AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Deireadh le Fiannas an Airm san Afganastáin?
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Chaill Arm na hAstráile baill san Afganastáin agus tá an chuma ar an scéal anois, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nár thug a n-íobairtfulaingt a ngaolta aon tairbhe do mhuintir na hAfganastáine.

Íomhá
Hamid Karzai ag an Teach Bán
(le Paul Morse, SAM)
Íomhá
Póilíneach Afganach ar dualgas le NATO ISAF ag Allagakh
(le Clayton Perce ar Picasaweb)
Íomhá
ECAT - ISAF, Éire ina measc
(le NATO.int)
Íomhá
Saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin
(le Ls. Paul Berry ar Vicipéid)

Reáchtáladh cruinniú mullaigh d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i Chicago i mí na Bealtaine inar chíor na ceannairí straitéis scoir a dtrúpaí as cogadh na hAfganastáine. Ní ball den Eagraíocht í an Astráil, dár ndóigh, ach bhí an Príomh-Aire, Julia Gillard, páirteach sa chruinniú mullaigh de bharr go bhfuil saighdiúirí de chuid Arm na hAstráile ar fiannas leis an gcomhfhórsa idirnáisiúnta san Afganastáin (Eagrán 116, Nollaig 2010).

Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.

Tá cogadh na hAfganastáine ar siúl le haon bhliain dhéag anuas agus tá muintir na hAstráile dubh dóite de, gan aon agó. D’fhógair Gillard roimh an gcruinniú mullaigh go n-aistarraingeofaí saighdiúirí na hAstráile go léir as an Afganastáin faoi dheireadh 2013, agus go mbeadh cuid acu ar ais sa bhaile roimh dheireadh na bliana seo.

Bhíothas ag siúl go mbeadh trúpaí Astrálacha ar fiannas san Afganastáin go ceann dhá bhliain eile ar a laghad, ach mhaígh Karzai ar na mallaibh go raibh a chuid fórsaí féin réidh le freagracht a ghlacadh as an tslándáil i gceantair áirithe na tíre. Ina measc siúd atá Uruzgan, an cúige ina bhfuil formhór na bhfórsaí Astrálacha ar fiannas le sé bliana anuas.

Bunchuspóirí agus Cúinsí Cuí

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an cinneadh lenár bhfórsaí a aistarraingt chomh luath is atá beartaithe anois ag teacht salach ar an méid a bhí le rá ag Gillard, agus ag a réamhtheachtaithe, faoin straitéis scoir. Mhaígh siad go léir nach gcuirfí deireadh leis an misean san Afganastáin go dtí go mbeadh a bhunchuspóirí curtha i gcrích agus go mbeadh “na cúinsí cuí ar an talamh” bainte amach. Ní raibh na bunchuspóirí ná na cúinsí seo go hiomlán soiléir dom riamh!

Bhí Arm na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin sa bhliain 2001 le ruaig a chur ar rialtas na dTalaban. D’fhan cuid acu sa tír tar éis threascairt an rialtais sin leis an aidhm, go fios dom, an tír a dhéanamh daonlathach agus síochánta. Luadh cearta daonna go rialta sna haithisc a thug príomhairí éagsúla agus iad ag maíomh go raibh misean an Airm cóir agus ceart. Leag siad béim faoi leith ar oideachas, ar oideachas na gcailíní go sonrach, sa chosaint seo.

Anois atá an deireadh beartaithe, is mithid measúnú a dhéanamh ar an méid atá bainte amach – nó nach bhfuil bainte amach – ag an misean.

Is fíor go bhfuil uachtarán tofa anois i gCabúl, an phríomhchathair, agus go bhfuil an cineál brúidiúlachta a bhí le sonrú faoi réim na dTalaban imithe, a bheag nó a mhór. É sin ráite, tá tráchtairí go leor in amhras faoin dóigh ar toghadh Karzai sa bhliain 2009. Mhaígh na breathnóirí idirnáisiúnta a bhí ann le monatóireacht a dhéanamh ar an olltoghchán go raibh calaois fhorleathan ar siúl fud fad na tíre. Cuireadh líomhaintí go leor i ndáil le ceannach agus breabaireacht i gcoinne rialtas Karzai ó shin i leith.

Na Milliúin Caite ar Beagán Tairbhe

Gheall Gillard go dtabharfadh an Astráil $100 milliún do rialtas na hAfganastáine in aghaidh na bliana go ceann trí bliana, agus $250 milliún gach bliain as sin amach, de réir foráil amháin den chomhaontú thuasluaite. Mhaígh Gillard go gcaithfí an t-airgead ar thograí éagsúla le caighdeán maireachtála na ndaoine agus le bonneagar na tíre a fheabhsú. Fad is atá rialtas éillitheach Karzai i gcumhacht, áfach, nílim dóchasach go mbainfidh cosmhuintir bhocht fhadfhulangach na hAfganastáine an tairbhe chuí as an gcúnamh seo.

A dhonacht is atá cúrsaí rialtais i gCabúl, tá siad i bhfad níos measa in Uruzgan. Is é Matiullah Khan ceannaire an chúige agus tá córas feodach i bhfeidhm faoina stiúir, beag beann ar chúrsaí daonlathais nó ar chearta daonna. Tá sé ar an duine is saibhre sa chúige mar gheall ar na táillí a ghearrann a mhílíste príobháideach ar gach feithicil a thaistealaíonn ar na bóithre ann. Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.

Baineadh feidhm as an gcúnamh airgeadais a thug an Astráil don chúige le scoileanna nua go leor a thógáil, ach tá a bhformhór acu folamh mar gheall ar ghanntanas múinteoirí. Tá cuid acu ag feidhmiú mar madrasas Ioslamacha agus tá toirmeasc ar chailíní ina leithéidí seo.

Thit 32 saighdiúir Astrálacha sa ghleo san Afganastáin agus gortaíodh sa bhreis ar dhá chéad duine eile acu. Nuair a bhreathnaím ar bhunchuspóirí an mhisin agus ar na cúinsí míchuí ar an talamh in Uruzgan, is léir go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ann. Is oth liom é a rá ach feictear dom gur shaothar in aisce é caillteanas agus fulaingt saighdiúirí na hAstráile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.