CÚINNE NA nEALAÍON
Kino – an Cineama Domhanda, ‘Lore’
Pat Butler Pat Butler

Deir Pat Butler go mbíonn fiúntas le brath sna scannáin arís i ndiaidh airc na Nollag nuair a plúchadh na scáileáin le truflais orainn.

Tagann faoiseamh agus beannú le rabharta an Earraigh. Siúd raidhse agus cothú in áit tearcamas na caolchoda. Líontar scáileáin thanaí na Nollag le grásta agus le gile. Ligtear fíorscannáin amach arís. ‘Habemus Scannán!’

Osgur

Rinne Osgur an rud ceart i gcás Daniel Day-Lewis (Príomhaisteoir, ‘Lincoln’), Ang Lee (Stiúrthóir, ‘Life of Pi’), agus ‘Amour’ (Scannán Nach i mBéarla É!). Béarlagar a thugann ‘Fog on the Channel – Europe Cut Off’ chun cuimhne i gcónaí - ceannlíne a luaitear le Sráid na Flíte, Londain, sa Ré Éadbhardach, nó arbh sna Tríochaidí, b’fhéidir, a tharla? Níl aon dá leagan den seanchas sráide ar aon fhocal lena chéile.

Má bhí na hOsgurs sin tomhaiste, bhí an lámh in uachtar ag ‘Django Unchained’ ar ‘Argo’, cheapas. Éagóir a bhí ann freisin nár bhain Tommy Lee Jones craobh an Aisteora Chúnta, cé go raibh an té a bhuaigh, Christoph Waltz, i mbarr a mhaitheasa chomh maith céanna. Agus bhí Osgur tuillte ag Emmanuelle Riva (‘Amour’). Níor bhuaigh sí. Is mar sin a bhíonn i gcónai leis na Gongannaí céanna. Ainmníodh Richard Burton, Peter O Toole, Dustin Hoffman agus John Voight do Ghradam an Phríomhaisteora siar i mbliain ár dTiarna 1970. Agus cé a bhuaigh ach an seanghamal féinig – adhmadán ceart aisteora: I bhfoclaibh síoraí Rocky DeValera fadó – ‘Is it a bird, is it a plane, oh no! It’s J@+ W%$#’!

‘Lore’, le Cate Shortland

Tá anbhá ar theaghlach measúil sa Bhabháir, Deisceart na Gearmáine, 1945. Táid gafa i bhfuadar teite. Máthair agus cúigear páiste. Oifigeach SS á ngríosadh chun brostaithe, lorraí ag fanacht leo. Tine adaithe sa chlós. Giuirléidí agus eile á ndó.

’Sí Lore (Saskia Rosendahl) an páiste is sine. Tá sé bliana déag aici. Titeann luaithreach an Tríú Reich ina dtimpeall, go litriúil. Má tá cuma na seaninsinte Giúdaí (d’aon ghnó) ar chéad chúpla neomat an scéil, ní mar a shíltear bítear. Titeann leathanach teidil leathloiscthe ón tine anuas. ‘Law For the Prevention of Hereditary Diseases - Confidential’. Ní raibh údar dóite a leithéide ag Giúdaigh sa Tríú Reich.

Tá branar úr á threabhadh ag Shortland an babhta seo. Teaghlach Neatsíoch atá ar teitheadh. Is Oifigeach SS (Hans-Jochen-Wagner) an t-athair. Díograiseoir tiomanta is ea Mutti (Ursina Lardi), a bhean chéile. Imíonn Hans as an insint go luath – Mutti beagáinín níos moille. Tagann Yanks chun í a ghabháil. Beart a fhágann an déagóir mná Lore i bhfeighil cheathrar páistí. Fágtar ocrach sna coillte iad. Contúirt ar gach taobh. Cúlaíonn comharsain, cairde, agus saoránaigh eile uathu. Tá an Reich ag titim dá bhonnaibh agus na páistí ag iarraidh aistear 900 ciliméadar trastíre a dhéanamh go tearmann tí na seanmáthar ar an Chósta Thuaidh. Airm éagsúla na gComhghualaithe ag teannadh isteach orthu. Gan oiread agus cáipéis ná doiciméad aitheantais eatartha. Ansin tagann óigfhear slánaitheora - le páipéarachas. Ligeann sé air gurb é an deartháir is sine. Thomas is ainm dó (Kai-Peter Malina). Tá tatú garbh uimhreach ar thaobh an choirp dá rí. Agus páipéir aitheantais aige a shásaíonn na Yanks. Giúdach, is cosúil….

Ualach go Lore

Ach is slis den seanmhaide í Lore. Neatsaí óg. Cuireann sin as ár riocht sinn, an lucht féachana. Táimid faoi choimhlint ón tús. Déagóir álainn, páistí leochailleacha, iad ina dteifigh dhearóla agus an domhan ina dtimpeall in iomar na haimiléise. Ach is aimhréireach ar fad dúinn credo polaitiúil Lore. Fuirseann Shortland na trasnálacha drámatúla go léir inti - agus ionainn. Sin stiúrthóireacht dána. Agus tá an-scéal go deo le hinsint aici.

Is iomaí turas a ghlacann ‘Lore’ agus is suimiúil dúinn gach ceann díobh. Turas intinne na beirte tuistí, nuair ba léir dóibh go raibh gach rian den ‘ord’ a chruthaíodar á scuabadh chun siúil; turas ilchasta Lore féinig, cailín déagóra i mbéal an uafáis, gan aon éaló aici ó scrios agus sceith agus anbhá an chogaidh. Ansin is turas di an iomrascáil idir í agus mianta nádúrtha an choirp. Coimhlint a mhúscail Giúdach inti. Is ualach uirthi mar ainnir a cuid óighe. Tá a croí istigh trína chéile.

Is turas eile di an ‘tuismitheoracht’. Agus an cur i gcéill leis na páistí beaga go raibh ‘Vati agus Mutti slán romhainn i dteach Omi,’ an tseanmháthair. Agus, ar neoin, tá turas na cinniúna, nach bhfuil éalo uaidh, á crá freisin. Bhíodar anois fá chomaoin ag Thomas. Agus i dtuiscint is i dtógaint Lore, agus de réir comhthuiscint cheadaitheach na sochaí, gan trácht ar oibríochtaí uilig an státchórais agus an dlí, ba ‘lú ná duine’ é an té a bhí anois á gcumhdach is á gcosaint. Fear óg a dhúisigh inti mianta agus mothúcháin a bhí á tarrach as a chéile. Neach, d’réir soiscéal bángheal gormshúileach an Tríú Reich, nár dhuine daonna é!

Léargais Bheaga

Tá an script breac le léargais bheaga. An mháthair, ‘Mutti’, ar tí í fein a thabhairt suas –

Mutti ‘If I don’t go peacefully they will take me.’ Lore ‘To prison?
Mutti ‘Lager, not prison.’ Teifigh eile ar an traein –
They made me look at dead Jews for hours just to get bread. If our Fuehrer knew that!

An mháthair Mutti, ag tathaint ar Lore éaló go tigh na seanmháthar, agus gan iad féin a thabhairt suas….
Take him (Peter, an leanbh). They kill all the children.

Ach tá teacht in aois Lore i gcroí an scéil, agus fágaim a iomlánú sin, agus a réiteach, fúibh féin. Nuair a fhoghlamaíonn Cate Shortland gur mó, go minic, más lú – ceacht Haneke – beidh sí foirfe ar fad amach anseo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.