COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Aibreáin
Íomhá

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Gael Linn

An Cheist

Cén ‘t-aisteoir agus amhránaí iomráiteach’ a chuir clár raidió Ghael Linn i láthair ar Raidió Éireann ar feadh na mblianta sna seachtóidí/hochtóidí (1970-80aidí)?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Aibreán 2013 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Aibreáin’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den dlúthdhioscaCosa gan Bhróga’ le hEithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson.

Cosa gan Bhróga:

Céad díolaim iomráiteach Eithne Ní Uallacháin, Gerry O Connor agus Desi Wilkinson a eisíodh ar fhadcheirnín sa bhliain 1987, anois ar fáil ar dhlúthdhiosca don chéad uair! Ceolann Eithne ceithre amhrán ón traidisiún inar tógadh í agus tugann na ceoltóirí blaiseadh den fhómhar fhairsing a bhí cruinnithe acu um an dtaca sin. Ar an díolaim seo, cloistear binneas aoibhinn i nglór Eithne agus í ag ceol amhráin óna dúchas. Níos déanaí, thaifead sí tuilleadh amhrán leis an ghrúpa Lá Lugh, a raibh a fear céile Gerry O Connor ina bhall de. Cailleadh Eithne go hanabaí i 1999. Tá clú agus cáil bainte amach ag Gerry O Connor ar an fhidil. Béal Feirsteach é Desi Wilkinson a sheinneann ar fheadóga móra éagsúla agus ar an fheadóg stáin.

Tá BEO an-bhuíoch de GAEL LINN as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.