Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #144 · AIBREÁN 2013
Íomhá
AGALLAMH BEO
Robert McMillen

Ní fios an obair éachtach atá ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste. Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Ba ar mhaithe le hearnáil na cógaisíochta seachas cearta phobal na Gaeilge a mhol an Roinn Sláinte go n-athrófaí Treoir Eorpach dar le Breandán Delap.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Tá dhá leagan den lánúnas imithe chun caingne i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Míníonn Brian Ó Broin go gciallaíonn an easpa aitheantais d’aicme amháin go ndéantar leithcheal, go bunúsach, ar an bpobal aerach.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith ar nós tuismitheoirí go leor eile, ag faire amach go géar dá clann tharla dúil acu i gcluichí idirlín.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Diarmuid Johnson

Tá tochas ardáin ag teacht ar Dhiarmuid Johnson tharla gur bhuail fear siúlach rac-cheol isteach san oifig aige lá amháin agus cén fáth nach siúlfadh sé uaidhas seo don tír anonn.’

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Alan Desmond

Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Bíonn a místuaim féin ag baint le háiseanna iontacha ár linne dar le Tony Birtill, agus tá an ceamara cinn san áireamh sin dar leis.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bearnaí Ó Doibhlin

Ní in Éirinn amháin a bhíonn pobal na tíre in aghaidh a bpríomhchathair, mar is eol do Bhearnaí Ó Doibhlin go rómhaith, tharla go bhfuil sé ag cur faoi i gCanberra na hAstráile le blianta.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Daragh Ó Tuama

Más mian leat BMW a cheannach ar athláimh, agus a bheith i do Bhímear, cuideoidh an chomhairle a bhreac Daragh Ó Tuama san alt seo leat.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
AnneMarie Flanagan

athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Pat Butler

Deir Pat Butler go mbíonn fiúntas le brath sna scannáin arís i ndiaidh airc na Nollag nuair a plúchadh na scáileáin le truflais orainn.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
John Paul McCarthy

Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin, fírinne ár scéil a aithint agus ár n-aghaidh a dhíriú ar na ceisteanna is tábhachtaí i ndáiríre dúinn.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Mícheál Ó hAodha

Chuir Mícheál Ó hAodha suim i leabhar, Pauper Limerick, a léirigh scéal daoine nach bhfaca mórán sa saol ach cruatain agus drochíde.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Clodagh Garry

Tá Clodagh Garry den bharúil go bhfuil rud áirithe as alt le cur chuige na hÉireann nuair a eagraíonn siad imeacht mór idirnáisiúnta ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Eoin Keane

Deir Eoine Keane go bhfuil muintir dúchais Cheanada ag corraí is ag labhairt os ard, agus teastaíonn uathu go gcloisfear iad.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Donncha Ó hÉallaithe

Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Síleann Balor nach bhfuil na bainc ag imirt na córach leis an phobal, ach bíonn barúil sách aisteach aigesean ó am go chéile ar aon nós.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, ar neamhcead don taobh den teorainn a mbeidh tú.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.