CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ag Snámh in Aghaidh na Boirbe
Íomhá
Bodaigh Chríoch Lochlann le John Bauer i leabhar Walter Stenström
(Vicipéid)
Íomhá
Méarchlár, ar leas nó ar aimhleas daoine
Íomhá
Ceann de dhíospóireachtaí na míosa seo caite

Bheartaigh Beo.ie nach mbeadh ar an éinne sa phobal clárú isteach le scríobh faoi alt ar bith a fhoilseofaí ar an iris, nuair a athchóiríodh an suíomh idirlín achar gairid blianta ó shin. An aicme a thapaigh an deis lena dtuairim a chur in iúl, caithfear a rá go raibh siad go deas, urramach agus béasach lena chéile ar feadh i bhfad. Ar feadh i bhfad a deirim, ach le himeacht ama, ba léir gur thosaigh sileadh goir isteach as neascóid éigin i mball aineoil.

Is mór ag lucht na polaiteolaíochta an dá nós, anarchy agus chaos a dhealú lena chéile. Dá mbeifí lena leathbhreacanna a aimsiú sa Ghaeilge, is dócha gur ‘neamhriail’ nó ‘saoirse’ a bhaistfí ar anarchy agus go nglacfaí le ‘hainriail’ ar chaos. Tá ardmheas ag lucht eolaíocht na polaitíochta ar an neamhriail mar chóras rialtais. Is ionann é agus féinriail an duine ar fud an stáit. Is scothchóras daonlathais é, ach tá a fhios ag cách nach n-oibreodh sé áit ar bith ar an tsaol mar nach naomh ná saoi gan locht éinne againn. Maítear gur i bhflaitheas naomh nó gur in altruistic society amháin a d’oibreodh córas den chineál sin. Mhair saoirse Beo.ie go ceann i bhfad mar gheall gur dream deas ionraic iad 99% de lucht scríofa bunailt na hirise, bíodh ainm cleite nó ainm dílis orthu.

Gearáin

Is léir ó na daoine a ghearán roinnt de na scríbhneoir cantail bunailt linn go gcaithfí gníomhú leis an scéal a réiteach luath nó mall. Leoga, le daoine a chur ar an eolas, d’fhoilsigh sinn ceann de na gearáin faoi iamh ailt a tháinig isteach go Beo.ie. (An nasc ar dheis, ‘Smacht in Ionad na hAinrialach’.)

Bhí foireann bheag spídeoirí tosaithe ag ionsaí, faoi ainm(neacha) cleite, fúthu is tharstu ar an suíomh. Is cosúil nach raibh mórán thar thriúr den lucht cantail ag cur díobh in am ar bith ach gurb é an dóigh a raibh ainmneacha éagsúla á dtarraingt chucu féin le dul ina bhun.

Is é leas cách nach bhfoilseofaí aon ionsaí, bog ná gránna, faoi ainm cleite (ná faoi ainm dílis) a dhéanfadh beag is fiú d’éinne. Gabhaimid buíochas leis na daoine a scríobh chugainn ag gearán, agus fosta leis na daoine nár scríobh ach gur mhothaigh go ciúin leo féin buille na feille ón chorrdhuine chladhartha. Ar mhaithe le cách, scriosfar feasta teachtaireachtaí nach dtugann gnáthurraim mar is cuí don chomhluadar mhéarchláir. Na daoine ar mhaith leo a dtuairim a nochtadh go hionraic, soiléir is go cneasta faoi ábhar, nó faoi ábhair ghaolmhara, na n-alt, déanfar iad a chosaint. Chuige sin, scriosadh breis is deich dteachtaireacht an mhí seo caite.

Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach faoi bhun na n-alt. Cuireann sibh go mór leis an díospóireacht. Tá teorainn le haon alt nach mbeidh ach circa 800 focal ann, agus is mór an gar mar sin, na teachtaireachtaí a scríobhann sibhse, na léitheoirí, isteach ag bun na n-alt. Is féidir ábhar an ailt a chíoradh tuilleadh ansiúd.

Tchítear breis is fiche teachtaireacht faoi roinnt de na hailt ó am go chéile agus tá súil againn go mbraithfidh sibh breis saoirse le scríobh go fada leitheadach feasta nuair nach mbeidh aon bhagairt le brath sa timpeall oraibh anseo ar Beo.ie.

Treise libh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.