CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Níl Aon Néal ar Spotify
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tá Pandora, Grooveshark agus iTunes scoite go maith ag Spotify, seirbhís ardchaighdeáin atá molta go mór san alt seo ag Roseanne Smith.

Íomhá
An Dá Mhoncaí Dhéag
(Presentation © 1995, Universal Pictures)
Íomhá
Daniel Ek ag caint
(le Jon Åslund ar Flickr)
Íomhá
Ceannáras Spotify (le Erik Stattin ar Vicipéid)
Íomhá
Meirge Spotify
(Vicipéid)

Ceann de na haisteoirí is ansa liom ná Bruce Willis. IMDB Ní hé go gceapaim gur aisteoir den chead scoth é, ach tá páirteanna glactha aige i roinnt de na scannáin is ansa liom. Is mór agam, mar is eol daoibh, an ficsean eolaíochta ach is breá liom scánnáin aicsean leis, go háirithe sa phictiúrlann ar an scáileán mór. Ar an drochuair, níl an saothar is déanaí ó Bruce, Loopers, feicthe agam mar is fíor an rud a dúirt cara liom roimh theacht ár gcéad linbh: ní bhíonn fonn orm costas feighlí a chaitheamh ar oíche sa phictiúrlann!

Nuair a chuala mé, mar sin, cúpla mí ó shin go raibh sé beartaithe ag Willis caingean dlí a thabhairt i gcoinne Apple faoi úinéireacht a bhailiúcháin ollmhór ceoil leo, bhioraigh mo dhá chluais. Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir!

De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo. Mar sin ní féidir bailiúcháin cheoil is ar uile a fhágáil mar chuid ded uacht, cé gur íoc tú as, ní hamháin le hairgead, ach le cúram go dtí sin. Is ceadúnas atá agat ó Apple, de réir mo thuisceana, a mhaireann ar feadh do shaoil.

Más Dona Apple, is Measa Spotify

Cá bhfios dúinn, b’fhéidir gur gineadh an scéal i bhfocal fánach ó Willis faoi na difríochtaí idir ceirníní agus tomhaltas ceoil comhaimseartha, ach má tá fadhb ag Willis lena leithéid beidh sé trína chéile faoi Spotify. Seoladh an tseirbhís seo go ciúin in Éirinn ag deireadh 2012 agus thit mé i ngrá le teicneolaíocht arís eile. Is mór agam an tseirbhís seo a ligeann don úsáideoir éisteacht le beagnach aon stéibh ceoil a taifeadadh riamh. Táim ag éisteacht leis an bpíosa Lammermuir le Phamie Gow, cruitire óg ar bhuail mé léi ar Turas na bhFilí, ach nár chuala mé le blianta. Go dtí seo an t-aon phíosa ceoil nár éirigh liom teacht air“Santa’s coming to town” le Bruce Springsteen. De réir an CMT (Ceisteanne minic a thig) tá neart ceoil nach bhfuil ar fáil uathu, toisc nach bhfuil ceadúnas faighte acu don cheol sin. Níl na Beatles le fáil ná Zeppelin ná Pink Floyd. De réir blagadóir amháin “they want you to pirate them” (tá liosta aige díobh siúd nach bhfuil ar fáil sa Bhreatain Pansentient

Tá an tseirbhís ar fáil saor in aisce ar do ríomhaire ach bíonn fógraí ag gabháil leis an rogha seo. Má íocann tú €4.99 in aghaidh na míosa gheobhaidh tú an tseirbhís céanna gan fógraí; €9.99 an tseirbhís céanna gan fógraí ar an uirlis is mian leat in aon áit. Luaim é seo ar fad mar níl sé ró-éasca teacht ar an eolas seo. Tiocfaidh tú orm ag 1155810706 ar do bhrabhsálaí nó 1155810706 i Spotify Desktop. Is gráin liom nach féidir liom feidhm a bhaint as ceann de mo ghnáthainmneacha úsáideora ann. Feicfidh sibh gurb iad Annie agus ceol as James Bond is mó atá cloiste agam: sin an t-ábhar is mó spéis ag na gasúir faoi láthair!

Faoi láthair tá 20% dá 3 milliún úsáideoir sna Stáit Aontaithe ag íoc as an tseirbhís. Bhí am ann agus bhí srian ar an líon uaireanta a bhí cead ag úsáideoirí gan síntiús amhrán ar leith a sheinnt ach fuaireadar réidh leis an gcoinníoll sin. De réir an méid atá léite agam Digital Music News, tá 83.5% d’ioncam reatha Spotify ag teacht ó na síntiúsóirí. Tá mise féin mar sin ag íoc as an tseirbhís dóibh siúd nach bhfuil sásta íoc as. An rud is amaidí faoi seo ar ndóigh, is iad mo leitheidse, iad siúd lena ndóthain airgid/ spéise/ moráltachta cultúir is mó spéis do na fogróirí! Ach mar a thuigimse freisin é, íocann Spotify trí oiread d’úinéireacht chearta an cheoil nuair a éisteann úsáideoir Premium leis, thar mar a íocann siad as éisteacht an ghnáthúsáideora. Bígí ag súil le éisiúintí eisiacha d’úsáideoirí Premium amháin!

Caighdeán Ard Spotify

Cé go bhfuil neart atá amhrasach (féach Digital Music News mar shampla) faoi Spotify agus faoi sheirbhísí eile cosúil leis (Pandora, Grooveshark, fiú iTunes) tá cúpla rud cliste déanta ag Spotify a chuireann chun tosaigh é.

Rugadh sa néal é agus mar sin atá algartam cruthaithe aige a ligeann dó sruth d’ardchaighdeán a chur ar fáil dá chuid úsáideoirí. Cé nach féidir leo coinneáil suas go fóill leis an 10,000 rian nua atá ag gabháil ar an tseirbhís chuile lá, agus níl mar sin ach aon trian de na rianta ar fáil ar ardchaighdeán d’úsáideoirí Premium go fóill. Caithfidh mé a rá gurb é seo an ghné den tseirbhís seo a chuir an t-ionadh is mó orm: chomh ard is atá caighdeán na fuaime agus an cheoil á shruthú thar an idirlíon.

Chomh maith leis sin, tá a API curtha ar fáil ag Spotify a ligeann do fhorbróirí feidhmchláiríní a chruthú don ardán seo. Go dtí seo, tá Last.fm, Moodagent, Musixmatch agus ReebokFitlist insealbhaithe agam ar mo Spotify Desktop a ligeann dom aithne a chur ar cheol ar bhealaí éagsúla. Tá bannaí agus ceoltóirí ag seoladh feidhmchláiríní freisin a ligfidh d’úsáideoirí breis eolais agus íomhánna a fháil. Más spéis leat triail a bhaint as feidhmchláirín a chruthú, cheap mé gur scríobh an blagadóir seo treoir chuimsitheach gur fiú a roinnt le daoine, seo agat: Music Machinery

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.