AGALLAMH BEO
Edel Ní Chuireáin, Ceannaire Raidió na Gaeltachta
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Tá saibhreas Gaeltachta bailithe agus roinnte ar na haerthonnta ag Raidió na Gaeltachta le daichead bliain anuas. Bhuail Seosamh Mac Muirí le ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin le scéal an fhorais is gaelaí dár gcuid a chíoradh. Is iomaí duine i dtíortha thar lear a thugann cluas do Gharraí Pheter William ar an tsuíomh idirlín.

Íomhá
Edel Ní Chuireáin
Íomhá
Garraí Pheter William
Íomhá
Taobh thiar den ghloine, ar an stiúir i gCasla
Íomhá
Joe Steve lena bhean chéile Máirín, ag Gradaim an Oireachtais i mbliana
Íomhá
40 bliain ag roinnt an tsaibhris
Íomhá
Dónall Mac Ruairí & Rónán Mac Aodha Bhuí réitithe do chlár as na Doirí Beaga
Íomhá
Mattie Jó Shéamais ag Gradaim an Oireachtais i mbliana
Íomhá
Ciúnas seal taobh thiar den ghloine sna Doirí Beaga

SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Edel agus comhghairdeachas libh as an daichead bliain de shaibhreas a bhailigh sibh is a chraol sibh le linn an ama sin.

ENíCh: Go raibh maith agat a Sheosaimh.

SMM: An mbeadh sé fíor a rá gur seirbhís do na fíréin é Raidió na Gaeltachta agus nach bhfuil TG4 dírithe ar an lucht éisteacht/féachana céanna; go bhfuil sibhse dírithe ar mhuintir na fíor-Ghaeilge agus go bhfuil siadsan dírithe ar phobal níos fairsinge?

ENíCh: Is dóiche go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 dírithe ar lucht féachana agus lucht éisteachta na Gaeilge sa tír, ach dar ndóighe, is féidir le daoine ar beagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilg a bheith ag breathnú ar ghléas teilifíse. Tá fotheidil ann. Is féidir leat clár a leanstan agus is féidir leat cluichí peile agus cluichí rugbaí a choimhéad gan a bheith líofagan a bheith fíorchumasach sa teangaidh. Mar sin de, is dóiche go bhfuil TG4 in ann a bheith ag freastal ar réimse níos leithne lucht féachana. Ó thaobh an raidió de, ós rud é nach mbíonn fotheidil ann, caithfidh cumas áirithe teanga a bheith agat le héisteacht, le tuigbheail agus le sult a bhaint as craoladh an raidió.

Is dóichí gurb é an t-aon áit gur féidir linne freastal ar dhaoine nach bhfuil a gcumas Gaeilge thar mholadh beirte ná ó thaobh cúrsaí ceoil de. Mar is eol duit, bheadh lucht éisteachta mór de cheol traidisiúnta na tíre seo ins an tír seo agus ar fud na cruinne agus ní i measc na nGael amháin ar fud na cruinne ach i measc chuile chine. Tá daoine in ann a bheith ag éisteacht le cláracha ceoil. Ní gá dóibh a bheith líofa. Tuigeann siad. Cloisfidh siad an ceol agus b’fhéidir go dtuigeann siad ainmneacha na gceoltóirí agus ainmneacha na bhfonn. Agus tchímid sin go minic ó thaobh na ríomhphoist a thagann isteach chugainn, chuig na gcláracha ceoil traidisiúnta, go bhfuil daoine ó chuile chearn den tír agus den domhan ag éisteacht agus ag cur ceisteanna – i mBéarla! – “what was that piece of music you played at ten past eight last night?” “Who was that fiddler from south Sligo?” Rudaí mar sin. Tá an pobal éisteachta sin ann. Ach taobh amuigh de chúrsaí ceoil, táimid ag díriú ar dhaoine a bhfuil cumas measartha teanga acu le go mbeidh siad in ann an tseirbhís a thuigbheail agus sult a bhaint as.

An Taobh Tuathail

Tá lucht éisteacht eile ansin chomh maith ag an raidió ó thaobh an cheoil de agus tá siad scaipthe ar fud na tíre agus ar fud na cruinne agus níl focal Gaeilge acu, nó níl aon bhaint acu leis an tír seo, b’fhéidir, agus ’siad sin lucht leanúna An Taobh Tuathail, an clár ceol domhanda agus techno. Sin an ceol a chasann Cian Ó Cíobháin chuile oíche eadar a naoi agus a haon déag. Chuirfeadh sé iontas ort na teachtaireachtaí agus na léirmheasanna a dhéantar in irisí ar an chlár sin ar fud na cruinne, maidir leis an stíl cheoil a chasann sé. Déarfainn gurb é Cian an t-aon láithritheoir raidió in go leor tíortha atá ag déanamh an tseóirt sin chláir agus ag craoladh an chineáil sin cheoil.

SMM: Cad é an líon foirne a oibríonn do Raidió na Gaeltachta?

ENíCh: Tá thart ar cheithre scór go leith duine ag obair do Raidió na Gaeltachta ar fud na tíre. Tá a mbunús lonnaithe i gCasla. Tá foireann ag obair i mBaile na nGall, ó dheas i gCorca Dhuibhne. Thart ar dhoisíncúig chloigeann déag ansin. An rud céanna i nDoirí Beaga, Gaoth Dobhair, i dTír Chonaill agus tá foireann bheag againn, cúigear, i mBaile Átha Cliath chomh maith. Tá an chuid eile lonnaithe anseo i gCasla.

SMM: An dóigh leat go ndéanfar iarracht an dá sheirbhís Gaeilge/Gaeltachta, an teilifís agus Raidió na Gaeilge a chur faoin aon eagras stiúrtha amháin amach anseo?

ENíCh: Níl a fhios agam a Sheosaimh. Níl aon chaint faoi. Tá an Raidió mar pháirt den chraoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí RTÉ. Táimid ar chionn de na ceithre stáisiún raidió FM atá siad ag cur ar fáil do phobal na hÉireann. Táimid mar pháirt lárnach de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in RTÉ. Níor ardaíodh an cheist riamh go ndéanfaí cónascadh nó go dtiocfaimist le chéile nó aon rud mar sin. Ní sin le rá nach mbíonn muid ag comhoibriú lena chéile agus tchífidh tú láithreoirí de chuid Raidió na Gaeltachta go minic ag láithriú cláracha ar TG4. Bíonn Máirtín Tom Sheáinín, Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé agus go leor eile nach iad. Tá an comhoibriú mar sin ann agus tá an ceangal sin eadrainn agus is muid na meáin chraolta Ghaeilge sa tír seo, cuid díofa, agus oibrionn muid as lámha a chéile nuair is féidir.

Domhnach Broc

SMM: Mura ndéanfar an nascadh sin idir an dá sheirbhís, arbh fhearr libh a bheith scartha le Domhnach Broc, nó tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le Domhnach Broc?

ENíCh: Tá caidreamh agus teagmháil eadar Casla, Baile na nGall, Doirí Beaga agus Domhnach Broc i bhfad níos dlúithe anois ná mar a bhí. Bunaíodh aonaid ghnó in RTÉ, aonad gnó nuaíochta, aonad gnó teilifíse, aonad gnó poiblíochta agus aonad gnó raidió agus tá muidinne mar dhlúthpháirt den aonad ghnó sin. Is cuid lárnach muid de RTÉ mar sin, bheir siad tacaíocht dúinn. Íocann siad ar shon na seirbhíse, tríd an cheadúnas, ceadúnas an cháiníocóra, dar ndóighe, ach is páirt lárnach de RTÉ muid.

SMM: De réir Gaelscéal (30 Bealtaine), tá líon ollmhór éisteoirí thar lear agaibh ar an idirlíon, níos mó ná aon suíomh raidió eile in RTÉ. Is iontach an rud é sin. Is dócha gur sna tíortha Béarla an chuid is mó díofa sin. An bhfuil aon scagadh déanta ar an dream sin as tíortha thar lear?

ENíCh: Tá bunús na n-éisteoirí sin sa Bhreatain Mhóir, i Meiriceá agus san Astráil agus tá cuid mhór den trácht a thagann chugainn ón idirlíon as na tíortha sin. Is fíor gur muid an suíomh idirlín taobh istigh de bhratacha raidió RTÉ is mó trácht ó thar sáile. Is dóiche go dtuigfeá sin, ar bhealaí, go bhfuil an diaspora as baile ag iarraidh a bheith i dteagmháil lena mbaile féin, lena dtír féin, lena gcultúr féin, go bhfuil go leor acu gur de bhunadh na Gaeltachta iad agus go bhfuil rudaí cosúil le nuaíocht áitiúil agus irisí áitiúla fíorthábhachtach daofa, rudaí nach bhfuil fáil orthu in áit ar bith eile.

Idir Fhir is Mhná

SMM: Fir a bhíodh ag craoladh cláracha Raidió na Gaeltachta ag an tús, Maití Jó Shéamais agus iad eile. Tá na mná ag teacht chun cinn, rud atá go maith.

ENíCh: Bhíodh Maití Jó Shéamais, Seán Ó Tuairisc agus Maidhc P. Ó Conaola anseo i gCasla, Feardorcha Ó Colla agus Timlín Ó Cearnaigh i dTír Chonaill agus Mícheál Ó Sé agus Breandán Feirtéir ó dheas i gCorca Dhuibhne. Seachtar fear a thoisigh. Ní raibh an raidió an fhaid sin ar an aer nuair a tháinig Aingeal Ní Chonchúir isteach agus bhí sí ag craoladh i measc na bhfear. Rinne sí cuid mhór mhór oibre agus cuid mhór obair pháirce taobh amuigh ag taifeadadh i gConamara. Bhí Aingeal anseo, bhí Máirín Malone, bhí Bobbie Nic Dhonncha ag déanamh obair riaracháin. Bhí mná thart. Bhí Maria Ní Bhaoill sna Doirí Beaga. Maria an ball foirne is faide atá linn anois. An seachtar a thoisigh, tá siad uilig éirithe as agus tá siad i mbarr a sláinte, buíochas do Dhia. Is í Maria an ball is faide seirbhíse agus tá sí ag déanamh obair riaracháin i nDoirí Beaga ó bhí deireadh ’72, tús ’73. Tháinig na mná de réir a chéile. Is dóiche go bhfuil sé suntasach anois go bhfuil bean againn ina heagraí spóirt. Níl mórán ban ag plé le cúrsaí spóirt sna meáin sa tír seo. Tá Gearóidín Nic an Iomaire ina heagraí spóirt. Cibé faoi bheith ag plé le cúrsaí spóirt, níl mórán acu ag tráchtaireacht. Tá Gearóidín le fada i mbun tráchtaireachta agus i mbun cúrsaí spóirt dúinn.

An t-eagraí ceoil atá againn, is bean í, Neansaí Ní Choisteala, ceoltóir cumasach í féin. An t-eagraí polaitíochta atá againn i nDáil Éireann, is bean í Bernie Ní Chuinn, agus an ceannasaí nuaíochta anseo i gCasla, Áine Ní Dhíoraí, agus don chéad uair riamh, tá bean ina ceannaire chomh maith. Tá na mná ag teacht chun cinn de réir a chéile agus ag obair leo.

Daoine Cumasacha

SMM: An bhfuil siad ag athrú na gcláracha, ó thaobh ábhair?

ENíCh: Ní dóigh liom é. An dóigh a n-amharcaimse air, fear nó bean, is daoine muid uilig, daoine cumasacha, agus tá obair le déanamh agus déanaimid é. B’fhéidir go mbíonn dearcadh eile ag bean nach smaoineodh fear air; b’fhéidir gur seo bealach le scéal a léiriú agus go dtéann sé i dtairbhe na seirbhíse. B’fhéidir go bhfuil mé claonta á ráit sin mar bhean, ach go minic tchí mná taobh eile den scéal agus b’fhéidir go gcuimsíonn sé scéal níos fearr. Ach bhí cáineadh déanta, b’fhéidir dhá nó trí de bhlianta ó shin, faoina laghad ban a bhí ar raidió in Éirinn, ach sílim gur mháchail muid na figiúirí go raibh oiread ban ag craoladh [gáire]. Nuair a smaointíonn tú ar na craoltóirí ban fosta, ár bpríomhchlár irise, Barrscéalta, gurb í Áine Ní Chuireáin, nó Michelle Nic Grianna, atá ar chúl an mhicreafóin, Eibhlín Ní Chonghaile ar Iris Aniar agus Helen Ní Shé ag déanamh an-jab ar An Saol ó Dheas.

SMM: An bhfuil na ciorruithe ag goilliúint oraibh?

ENíCh: Tá, tá. Is am fíorchinniúnach atá ann faoi láthair sa tír seo, mar atá a fhios agat, agus ar fud an domhain le rudaí ag titim as a chéile, easpa airgid agus fadhbanna.

SMM: - An bhfuil dóigh thart air, go ndéanfadh dream daoine rudaí go deonach?

ENíCh: - Ní raidió deonach muid.

SMM: - Tuigim go rachadh sé in aghaidh an cheardchumannachais go mbeadh a leithéid ann, ach oibríonn sibh iontach leis an phobal, cloisim daoine isteach ón phobal ar na cláracha.

ENíCh: - Táimid iontach comhgharach don phobal. Is cuid den phobal muid agus is leis an phobal an raidió seo.Tá an-cheangal againn leis an phobal agus mothaíonn muid go dtuigimid mianta an phobail. Ach ó thaobh na gciorruithe de, tá airgead le sábháil ag RTÉ. Níl de rogha acu go reachtúil, ach nach ndéanfadh siad cailliúint ar an bhliain seo chugainn. Caithfear airgead a shábháil. Caithfear airgead a shábháil i Raidió na Gaeltachta agus an obair atá le déanamh againne i gcomhair leis an fhoireann ná an tsábháil sin a dhéanamh ar an bhealach nach gcuirfidh sé isteach oiread ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil.

An Caighdeán a Choinneáil

Cuirfidh sé isteach ar an tseirbhís – beidh orainn athruithe sa sceideal mar fágfaidh daoine an tseirbhís seo, tá mé cinnte agus ní thiocfaidh duine ar bith ina n-áit agus beidh orainn a bheith ag athrú an sceidil agus a bheith ag oibriú thart air, ach caithfimid sin a dhéanamh gan mórán dochair a dhéanamh do bhunluacha na seirbhíse agus a bheith i gcónaí ag smaointeamh ar an phobal éisteachta. Beidh sé cruaidh agus beidh sé pianmhar ar feadh .., tá mé cinnte ar feadh bliana eile, ach le cuidiú Dé tiocfaidh rath agus bláth arís.

Agus an rud is tábhachtaí le déanamh, ná le cinntiú go bhfuil an raidió in ann theacht as an ghéarchéim seo agus go mbeimid fós, láidir go leor le toiseacht ag tógáil aríst ag bunú agus ag forbairt agus ag déanamh dul chun cinn go dté muid ar ais go dtí an áit a raibh muid cúpla bliain ó shin sular thoisigh an ghéarchéim seo. ’Sé an rud is tábhachtaí nach ligfimid don raidió dul síos chomh fada is nach féidir linn tógáil air arís.

SMM: An bhfuil sibh sásta leis an mhéid éisteoirí a ghlac páirt sa tsuirbhé ar an tsuíomh idirlín go dtí seo.

ENíCh: Tá an suirbhé druidte anois. Táimid go díreach ag scagadh na bhfreagraí. Táimid réasúnta sásta leis na torthaí. Níl an scagadh iomlán déanta go fóill, ach ón mhéid atá feicthe agam, agus níl ann ach sracfhéachaint, tá sé fíor-fíordhearfach. Tá daoine fíor-fíorshásta leis an tseirbhís nuachta. B’fhéidir go ndéarfadh daoine, ‘tá an iomarca spóirt agaibh’, nó ‘bíonn an iomarca ceoil agaibh’, ‘bíonn an iomarca cainte agaibh’, tá a dtuairimí féin ag daoine, ach tríd is tríd, agus gan ach an tsracfhéachaint déanta go fóill, tá sé thar a bheith dearfach. Tá mé iontach sásta faoi sin. Bhí an suirbhé sin ar an tsuíomh idirlín. B’fhéidir gur seo daoine atá ag éisteacht leis an raidió ar aon nós, ach fuair siad deis tuairimí a thabhairt agus moltaí a dhéanamh. Tá go leor ráite acu faoin fhreastal a dhéanaimid ar mhuintir na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge; an bhfuil an meascán ceart ansin; tá go leor ceisteanna ardaithe, ach níl aon amhras ach go bhfuil pobal mór éisteachta amuigh ansin i saol na Gaeilge, daoine atá fíorbháúil leis an teangaidh agus leis an raidió agus tá súil agam go bhfuil siadsan in ann tairbhe a bhaint as ár gcláracha chomh maith.

Baile an Droichid

SMM: Dar liom, is é Baile an Droichid le Joe Steve an reacaireacht is treise Gaeilge ar domhan ar aon mheán raidió, físe nó leabhair ó ré Mháirtín Uí Chadhain anuas. Cé chuimhnigh ar Bhaile an Droichid a athchruthú is a chraoladh arís?

ENíCh: Tháinig scéala chugam anuraidh go raibh spéis ag Joe Steve cuairt a thabhairt ar Bhaile an Droichid arís. Dúirt sé nach raibh críoch ann nuair a chríochnaigh Baile an Droichid na blianta ó shin, go bhféadfaí scéal a leanstan agus gur theastaigh uaidh roinnt eagrán eile de Bhaile an Droichid a scríobh agus deireadh a chur leis, go mbeadh finale ann agus go mbeadh deireadh le Baile an Droichid. Anuraidh anois a chuala muid an scéala seo agus chuaigh mé chun cainte le Joe. Bhí cruinnithe againn leis agus bhí muid iontach sásta tabhairt faoi arís. Bhí go leor plé agus cur is cúiteamh siar is aniar. Go díreach rith sé liom ansin, gur dheas an rud é Baile an Droichid a thabhairt ar ais don cheiliúradh ceathracha bliain. Cuireamar siar é go dtí 2012 agus bhí beagán imní orm ag tús na bliana seo go mb’fhéidir nach dtarlódh sé mar gheall ar chúrsaí airgid ach tháinig muid thart air sin. Socraíodh ag an deireadh go scríobhfadh Joe 15 eagrán eile agus rinne sé sin. Thoisigh muid ag craoladh an chéad lá d’Aibreán, cothrom an lae go dtáinig Raidió na Gaeltachta ar an aer dhá scór bliain ó shin. Tháinig muid ar an aer an dara lá.

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé ag tarraingt go leor cainte i measc ár n-éisteoirí, go bhfuil siad ag baint an-an-sult as. Táimid thar a bheith buíoch, ní hamháin de Joe Steve, ach den chliar is den fhoireann léirithe agus den chomhlacht neamhspleách, Katcom atá á dhéanamh. Ní dóigh liom go bhfaca mé aon rud ar cuireadh oiread fáilte roimhe le fada fada an lá ar an raidió, agus an teanga, an chaint, an scríbhneoireacht, tá sé ar fheabhas ar fad. Tá máistir ina bhun, Joe Steve Ó Neachtain.

Saibhreas na Cartlainne

SMM: Bhí cláracha i bhfad siar ar nós Fios Farraige, Leagan Cainte, Cláracha an Oireachtais, Léachtaí Uí Chadhain, Léachtaí Chumann Merriman atá sa Chartlann anois. An bhfuil sibh féin i Raidió na Gaeltachta nó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le haon rud a dhéanamh leis an tsaibhreas seo?

ENíCh: Táimid ag comhoibriú le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le fada fada an lá anois. Tá ceangal eadar muid agus an tAcadamh ag gabháil siar go 1999. Tá cóip de Chartlann Raidió na Gaeltachta ag an Acadamh agus tá sé ar fáil don phobal ansin. Táimid fíor-fíorbhródúil as an tsaibhreas iontach sin agus as na daoine uilig, as na craoltóirí agus na léiritheoirí a rinne an taifeadadh, as an phobal a thug a gcuid eolais agus a gcuid ama go fial agus a chinntigh go bhfuil an saibhreas sin caomhnaithe go deo.

Bhí muid ag craoladh sraith An Chraobh ar an bhFál le tamall anuas mar chuid den chomóradh dhá scór bliain. Beimid ag craoladh Seoda ón Chartlann i gcaitheamh an tsamhraidh seo, mí Iúil agus mí Lúnasa, chuile lá ag leath i ndiaidh a haon go dtí a dó. Mícheál Ó hEidhin a cailleadh i mbliana, go ndéana an Rí a mhaith air, rinne sraith anseo sna seachtóidí, Is í do Mhaimeo, agus tá sin á athchraoladh faoi láthair mar chuid den chomóradh agus Mícheál Mac Giolla Easpaig i ndeisceart Thír Chonaill, thaifead sé go leor ceoil, agus daoine eile nach iad, that fá 1975-76. Beidh an saibhreas sin le cluinstean arís chuile thráthnóna Domhnaigh ag leath i ndiaidh a sé.

SMM: Tá sibh i nGaillimh le blianta anois, bail ó Dhia oraibh. An Gaillimhigh iad do chlann faoi am seoan Conallaigh iad?

ENíCh: Má chuireann tú an cheist ormsa an Gaillimheach nó an Conallach mé, is Conallach mise! [gáire] Táimid anseo le hocht mbliana agus chuaigh sé thart iontach gasta ar fad. Millteanach gasta. Níl a fhios agam cá dteachaigh an t-am. Mar gheall ar an aois a raibh siad ar theacht aduaidh, ina gcroí, is Conallaigh iad, ach tá dáimh mhór acu le Gaillimh chomh maith. Imríonn Cathal rugbaí le Galwegians agus imríonn Fionnuala camógaíocht agus peil do Bhóthar na Trá–Chnoc na Cathrach. Bíonn geansaithe na Gaillimhe á gcaitheamh acu, ach chonaic mé Fionnuala tráthnóna inné ag seisiún traenála agus geansaí Dhún na nGall uirthi.

SMM: Go raibh míle maith agat a Edel.

ENíCh: Go ndéanaí a mhaith duit.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.