CÚINNE NA nEALAÍON
KINOan Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Molann Pat Butler scannán as críocha na Rúise san alt seo. Aleksei Fedorchenko a cheap Silent Souls a chíoranntéagar nach feas dúinn i gcuimhne an chine ... cumhacht nach samhlaímid i dtiomantas an traidisiúin’.

Íomhá
An fógra do Silent Souls
Íomhá
'Silent Souls' Abhainn na Neya
Íomhá
'Silent Souls' An Droichead
Íomhá
'Silent Souls' Na Compánaigh

Silent Souls’le Aleksei Fedorchenko

Igor Sergeyev: Aist

Yuri Tsurilo: Miron

Yulia Aug: Tanya

Níl ann ach an Dhia sa dúthaigh seoan Grá agus an tUisce. Ar bhruacha na Neya a mhaireann fós sliocht sleachta threibh phágánach an Merja. Dream a bádh is a baisteadh laistigh de phobail uile na Rúise san ochtú céad déag. Is ar éigean iarsmaí beaga den chultúr is den teanga beo fós. Macallaí, sin an méid. Taibhsí. Tuiscintí fo-chomhfhiosacha. An rud a ritheann go domhain san fhuil is sa chnámh. Scannán samhlaíochtúil atá cumtha ag Fedorchenko.

Is stiúrthóir é a chreideann go bhfuil téagar nach feas dúinn i gcuimhne an chinego bhfuil cumhacht nach samhlaímid i dtiomantas an traidisiúin. Is minic a leantar deasghnátha leathdhearmadta an chine, fiú munar léir a mbrí dúinn, a bhfeidhm orainn inniu. Tóg, mar shampla, meitheal na muintire ag déanamh uaighe i gConamara. Cad cearr le mini-JCB reiligí Bhleá Cliath? Faic. Ach sin bealach na ndaoine. Mar an gcéanna le searmanais agus le prótacail den uile shórtCoróiniú Banríona, Insealbhú Uachtaráin, Maisiú Brídeoige, Cóiriú Coirp.

Duine go Teanga

Cuimhne, tiomantas, traidisiún, deasghnátha an bháis is na bainise, iarsmaí de sheanchleachtaisí na treibhe réamhthionsclaíoch págánta. Mianach an ghrá, an gaol (agus an tost) idir bheirt fhear ar an mbóthar le chéile - na mórcheisteanna ionannais sinne?, ‘cad as dúinn?, ‘ bhfuil ár dtriall?, agus, mar gur Rúiseach é, , um baist, an t-uaigneas. Uaigneas scartha an bháis. An t-uaigneas meitifisiciúil freisin. Is ábhar iontais agus fiosraithe do Fedorchenko na téamaí seo uile i Silent Souls’.

Suite i dtírdhreach iarthionsclaíoch in Aontas na Sóibhéide, cumha i ndiaidh an ama atá caite ann (ar eagla go gcaillfear nósra, traidisiúin agus teanga an chine) níl smut den maoithneas i gceist. Is tábhachtaí don duine an miotas an t-ábharachas, agus sláinte an duine go slánú an chine. Thuigfeadh Gaeil, gur ann dóibh, agus an Merja, más fós ann dóibh, scannán Fedorchenko. duine ( tír) go teanga - agus nósra agus traidisiúin agus cuimhne agus araile.

Aist, tráchtaire an scannáin, ina ghriangrafadóir tionsclaíoch i monarcha páipéir in Iarthar-Láir na Rúise. Faigheann Tanya, bean chéile óg bhainisteoir na monarchan bás. Is buanchairde iad an bheirt fhear, agus d’fhonn traidisiún an Merja a shásamh iompraíonn an bheirt acu corp na mná chéile leo ar thuras fada bóthar go dtí bruach an Neyaabhainn naofa an Merjadon áit inar chaith Miron agus Tanya na meala le chéile. adhlacadh Críostaí atá i ndán di ann ar bhruach na habhann ach tórramh de réir deasghnátha seanda na treibhe. Tugann Aish dhá éan in éanadán mar chuideachta acu sa ghluaisteán. Is meafar iad na héiníní beaga don staid dhaonna, sinn uile ghlas ag bhréag mhór a cheansaíonn muidpolaitíochta creidimh. Beidh ról mí-adhmharach ag an bhuíóg sin sa denoeument in eireaball an aicsin.

Longadán Báis is Beatha

Is iomaí moitif eile a shníomhtar tríd an mhíoruilt seo de scannán. Níl cur amach cruinn ag éinne ar an Merja. Fedorchenko mar sin in ann traidisiúin a chumadh dóibh, de réir mar a oireann don scannán. Sara n-iompraíonn an bheirt fhear corp nocht na mná chéile i bpluid sa ghluaisteán leo, tarlaíonn mír mhíorúilteach eatarthu: cóiríonn an bheirt acu an corp go mín cairéiseach. Scuabtar an ghruaig le cineáltas an leannáin. Nítear an corp. grá níos iomláine seo i bhfairsinge an cineama fhaca fós é. Agus, arís de réir traidisiún an Merja (fíric, ficsean, bhfios?) maisítear caithir an chorpáin sa dóigh ina n-ullmhaíodh na cailíní coimhdeachta an bhrídeog don mbainis sa chultúr céanna fadó. Sníomhtar téadaí daite trína clúmhd’aimsíodh an fear nuaphósta oíche na bainise iadsan, de réir traidisiúin, agus chrochtaí amach an dár gcionn ar chraobh fearnóige iad. An válsa marfach - beatha agus bás i mbaclainn a chéile.

Cleachtann an Merja nós neamhghnách eile, de réir ghnáis, le linn an aistir shochraide. Briseann oscailteacht neamhghnách amach idir na compánaigh. Neosann an bhaintreach fir cleachtais chollaíochta a mhnaoi chéile. Agus más eagal le héinne go bhfuil smut den ngáirsiúlacht anseo, a bheith buartha. Ealaíontóir is ea Fedorchenko atá in ann an t-anam glan neamhurchóideach págánta a shamhlú. Fiú más miotas é an t-anam céanna.

Iomann adhartha is eaSilent Souls’ do Mhnáibh. Don nGrá. Don gCuimhne. Don Miotas tarraingteach a shamhlaíonn Shoineanta Fhada Siar. Miotas Gháirdín Phárthais. Miotas na Réamhthionsclaíochta. rogha fairsing eile agus miotas le roghnú, de réir mar a oireann sin duit féin na hEaglaise Ceartchreideamhaí, na Sár, na gCumannach.

Gan trácht ar Shoineanta Neamhurchóideach na nGael, bhí a leithéid ann riamh. ’Sí an Neya an bandia abhann, tobar an chomhfheasa, ribín na cuimhne, sruth glanta anam an phobail. Alpha is Omega an Merja - bun agus barr scannán Fedorchenko. Filleann gach n-aon ar an abhainn i ndeireadh thiar thall.

Níl ann ach an Dhia sa dúthaigh seoan Grá agus an tUisce.
Dhéanfadh sin domhsa. Ar m’anam chaillfinn an ceann seo. (Féach an dara nasc.)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.