CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Sásanna na Sláinte
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Níl Roseanne Smith ag iarraidh ort aon ní a phléascadh nuair a bheas tú amuigh ar sodar tráthnóna, ach coimhéad d’intinn nuair a amharcfas tú ar shuíomh idirlín thall is abhus.

Íomhá
Folláine Peggy Bacon 1937
le Leabharlann an Stáit, NSW ar Flickr.com
Íomhá
Leas an chroí agus na hintinne
le Ceiling ar Flickr.com
Íomhá
Rás carbaid
Iarsmalann na Nua-Shéalainne ar Flick.com
Íomhá
Slí na Sláinte

Táim i mo shuí sa chistin agus tá an bháisteach ag síorthitim amuigh. N’fheadar an é seo an t-am is fearr chun scríobh faoi theicneolaíocht a chabhróidh leat aire a thabhairt dod’ shláinte? Níl uaim ach tine mhór the theolaí, an dá shlipéar agus m’fhallaing sheomra. Bhraithim ciontach faoin alt seo a scríobh go háirithe ó nár rith mé féin ar maidin le drochaimsir. Ach coicís ó shin bhí mé an-mhórálach asam féin ó chríochnaigh mé clár ‘Couch to 10K’. Seo clár 13 seachtain ina ritear trí uaire in aghaidh na seachtaine. Siúlfaidh tú ag an tús le giotaí reatha anois is arís ach ag an deireadh san iomlán tá tú in ann rith gan stró ar feadh 10 ciliméadar. Bhí traenálaí agam i mo phóca i rith an chláir ar fad: feidhmchláirín beag, Couch to 10K

Ach in am scríofa an ailt seo, tá an aimsir go hainnis agus is deacair brú a chur ort féin aon ní a dhéanamh nuair mar sin atá sé. Ach, mar a deirim go minic, níor chóir dúinn in Éirinn go háirithe aon ní a chur ar ceal mar gheall ar chúpla braon báistí. Caithfimid coinneáil orainn!

Sin ceann de na tréithe is tábhachtaí faoi réim shláinte nó bhia: leanúint leat - is féidir le teicneolaíocht cabhrú go mór linn é sin a dhéanamh. Má choinníonn tú taifead den obair atá curtha isteach agat freisin, is spreagadh mór an méid sin ar laethanta dona dorcha dhúluachair na bliana. Is féidir breathnú siar ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Más féidir do chuid éachtaí a roinnt le daoine eile atá den tuairim chéanna. Beidh tacaíocht agat freisin. Más féidir leat léargas a fháil ar imeachtaí lúthchleasa do chairde féin nó daoine a bhfuil meas agat orthu, gríosófar thú chun iarracht a dhéanamh tú féin.

Beartas Sláinte

Mar sin, lena n-áireamh, is iad beartas, taifead, spreagadh agus tacaíocht na ceithre rudaí is mó cabhair nuair atá tú ag tabhairt faoi réim shláinte. Féach nodanna eile ar shuíomh iontach an rialtais Get Ireland Active - tá neart ann chun thú a ghríosadh ó eolas agus firicí faoi shláinte go cluichí liathróide is rannta. Is fiú go mór roinnt ama a chaitheamh ar an suíomh seo.

“Ach Roseanne,” cloisim uaibh, “is colún teicneolaíochta seo, ní slí maireachtála! B’fhéidir gurb ionann an dá rud duitse ach bhí mise ag súil leis an alt sin faoi iOS5 nár scríobh tú go fóill!” Ach, a chairde, tá neart suíomhanna is feidhmchláiríní iOS is Android ann a chabhródh leat beartas agus taifead a dhéanamh agus spreagadh is tacaíocht a fháil nuair a bheas tú ag tabhairt faoi rún sláinte. B’fhéidir go mb’fhearr i bhfad an t-alt seo a scríobh do Bheo mhí Eanair nuair atá dea-mhianta na hathbhliana snasta úr ar bharr d’intinne. Ach dar liom, tá tú i bhfad níos fearr tabhairt faoi dhea-mhian ag am a oireann duit in ionad am nuair atá brú seachtrach ort é a dhéanamh.

Seo mo rogha de fheidmhcláiríní idirlín is gutháin a chabhródh go mór le duine atá ag tabhairt faoi.

Couch to 10K

Seo an ceann ar bhain mise feidhm as, ón tolg i leith. D’éirigh liom meachan a chailleadh lena chabhair agus, ar a laghad, tomhas ghúna amháin. Thaitin sé go mór liom mar lig sé dom taifead a choinneáil, chabhraigh sé liom mo dhul chun cinn a fhorbairt de réir a chéile agus má bhí fonn orm, lig an feidhmchláirín seo dom mo dhul chun cinn a roinnt le mo chairde ar Twitter agus ar Facebook. Fuair mé an-chuid tacaíochta ó mo chairde dá bharr. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar d’iPod le linn a bheith ag rith. Le fáil mar fheidhchláirín iOS.

Runkeeper.com

Seo an suíomh atá agam anois, tharla an Couch 10K críochnaithe agam. Anois tá an nós agam, ligfidh seo dom taifead a choimeád. Tá suíomh ann, www.runkeeper.com, a ligeann duit taifead a choinneáil ded’ chuid cleachtadh lúthchleasa, bealach a leagan amach roimh ré, foireann sráide a chruthú agus ranganna áitiúla a aimsiú. Chomh maith leis an suíomh iontach, is féidir RunKeeper a chur ar uirlísí iOS, Android, Windows 7 agus le déanaí Symbian (e.g. Nokia). Ar iOS is féidir éisteacht le ceol ar an iPod le linn do chleachtadh aclaíochta (seachas snámh...!)

Nike Training Club

Seo ceann do na mná amháin. Is sás é ó Nike ar ndóigh atá lán le gnáthaimh aclaíochta idir 15 agus 45 nóiméad. Tá físeanna le gach gnáthamh a thugann treoir duit conas gach cuid den ghnáthamh a dhéanamh. Tá treoir ann freisin faoi na huirlisí a bheidh de dhíth (liathróid leighis, mata, meacháin, tromáin lúith srl.). Tá trí léibhéal difriúla ann do thosaitheoirí, idirmheánach is don ard-lúthchleasaí. Is féidir éisteacht le do cheol féin ar an iPod le linn an bhabhta traenála agus is féidir do dhul chun cinn a roinnt ar Facebook agus má tá ballraíocht agat ar Nike.com/NikeWomen, is féidir é a roinnt ansin. Má bhíonn ballraíocht agat ann freisin, gheobhaidh tú gnáthaimh bhreise mar dhuais. Thaitníonn an feidhmchláirín seo go mór liom: tá cuma an-dheas air agus tá na gnáthaimh crua, an-chrua! An t-aon míbhuntáiste ná nach bhfuil an feidhmchláirín seo ar fáil ach don iOS.

Chomh maith leis na feidhmchláiríní seo ar mo ghuthán, tá ceann a ligeann duit do ráta chroí a thaifead, tá feidhmchláirín eile Nike a d’fhéadfadh comhrá a dhéanamh le mo bhróga (tá slis sa sáile s’acu) agus ceann darbh ainm de MoodAgent a ligeann dom líostaí ceoil a chruthú bunaithe ar an bhfonn a bheadh orm féin. Tá feidhmchláiríní ann freisin a déanann cluiche de thraenáil FitocracyZombies Run Má tá tuilleadh uait féach an liosta ar Greatist

Má cheapann tú go bhfuil sé dochreidte go mbeadh do bhróga in ann teachtaireachtaí a chur chuig do ghuthán, nó chuig bunachar éigin sa néal, breathnaigh ar Withings. Pleascfaidh d’intinn!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.