CÚINNE NA nEALAÍON
An Féinfhoilsiú
Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock Gabriel Rosenstock

D’éirigh foilsitheoirí an-éisealach le blianta anuas sa bhiaiste leabhar a chlóbhuailfidís, agus Gabriel Rosenstock den tuairim mar gheall ar an athrú iompair sin gurgaire cabhair an fhéinfhoilsithe an doras.

Íomhá
Bhronn file na hÉireann 'Rogha Dánta' ar K. Satchidanandan ag an bhFéile Kritya i gKerala
(le Amit Kalla)
Íomhá
Ríomhleabhar ar obair
(le Mia 5793 ar Vicipéid)

Féinfhoilsiú? rabhas riamh róthógtha leis an tuairim ach beagnach scór leabhar féinfhoilsithe agam ar na mallaibh. Conas a tharla sin? N’fheadar.

Leabhair nuascríofa is ea cuid acu, eagráin nua eagráin mhéadaithe de leabhair a cuireadh i gcló cheana is ea a thuilleadh acu, idir Ghaeilge agus Bhéarla. An Dr. Mícheál Ó hAodha, Ollscoil Luimnigh, a bhí mar chomhairleoir agus mar eagarthóir agam san fhiontar seo.

I measc na dteideal féinfhoilsithe sin go léir, leabhar haiku leis an mBulgáireach, Petar Tchouhov. Is dóigh liom gurb é seo an chéad leabhar dátheangach, Gaeilge-Bulgáiris, a cuireadh ar fáil sa tír seo. raibh spéis ag foilsitheoirí na Gaeilge ann, mar sin féinfhoilsiú leictreonach (leis an gcomhlacht Original Writing) an réiteach a bhí ar an scéal.

Taitníonn haiku Janak Sapkota liom, fear as Neipeal. An scéal céanna arís. Níl foilsitheoirí na Gaeilge róthógtha le haiku, is cosúil. Theastaigh uaim i gcás Sapkota go mbeadh Béarla agus Gaeilge sa leabhar. thaitníonn an nós sin le mórán foilsitheoirí Gaeilge ach an oiread, gur nós seanbhunaithe i measc Ghaeil na hAlban é. Cad a bhí le déanamh? Féinfhoilsiú, cad eile.

I gcás Tchouhov agus Sapkota, d’iarras ar an Dr. Ó hAodha agallamh a chur orthu agus na hagallaimh Bhéarla sin mar aguisíní leis na leabhair haiku sin. Is maith ann iad mar agallaimh. an-eolas iontu. Oscailt súile domsa ab ea an plé a bhí agam leis an mbeirt sin a bhfuil máistreacht bainte amach acu sa haiku. Murach deis an fhéinfhoilsithe a bheith agam, bheadh Tchouhov, Sapkota scata eile againn sa Ghaeilge.

Fiúntas le Foilsiú Fós

go leor saineolaithe ar an bhfilíocht den tuairim láidir go bhfuil an Duais Nobel ar son na Litríochta tuillte ag file as Kerala na hIndia, K. Satchidanandan. An Mhailéalaimis a theanga dhúchais. Labhraíonn os cionn 30 milliún duine an teanga sin, ach chuirfinn geall nár chuala 99% de dhaltaí scoile na tíre seo trácht uirthi mar theanga. An mbeadh an ceart agam?

Réitigh Satchi (mar a thugtar air) leaganacha Béarla dhánta dom agus ba mhór ar fad an phribhléid dom Gaeilge a chur orthu. Tugann sárléargas dúinn san agallamh leis sa leabhar Rogha Dánta air féin mar fhile agus mar dhuine.

Chun go mbeadh meas ceart againn ar ár dteanga féin, caithfimid léarscáil chultúrtha den domhan a bheith againn. (An eol do dhaoine, cuir i gcás, go bhfuil a dteanga féin acu in Goa agus go raibh na Portaingéalaigh ar a ndícheall á scriosadh? Beidh ag iarraidh caidreamh liteartha leis an dream sin a neartú amach anseo le cúnamh .)

Ar aon chuma, bhí an-áthas orm cóip rogha dánta i nGaeilge a bhronnadh ar an mórfhile K. Satchidanandan ag an bhféile filíochta Kritya, in Kerala, i mbliana.

Bhí úrscéal Béarla scríofa agam, úrscéal bleachtaireachta agus é suite i gCiarraí. My Head is Missing an teideal atá air. An scéal céanna arís, níor éirigh liom foilsitheoir a fháil na dreamanna a léirigh spéis ann, bheadh dhá bhliain ann sula mbeadh i gcló, adúradar. Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! an leabhar amuigh anois ( nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad .

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.