AR NA SAOLTA SEO
Treise Linn!
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin, fírinne ár scéil a aithint agus ár n-aghaidh a dhíriú ar na ceisteanna is tábhachtaí i ndáiríre dúinn.

Íomhá
Todhchaí na gcathracha
Íomhá
Lucht graí & b'fhéidir tráth, lucht gustail
Íomhá
Faoin tuaith, Cuan Snámh Aighneach, & an Dún
Íomhá
Fadhbanna cathrach, BÁC i mbliana
Íomhá
An sean & an nua, mainistir Ros Branduibh & scairdeitleán ár linne féin
Íomhá
Saol na tuaithe

Sa dráma teilifíse Meiriceánach, The Sopranos, deir inimirceach Rúiseach gach rud agaibh, mar Mheiriceánaigh, ach bíonn gruaim agus míshásamh oraibh i gcónaí”. Ar bhealach muintir na dtíortha saibhre uilig mar i gcéanna féidir sinn a shásamh.

iontas ar bith é go bhfuil gruaim ar mhuintir na tíre seo san am i láthair, chaitheamar deich mbliana ar bharr na gaoithe. An borradh a bhuail faoin tír seo le linn aimsir bhorrtha an Tíogair, bheidh a leithéid arís ann. Bhí an t-airgead flúirseach, bhí rath ar na daoine, bhí an tír ag preabadh chun cinn. Don chéad uair ó bunaíodh an stát, bhí le tuiscint nár theip ar an Éireannach náisiún breá rathúil a chruthú. Bhí muinín ag an phobal astú féin: bhíomar chomh maith le tír ar bith eile ar domhain.

Go tobann phléasc an tsúilín. Fágadh ag streachailt sinn arís. Tháinig titim shuntasach ar chaighdeán maireachtála na ndaoine. go leor daoine gan obair, daoine ag coimhlint faoina gcuid tithe a choinneáil, agus na mílte ag imeacht as an tír.

féidir a go bhfuil daoine ag gearán agus fearg orthu, le lucht riartha na tíre, nach bhfuil an ceart acu. Ach sílim féin go bhfuil ag goilleadh ar dhaoine go bhfuil an saol níos deacra mar a bhí. Tchítear dom go gcreideann roinnt mhaith daoine nach mar seo ba chóir an saol a bheith. dul amú orthu.

Láimhsigh Ár Sinsear Níos Measa

Níor chóir dúinn bheith ag déanamh trua dúinn féin. Níl saol an lae inniu a dhath níos deacra mar a bhí an saol ag an ghlúin a tháinig romhainn ag an ghlúin a tháinig roimhe sin arís. Bhí an tír seo beo bocht le cuimhne na ndaoine. Bhí ocras ar an tír sna daichidí, bhí an imirce go tréan sna caogaidí, fuaireamar faoiseamh beag sna seascaidí, ansin bhí géarchéim an ola sna seachtóidí agus phléasc tuaisceart na hÉireann. Theip ar an tír arís sna hochtóidí agus sa deireadh i lár na nóchaidí tháinig tús le borradh agus le forbairt.

Seo í an fhírinne shearbh: an shaol ann agus bímid thuas seal agus thíos seal. Ba chóir dúinn tuiscint gur fearr i bhfad an saol atá againn faoi láthair mar a bhí ag aon ghlúin a tháinig romhainn. Mairimid níos faide, ithimid ár sáith, agus don chuid is , dídean den scoth againn.

Ach fós féin nílimid sásta. Is dócha go bhfuil i mianach an duine go mbíonn ag santú modh maireachtála níos fearr i dtólamh. Gan an fonn streachailte sin, bheimis fós i measc na n-ainmhithe.

tábhachtach, áfach, an dul chun cinn atá déanta againn a aithint. Creidim gur fearr i bhfad í Éire na linne seo an tír inar fhás m’athair aníos sna daichidí. Gan a bheith ag caint ar na rudaí saolta, an tír níos oscailte, níos cothroime, agus níos toilteanaí inniu.

Níor mhór a thuiscint fosta go bhfuil an saol crua agus nach bhfuilsaol bogtuillte againn. dream ar leith sinn, agus na milliúin duine ar fud an domhain nach bhfeicfidh foracan maith béile sula dté siad i dtalamh.

Cairde go , Cairde go Brách

Le linn bhorradh an Tíogair bhí tionchar an ábharachais le feiceáil ar fud na tíre: tithe ollmhóra scaipthe faoin tír, carranna móra nua, éadaí dearthóra, agus mar sin de. Nuair a bhuail an t-anfa sinn, bhíothas ag súil go gcuirfí ag smaoineamh sinn ar nithe atá i bhfad níos bunúsaí agus níos tábhachtaí. Cuirim i gcás, is rathúla ar fad í an tír anois mar a bhí tráth, ach cén rún atá againn anois i dtaobh an ratha seo? Céard iad na spriocanna atá againn mar phobal? Cén cineál tíre ar mhaith linn a fhágáil ag ár bpáistí?

dóigh liom gur tháinig ceisteanna den chineál seo chun cinn sa díospóireacht náisiúnta. Táimid fós i bhfostú i gceisteanna faoi na bainc, faoi mhorgáistí, agus faoin gheilleagar. I mbeagán focal, níl i mbéal an phobail ach gnóthaí airgid.

Scéalta móra iad seo ar fad agus mór réiteach a fháil orthu. Beidh orainn obair go dian ar fheabhsú an gheilleagair, ach sílim go bhfuil an deis ag sleamhnú uainn na ceisteanna eile a chur. Ceisteanna a bhaineann le cultúrÉire na tuaithe, an Ghaeilge, Todhchaí na gCathracha, an Litríocht. Ceisteanna a bhaineann le tógáil clainne, le cúram seandaoine agus le daoine bochta. Ceisteanna a bhaineann le dearcadh na ndaoine: céard iad na luachanna is tábhachtaí dúinn mar phobal?

Agus ceist eile: na hathruithe is atá de dhíth ar an chóras pholaitíochta le go mbeadh ar a chumas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo? Bhí mise chomh soineanta is gur shíl go raibh na páirtí polaitíochta dáiríre faoin cheist seo roimh an olltoghchán, ach, ón méid atá feicthe agam ó shin, tuigim nach raibh ann ach béalghrá agus cur i gcéill.

Ach dóchas agam fós as muintir na tíre seo. Táimid níos cinnte, agus táimid ag streachailt mar is dual dúinn. mór dúinn ár n-aird a dhíriú ar an am atá le teacht, áfach. Is breá an tír í seo go fóill ach na lámha cearta a bheith á stiúradh. Ba chóir dúinn an dobrón a chur dínn agus dul i ngleic leis na ceisteanna móra a réiteoidh cén cineál tíre a fhágfaimid ag an ghlúin aníos inár ndiaidh, ár gcuid páistí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.