Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #135 · IÚIL 2012
CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Íomhá
AGALLAMH BEO
Seosamh Mac Muirí

Tá saibhreas Gaeltachta bailithe agus roinnte ar na haerthonnta ag Raidió na Gaeltachta le daichead bliain anuas. Bhuail Seosamh Mac Muirí le ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin le scéal an fhorais is gaelaí dár gcuid a chíoradh. Is iomaí duine i dtíortha thar lear a thugann cluas do Gharraí Pheter William ar an tsuíomh idirlín.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Ba cheart do lucht cáinte na Gaeilge faoiseamh a thabhairt do Pheig Sayers bocht dar le Breandán Delap agus sampla na n-eachtrannach i leith foghlaim na teanga a leanstan.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Gabriel Rosenstock

D’éirigh foilsitheoirí an-éisealach le blianta anuas sa bhiaiste leabhar a chlóbhuailfidís, agus tá Gabriel Rosenstock den tuairim mar gheall ar an athrú iompair sin gur ‘gaire cabhair an fhéinfhoilsithe ná an doras’.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Tony Birtill

Is scáthán den saol é an dráma láidir, The Matchbox, a léirigh Frank Mc Guinness den chéad uair an mhí seo caite. Bhí Tony Birtill ann agus thug sé taitneamh dó.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Chaill Arm na hAstráile baill san Afganastáin agus tá an chuma ar an scéal anois, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nár thug a n-íobairtfulaingt a ngaolta aon tairbhe do mhuintir na hAfganastáine.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Más ag santú cúpla cianóg le do thionscnamh féin a chur chun cinn, b’fhéidir go bhfuil eolas ar an bhfoinse maoinithe san alt seo duit le Roseanne Smith. Cuirfidh Kickstarter a fhad leis an ngealaigh féin thú!

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Bhí barraíocht le háireamh, dar le Balor, ag titim amach ar an oileán iathghlais ach rinne sé iarracht cuntas éicint a thabhairt.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Molann Pat Butler scannán as críocha na Rúise san alt seo. Aleksei Fedorchenko a cheap Silent Souls a chíorann ‘téagar nach feas dúinn i gcuimhne an chine ... cumhacht nach samhlaímid i dtiomantas an traidisiúin’.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
John Paul McCarthy

Mhúscail an reifreann ar na mallaibh spéis John-Paul Mc Carthy i gcaingean Crotty v An Taoiseach 1986, agus sheol i mbun léamh an bhreithiúnais é.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Mícheál Ó hAodha

Is ceadmhach d’ainm is do shloinne a athrú i dtíortha an Dlí Choitinn, ní a thug ábhar machnaimh agus a spreag Mícheál Ó hAodha i mbun cleite an ailt seo.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Rianaíonn Ciarán Mac Aonghusa an drochobair a d’fhág cuid Pháidín den mheacan ag móramh an domhain, an dream bocht a bhronn na billiúin ar thoicí nár shaothraigh é.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Ní mó ná sásta atá Donncha Ó hÉallaithe le Bille na Gaeltachta. Creideann sé go bhfuil an deis á chur amú ag an rialtas bunús ceart tomhaiste a chur faoin iarracht an Ghaeilge a tharrtháil mar theanga pobail sna Gaeltachtaí agus go mbeidh de cháil ar Dhonncha Mac Fhionnlaoich amach anseo gurb e a bhuail caidhp an bháis ar an nGaeltacht.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Chonaic Robert McMillen dhá bhandia, as aois an chré-umha agus aois an iarainn, ag streachailt in aghaidh a chéile ar ardmhá intinn an phobail an mhí seo chuaigh thart.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS
Ken Ó Donnchú

Chaith Ken Ó Donnchú Oíche Fhéile tSin Seáin ag urnaí is adhradh lena chomh-Ind-Eorpaigh faoi thinte cnámh ar an trá i gCruinne na Gailíse.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.