CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Ní Miste a Bheith Cúramach le hEascairde
Íomhá
Is iomaí lá ag an reilig orainn
Íomhá
A chrois féin ag gach éinne
Íomhá
Leac reilige, bás abhus & beatha ina dhiaidh
Íomhá
Dubhóga gearra gruama an gheimhridh

Ceann d’íomhánna bróin na bliana seo caite, greanadh ar an scáileán againn é i mí na Nollag. Seán Mac an tSaoi, Aire Stáit, go ndéana Dia a mhaith air, le linn freagraí sa Dáil ag ligean leide dúinn nach mbeadh sé fadmharthanach. (Féach faoin dara nasc ar dheis an ailt seo.) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.

Tuigim an duine lag go rímhaith mar bhí mé mór le níos mó ná duine amháin a bhí gortaithe go dona agus a bhí lagaithe go mór ag an saol. Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos. Mise mé féin, scaoileadh urchair (.222) ar chaon taobh de mo chloigeann le mé a chur den saol nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois. Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach. Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn amach sa saol, mórán i ngan fhios dúinn féin is dócha, ach tá an-chuid daoine thart orainn sa saol, níos mó ná mar a shamhlaítear, atá gearrtha gonta i dtólamh. Is measa an ghoin nach mbraitear mar gur féidir leis oibriú faoi choim agus gor a dhéanamh i ngan fhios.

Is é mo mheas go gcaithfimid daoine leochaileacha a chosaint ar dhaoine leochailacha eile, ach tá an saol agus gach ní leagtha amach don dream fuinniúil láidir daoine gur cuma leo na buillí a buaileadh, a bhuailtear is a bhuailfear orthu. Is mar siúd atá an t-idirlíon. De réir na polaiteolaíochta, is i sochaí shoilíosach amháin a bheadh rath ar chóras ainrialach. (A system of anarchy can only work in a society of altruists) Ar an mbonn sin, creidim go láidir go mbeidh ar an idirlíon glacadh le síneadh isteach ar chláir phlé faoi ainm ceart cruthanta amach anseo: ainm, sloinne, dáta breithe, móide sonraí eile nach iad. Ní oibreoidh an córas mar atá sé gan daoine a ghortú agus a mharú, ar fud an domhain. Ba cheart deireadh a chur le córas an ainm chleite agus sílim go gcuirfear, ach an dlí a thabhairt faoi go hidirnáisiúnta. Fanfaidh roinnt bheag tíortha ag soláthar cineál ceadúnas scaoilte nó bratach áise is dócha.

Smacht in Ionad na hAinrialach

an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin. Caithfidh siad daoine eile a ghortú agus ní leor domsa ná duitse a bheith ag tathaint orthu gan a bheith eascairdiúil agus ionsaitheach. Beidh siad amhlaidh, ionsaitheach eascairdiúil, is cuma céard a déarfar leo nó a iarrfar orthu. Caithfear iad a smachtú dá bhrí sin.

Cuireann Beo! ionadh orm. Ionsaítear iad ar a leathanaigh féin agus ní thugann siad freagra ar lucht a n-ionsaithe. Ní scríobhaim féin ar a gclár plé agus ní scríobhfainn, bíodh nach acu atá an clár plé is gangaidí a bhfaca mé i saol na Gaeilge, ach cén fáth a scríobhfainn isteach faoi m’ainm féin agus mórchuid na peannaireachta ag daoine eile faoi ainmneacha cleite? Ar thug siad faoi deara fiú amháin gur moladh do scríbhneoir dá gcuid cúpla bliain ó shin, lámh a chur ina bhás féin. Bhí mé ag brath scríobh isteach an lá sin agus nuair a shuigh mé ar ais chuig an ríomhaire faoi cheann cúpla uair an chloig le scríobh, bhí leithscéal glactha ag té an ainm chleite leis an scríbhneoir.

Cén fáth go gcuireann aon iris, idirlíon nó eile, scríbhneoir (le bean agus clann) faoi bhrú mar sin? Caithfear córas mar atá luaite agam thuas a thabhairt isteach. Ní fheicfimid suaimhneas agus ciall ag teacht i réim go dtí sin. Tá an iomarca daoine laga ionsaitheacha thart orainn sa saol, dream nach mbeadh croí circe acu faoina n-ainmneacha féin. Chuireadar an iomarca den saol cheana féin, girseacha óga agus Aire Stáit féin ina measc, beannacht Dé orthu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.