CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Minecraft agus Imní Tuismitheora
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Roseanne Smith ar nós tuismitheoirí go leor eile, ag faire amach go géar clann tharla dúil acu i gcluichí idirlín.

Íomhá
Cruthaithe
Íomhá
Agat féin
Íomhá
De do dhéantús féin
Íomhá
Do dhearadh féin

Thugamar cuairt ar an deartháir is sine liom faoi Nollaig. beirt chailíní aige agus le linn na cuairte thaispeáin siad Minecraft, cluiche ar an iPad nua s’acu, don bheirt gasúir is sine linne. Ó shin i leith na buachaillí s’againne go huile is go hiomlán gafa leis. D’insealbhaigh m’fhear chéile an leagan in aisce ar an iPad s’aige, ag ceapadh nach mairfeadh an leannán seo acu.

Thug m’fhear chéile a iPad leis ar turas coicíse agus go ceann trí d’ímpigh siad is d’impigh siad orm Minecraft a insealbhú ar an iPad s’agamsa. Dhiúltaigh . Thairg an duine is sine a chuid airgid féin chun íoc as: dar leis, thuill an t-airgead timpeall an agus is faoi féin conas a chaitheann é. Sa deireadh tháinig muid ar réiteach agus fuair an leagan nua de Lego Harry Potter. dífríocht amháin idir Minecraft agus Lego Harry Potter a thuigfidh aon tuismitheoir eile lecrafters sa teach: críoch le Lego Harry Potter; leanfaidh Minecraft go deo.

Ach nach ionann cluiche amháin leictreonach agus ceann eile? Is ea, go pointe áirithe, ach difríochtaí móra idir gnáthchluichí agus Minecraft agus ormsa amháin atá imní faoin mbealach a imríonn na gasúir an cluiche seo. ach cuardach a dhéanamh ar Google ar nóskids playing too much minecraftagus tiocfaidh ar neart cláracha plé agus blagmhíreanna ag tuismitheoirí imníoch ag lorg freagra ar an gceist.

Seoladh Minecraft don PC déanach i 2011 agus bronnadh duaiseanna láithreach air: “best downloadable game”, “best indie game”, srl. Tugtar cluiche bosca gainimh domhan oscailte ar a leitheid de cluiche. Seard atá i gceist leis seo nach bhfuil scéal ar leith i gceist leis an gcluiche: fágtar faoin imreoir taiscéal a dhéanamh sa domhan iad féin.

Féin atá ar an Maide Eolais

De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn seo nach bhfuil ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht. Mar sin is féidir a leithéid de chluichí a sheoladh go sciobtha de ghnáth freisin. Míbhuntáiste, ar ndóigh, is ea go bhfuil leis na rialacha ó nach bhfuil dodhéanta gach uile féidearacht insinte a shamhlú ar an gcéad dul síos agus a chruthú. In alt i 2005 ( fhios agam - ársa go maith!) scríobh forbróir cluiche amháin, David Braben, go bhfuil ardchaighdeán léiriúcháin sroichte: samhail an tsaoil réadúil cruthaithe achThe Holy Grail we are looking for in fifth generation gaming is the ability to have freedom, and to have truly open ended stories.” http://news.bbc.co.uk/2/hi/technology/4553620.stm

An rud is aistí faoi Minecraft ansin go bhfuil na graificí bunúsach. An-bhunúsach. siad blocach, an pailéad srianta go maith ach is cuma don imreoir mar shocraíonn ar teaichín deich n-urlár le díon tuí a chruthú, thig leis. Níl srian ar bith leis an tsamhlaíocht ann. Sin an rud a tharraingíonn ar ais arís is arís eile iad. Sin an fáth go bhfuil an-spéis ag oideachasóirí sa chluiche seo.

Inár dteach neart uirlísí aibhléise idir uirlísí iOS agus ríomhairí. Wii agus PSP againn agus d’éirígh leis na gasúir am a chur isteach ag imirt cluiche ar an meaisín DVD fiú! B’fhearr i bhfad leo suí siar le cluiche in ionad clár teilifíse agus go dtí seo níos spéis acu i gcluichí ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu sprioc ar leith in ionad cluichíshoot-em-up”. Is é am ríomhaireachta an duais is fearr is féidir thabhairt dóibh agus tuilleann siad dearbháin timpeall an gur féidir leo trádáil ar son 15 nóiméad anseo is ansiúd.

Sách Buartha

Sa dara áit don duine is sine leitheoireacht agus dhearthair, teilifís mar chaitheamh aimsire. Nil mórán speise ag ceachtar acu i spórt, idir rannpháirteacht féachaint air. Mar sin, cosúil le híomhá choitinn na máthar, táim buartha go bhfuil siad ag foghlaim drochnósanna a mbeidh tionchar acu ar a sláinte anois agus amach anseo. Scríobh cheana (féach an nascis fearr an tsláinte’) faoin mbealach ina bhfuil cruthaitheoirí teicneolaíochtaí sláinte ag iarraidhgamificationa shníomh tríd a gcuid earraí agus léigh alt amháin (http://edition.cnn.com/2011/10/14/health/video-gamers-bodybuilders-fitocracy/index.html) a leagann síos gurb iad na tréithe aigneolaíochta céanna a chruthaíonn cluichirí dírithe is a chruthaíonngym ratsdírithe. Nílim róchinnte ach feicim tréith na hiomaíochta sna gasúir. Le Minecraft feicim gur féidir leo díriú isteach ar thionscnamh agus fanacht leis go dtí go mbeidh curtha i gcrích acu. Caithfidh na himreoirí na hábhair thart timpeall orthu a úsáid chun an timpeallacht a mhúnlú. dhá modh imeartha sa chluiche: cruthaitheacht modh an mharthanais. Ligeann an chéad cheann don imreoir leanúint leis an tógáil gan tionchar ó ocras, caitheamh an lae ó ionsaitheoirí cosúil le ainmhithe, damháin alla zombies. Sa mhodh marthanais, caithfidh an t-imreoir gabhail i ngleic leis seo go léir chun teacht slán. Is féidir leo imirt leo féin is féidir imirt thar an idirlíon le cairde agus stráinséirí.

STRÁINSÉIRÍ?? Coimthígh!

Bíonn tuismitheoirí buartha go minic faoi choimhthigh ar líne agus ar ndóigh cabhraíonn a leithéid de scéal isMan jailed for having sex with 13 year oldhttp://www.irishtimes.com/news/crime-and-law/man-jailed-for-having-sex-with-a-13-year-old-girl-1.1322193 ina bhfuil an suíomh Bebo lárnach. Mar thuismitheoir briseann an scéal seo mo chroí. Is léir go dtuigeann cruthaitheoirí Minecraft deacrachtaí tuismitheoirí le hoscailteacht córas ar líne. Tuigeann siad an eagla. Ach is creatúir sóisialta muid agus giorraíonn beirt bóthair go háirithe nuair ortsa atá an fhreagracht an bóthar sin a thógáil cloch mhéarach i ndiaidh na cloiche méaraí. modh sa chluiche mar sin gur féidir leat freastálaí priobháideach a shocrú agus na sonraí a roinnt le do chairde amháin. An buntáiste is atá leis seo gur le cuireadh amháin a ligeann imreoirí teacht isteach; an míbhuntáiste is faoin tuismitheoir, de ghnáth, an freastalaí a riaradh. Deis iontach foghlamtha, nach ea?!

D’fhógair Mojang, cruthaitheoirí Minecraft, le déanaí go mbeidh siad ag cur seirbhís freastalaí príobháideacha ar fáil, Minecraft Realms, ar costas $10 - $15 in aghaidh na míosa. Go dtí seo níl mórán spéise ag an mbeirt s’againne imirt lena gcairde agus faoin am a mbeidh, b’fhéidir go mbeidh riarachán freastálaí ar mo thoil agam...!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.