AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Síleann Balor nach bhfuil na bainc ag imirt na córach leis an phobal, ach bíonn barúil sách aisteach aigesean ó am go chéile ar aon nós.

Íomhá
In Fraud we trust
(Deceptiondollar.com)
Íomhá
Deaidí na Nollag le beirt Mhamaí, sula bhfuair bás
Íomhá
Áras dár gcuid le ligean ar cíos
Íomhá
Agóid oíche ag Dáil Nicosia
(le Tco03displays ar Vicipéid)

bainc na hÉireann ( a fhios agaibh na bainc sin a cheannaigh muid tamall ó shin?) ag ullmhú liosta mór fada smachtbhannaí gránna déistineacha. Beidh na héiricí seo le leagan ar an mhuintir nach acmhainn dóibh a gcuid morgáistí a íoc de réir na gcoinníollacha dochta daingne a leagfaidh na bainc síos do na créatúir bhochta sin. ( a fhios agaibh na daoine sin atá i ndiaidh na bainc a tharraingt amach as an duibheagán a thochail siad dóibh féin le tamall de bhlianta anuas?)

Ó nach iontach an saol é?” a deir Balor. “ bainc na hÉireann i ndiaidh na drochnósanna gránna leithleacha drabhlásacha a bhí acu a chaitheamh i dtraipisí. siad i ndiaidh clóca lonrach na ceartaiseachta a tharraingt orthu féin anois. Bóthar na fíréantachta a shiúlfaidh siad feasta, agus imeoidh siad riamh arís ar fán ar fuaidreamh ón bhealach cas geal sin atá siad i ndiaidh a chur rompu féin.”

Ach, mar is dual don duine ( don eagraíocht) a thiontaíonn ar an chreideamh ceart, beidh na bainc s’againne níos dílse don cheartchreideamh na dílseoirí is dílse amuigh. Agus, mar is dual do leasaitheoirí, beidh siad thar a bheith dian ar dhuine ar bith nach gcloíonn go docht daingean lena gcuid rialachán agus rialacha.

Córas iasachta úr a bheas acu. Córas a chum siad féin ar mhaithe leo féin. Chun léirstean cruinn a fháil ar an chóras iasachta úr seo, chuaigh Balor chun cainte le Richie Babhstar, atá ina phríomhfheidhmeannach ar cheann de na bainc seo. Bhí Richie breá ábalta na coinníollacha a mhíniú agus a shoiléiriú do Bhalor.

Na Leiciméirí Morgáiste

Richie: Ar dtús, a Bhaloir, níor chóir do dhaoine morgáistí móra a thógáil amach mura raibh siad in ann an t-ús agus an caipiteal a íoc ar ais. I gcás go leor de na daoine a fuair morgáistí le deich mbliana anuas, raibh baol ar bith ann riamh go n-íocfaidís ar ais iad.

Balor: Más fíor sin, a Richie, cén fáth gur thug sibhse morgáistí dóibhmura raibh seans ann go n-íocfaidís ar ais iad?

Richie: Arú, a Bhaloir, bhí dualgas orainne airgead a dhéanamh do na bainc chun ár gcuid scairshealbhóirí a choinneáil sásta; agus nach maith a bhí a fhios againn go dtiocfadh duine éigin i gcabhair orainn. Daoine fásta a bhí i lucht glactha na morgáistí nuair a tharraing siad anuas iad, agus is daoine fásta fós iad. Beidh orthu glacadh lena bhfuil sna rialacháin úra. Níl aon dul as acu.

Liosta a Chuideos le Daoine

Balor: Agus caidé atá sna rialacháin úra?

Richie: Leoga, a Bhaloir, duine ar bith nach bhfuil in ann an morgáiste a íoc ar ais, gheobhaidh siad faoiseamh ama faoi choinníollacha áirithe nach bhfuil ródhian. Seo roinnt de na coinníollacha sin:

  • bheidh cead ag aon lánúin a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu aon pháistí eile a bheith acu.

  • Iad siúd a bhfuil dhá charr acu, caithfidh siad an charr a dhíol agus dhá rothar a cheannach. Beidh orthu an farasbarr a thabhairt don bhanc mar a bheadh aisíoc ar an mhorgáiste. Ach, i gcás daoine le beirt pháistí níos acu, beidh cead acu suíocháin leanaí a cheannach le cur ar na rothair.

  • Iad siúd a bhfuil pacáiste acu le Sky Sports le Sky Films, beidh orthu athrú go Saorview. Beidh cead acu féachaint ar Phortach 1, ar Chaorán 2, ar Mhóinteán 3 agus ar TG4 – agus beag sin le bheith ag dul ar aghaidh leis.

  • Agus beidh deireadh leis na táibléid na Panadols na Asprins atá i gceist agam, dar ndóigh, bheidh leo siúd agus cosc ar an deoch! Na ipads agus a leithéid atá i gceist agam. siad i bhfad róchostasach do dhaoine nach acmhainn dóibh morgáiste a íoc.

  • bheidh aon taisteal thar lear ceadaithe ar feadh cúig bliana, ach amháin chuig Sceilg Mhichíl agus chuig an Chipir. Sa áit sin, gheobhaidh siad amach go bhfuil caighdeán maireachtála ag daoine eile atá i bhfad níos measa an saol atá acu féin, agus b’fhéidir go gcuirfidh stop leis an síorolagón.

  • Iad siúd atá tógtha leis na cultacha spóirt, is féidir leo na leanaí a ghléasadh ar an dóigh sin choinne na Chéad Chomaoineach agus an Chóineartaithe.

  • Agus San Nioclás marbh. Thig leo a gcuid páistí a thabhairt ar cuairt chuig uaigh Santa, i gContae an Chabháin. Cuirfear busanna ar fáil.

  • Níl rud ar bith cearr le bia na hÉireann: prátaí agus tornapaí agus cabáiste agus meacain dearga bheidh cead ag lucht loicthe feoil a ithe feasta ach amháin idir an Nollaigaon trí is maith leo. Beidh cosc iomlán ar spaghetti a ithe, agus píotsa, agus risotto, agus cotoletta alla Milanese, agus cannoliÓ gabh mo leithscéal a Bhaloir, ocras an domhain i ndiaidh theacht orm. chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal

Ceist Neafaiseach go Maith

Balor: maith liom cur isteach ort, a Richie, agus faoi lán seoil, ach miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann na dúthrachta airgid san áireamh?

Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt nach gcuirfeá an cheist sin orm. a fhios agat nach maith liom aon chaint a dhéanamh faoi mo chuid dúthracht airgid. Rudaí ar leith iad siúd, mar a bheadh páistí de mo chuid. Ach thig liom a leat go neamhbhalbh, agus ag caint faoi thuarastal lom, go bhfuil fós faoi bhun an mhilliúin, a Bhaloir. Níl i bhfad faoina bhun, achsamhlaigh sin anois, a Bhaloir: mo leithéid d’fhear, agus mo thuarastal fós faoi bhun an mhilliúin. Nach aisteach an saol émar a deir féin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.