CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Iúl na Féiniúlachta

Insíonn fíon fírinne a deir an seanfhocal ilteangach, nath atá chomh fíor inniu is bhí riamh, óir léirímid tréithe sainiúla ár gcroí don saol mór nuair a bhíos an braon sa ghrágán againn. an focaltréith’ bunaithe ar natrí’ áirithe a shiúlas le duine. ( hionann bunús an fhocail Bhéarlatrait’ agustréide’ > ‘tréith’ na Gaeilge.)

Ba mhaith leis an Éireannach a cheapadh gur thréithe deasa a shamhlófaí leis thar lear, chuimhnítear ar an fhód iathghlas thar lear ar chor ar bith. Samhlaítear an tÉireannach le troid de réir an natha Bhéarla faoi nafighting Irish’, caithfear a admháil. Más garbh féin mar shlat tomhais é an t-idirlíon, an chuma air ansiúd go samhlaítear amhlaidh é, gur gnéÉireannach’ í an trodaíocht, bíodh sa chró gan aon mhiotóg.

B’fhéidir gur goilliúnaí an tréith eile a luaitear leis an Éireannach, is é sin, an mheisce. Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre. leis an Éireannach, an Gael amháin a shamhaítear an mheisce.

Caint Roy

Tuigfear do Roy Keane a mhíchéadfa oíche theip na hÉireann ach cuimhnímis gur thacaigh ina chaint chéanna le lucht tacaíochta na foirne chomh maith. Is féidir, le barr míchéadfa, neamart a dhéanamh agus ba cheart láiche an lucht tacaíochta a mholadh go hard nuair is tábhachtaí an tréith áirithe sin a lán eile a dhéanaimid sa saol. Déanfaimid ár ndícheall ach caillimis oineach gnaoi daoine. Chuaigh láiche na nGael, roimh an chluiche, lena linn agus ina dhiaidh, i gcionn go mór ar a lán lán daoine. Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean .

Is féidir le dea-iompar slua daoine an-tionchar agus leas thar na bearta a dhéanamh sa chruinne cheachartha bhrónach bhraonach seo. Bíonn, agus is cinnte go mbeidh feasta, an saol crua ar an duine i ngach cearn. Mura mbronnfaimid saibhreas, oiliúint (agus bronnaimid!), freagraí stuama ar mhórcheisteanna ár linne ( bhronnaimid!) ar dhreamanna eile daoine ar domhan, nach fiú, ar a laghad ar bith, iad a ardú ina meanmain le ceol, le foinn is le filíocht más féidir. Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo. Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, anchuileachta mar a deirid ó dheas. cailltear an tréith thar tréithe sin agus múintear do chách é. Duine ar bith a ghlacfas le tréith na gnaíúlachta, bronntar aitheantas an Éireannaigh air uirthi ar neamhcead do dhath, creideamh agus h/ionad ar dhromchla an domhain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.