COMÓRTAIS
Buaiteoirí Chomórtais Mhí an Mheithimh

Na Buaiteoirí

Laura McEnroe, Co. Longfoirt

Tadhg Ó Duigneáin, Contae Ros Comáin

An Duais

Cóip de ‘An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc’

agus cóip de ‘Ar an Taifead – fís, fuaim, focal’ Eagrán 2012

An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc:

Clúdach bog, 312 lch., Praghas: €20, Foilsitheoir: Cois Life, ISBN: 9781907494253 Sraith alt cuimsitheach ó pheann 14 údar ar ghnéithe éagsúla den tsochtheangeolaíocht. Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo. Pléitear príomhghnéithe na sochtheangeolaíochta, agus suíomh na Gaeilge sa chomhthéacs idirnáisiúnta léinn sin.

Na hÚdair: Steve Coleman, Helena Ní Ghearáin, Siobhán Ní Laoire, Máire Ní Neachtain, Brian Ó Catháin, Peadar Ó Flatharta, Conchúr Ó Giollagáin, Tadhg Ó hIfearnáin, Pádraig Ó Laighin, Muiris Ó Laoire, Máirtín Ó Murchú, Pádraig Ó Riagáin, John Walsh agus Iarfhlaith Watson. Curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus Máire Ní Neachtain.

Is léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh é Tadhg Ó hIfearnáin. Tá an chuid is mó dá shaothar acadúil dírithe ar an tsochtheangeolaíocht, idir theangeolaíocht na sochaí agus shocheolaíocht na teanga.

Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh í Máire Ní Neachtain. Sa tsochtheangeolaíocht is mó atá a cuid spéiseanna acadúla agus tá taighde déanta aici i réimse na sícitheangeolaíochta, sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga go háirithe.

Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.

Foilsithe ag Cois Life, seo é an chéad saothar dá chineál i nGaeilge. Tá sé oiriúnach do mhic léinn bunchéime agus iarchéime.

Orduithe: nó, más siopa atá i gceist, tríd Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 nó ríomhphost chuig ais@forasnagaeilge.ie. Breis eolais : Julianne Ní Chonchobhair – FÁILTE julianne@milefailte.ie 087 1746 189

Ar an Taifead – fís, fuaim, focal’ Eagrán 2012:

Bogchlúdach, 448 lch., Praghas: €20, Foilsitheoir: Cois Life, ISBN: 9781907494260 Eagrán nuachóirithe den treoirshaothar do na meáin chumarsáide Gaeilge ina gcuirtear forbairtí nua san earnáil, na meáin nua, plé ar chursaí eagarthóireachta agus gnéithe eile san áireamh. An nuacht, na meáin, gairm agus saothar an iriseora faoin spotsholas anseo. Teilifís, raidió agus na meáin chlóite, na príomhimreoirí agus a gcuid spriocanna. An reachtaíocht agus an comhthéacs eiticiúil ina bhfeidhmíonn siad. Rólanna gairmiúla agus tascanna oibre léirithe go beacht anseo agus treoir chuimsitheach tugtha ar earnáil na meán Gaeilge i 2012.

Iriseoir, léirmheastóir agus údar is ea Breandán Delap a rugadh i nGaoth Dobhair. Bhí sé ina chéad eagarthóir ar Foinse ó 1996 go 2003. Bronnadh Gradam ‘Iriseoir na Bliana’ de chuid ESB air i 2003. Bronnadh Gradam IFTA ar a chlár faisnéise Mad Dog Coll in 2000 agus bhain sé príomhdhuais an Oireachtais ar iriseoireacht chlóite i 1998, agus arís i 2010. Is eagarthóir cláir é le Nuacht TG4 faoi láthair. Léirmheastóir drámaíochta freisin é ag The Irish Times in iarthar na hÉireann. Tá cónaí air sa Spidéal.

Eagrán nuashonraithe den saothar bunaidh Ar an Taifead a mbaintear an-leas as ar chúrsaí oiliúna sna meáin chumarsáide Ghaeilge. Beidh tóir ag réimse leathan léitheoirí ar an saothar seo, agus go háirithe ag lucht staidéar na meán féin.

Orduithe: www.coislife.ie nó, más siopa atá i gceist, tríd Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 nó ríomhphost chuig ais@forasnagaeilge.ie. Breis eolais : Julianne Ní Chonchobhair julianne@milefailte.ie 0871746189

Cois Life Tá BEO an-bhuíoch de Chois Life agus de Fáilte as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.