcláinne óg fuinniúil iad Fíbín, a tháinig ar an saol i gConamara i 2003. Tá siad dírithe ar dhrámaí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar d’achan aoisghrúpa agus tá sé seo déanta acu ar bhealach spraoiúil cruthaitheach. Léiríonn siad drámaí ar bhealach atá suimiúil agus a bhfuil úrnuaíochta ag baint leis. Is minic, mar shampla, na haisteoirí agus na puipéid ag roinnt an ardáin le baill den lucht féachana. Tá fuinneamh agus samhlaíocht ag baint lena gcuid seóanna agus éiríonn leo drámai a chur i láthair a bhíonn, ní hamháin tarraingteach, ach a spreagann machnamh agus ceisteanna chomh maith.

Ag Bualadh Bóthair

Creideann Ó Tuairisg go bhfuil daoine óga breá ábalta dul i ngleic le hàbhair dhúshlánacha agus go bhfuil siad ábalta casadh dá gcuid féin a chur ar scéal nó tuiscintí éagsúla a bhaint amach as – mar a chonaic sé féin le linn na seisiúin cainte a bhí acu i ndiaidh An Rón Dall.

Is cinnte go bhfuil Fíbin ag gabháil a bheith an-ghnóthach san am atá romhainn. Tá siad ag ullmhú seó faoi láthair don fhéile ealaíne/ceoil Fulacht Fia na hAibhléise Electric Picnic, agus beidh siad ag cur seó i láthair in Indreabhán mar chuid d’imeachtaí Oíche an Chultúir / Culture Night ar an 24 Meán Fómhair agus ar a bharr sin, beidh siad ag tosú ar chamchuairt náisiúnta nua eile go luath leis na drámaí An Cearrbhach Mac Cába agus Fíche Bliain ag Fás.

Creideann Fíbín iontu féin mar chompántas a bhfuil fís láidir chomhaimseartha acu atá fréamhaithe go daingean i dtraidisiún ealaíne na tíre seo. Is mian leo an fhís sin a thabhairt os comhair phobal na hÉireann, go háirithe aos óg na tíre agus tá siad muiníneach go leor astu féin agus as an fhís sin le í a thabhairt leo thar sáile fosta agus í a léiriú ar ardáin idirnáisiúnta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.