AR NA SAOLTA SEO
Fás an Ghaeloideachais
AnneMarie Flanagan AnneMarie Flanagan AnneMarie Flanagan

athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.

Íomhá
I nGaelscoil Ráth Tó
Íomhá
Ag teacht gan mhoill, do na Ceithre Máistrí, Dún na nGall
Íomhá
Gaelscoil (Chluainín)
Íomhá
Nochta ag Mícheál Ó Muircheartaigh
Íomhá
Tír na nÓg, Baile Dhún na nGall

Dá mairfeadh Pádraig Mac Piarais bheifí beagnach deimhin go mbeadh sé an-bhródúil as borradh na nGaelscoileanna. Ba nuálaí oideachais é an Piarsach, d’aithin sé an t-idirdhealú idir oideachas cuimsitheach agus an scolaíocht thraidisiúnta a bhain leis an gcóras impiriúil. An príomheisint a tháinig as, ná, neamhspleáchas agus cruthaitheacht an Phiarsaigh. Aithnítear na gnéithe seo sna tuismitheoirí a thagann le chéile chun gaelscoil a bhunú.

An cuspóir atá acu ná, Gaeilge a thabhairt dá bpáistí, trí thumoideachas nó córas ina múintear gach ábhar tríd an sprioctheanga amháin. Ó thaobh bainistíochta na ngaelscoileanna, feictear gné mhór áirithe i gcodarsnacht le gnáthscoileanna. Tá neamhspleáchas ag lucht bainistíochta na nGaelscoileanna ó rialú na heaglaise Caitlicí. Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).

Ní hamháin go bhfuil fás gaelscoileanna sa Phoblacht, ach feictear fás faoi ghaelscoileanna sa Tuaisceart agus is iad Chomhairle na Gaelscolaíochta agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta atá ag soláthar comhairle agus tacaíocht airgeadais do na gaelscoileanna sa Tuaisceart. Is suntas suimiúil é gur bunaíodh roinnt de na heagraíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge, Foras na Gaeilge ina measc, de thoradh airteagail atá sa Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Oideachas faoi Bhláth

Is léir go bhfuil a n-obair dhearfach ag dul ó neart go neart, bliain i ndiaidh bliana. Seo roinnt staidrimh a foilsíodh le Gaelscoileanna Teo. Dar lena bhfigiúirí a bailíodh don scoilbhliain 2011/2012, tá 43,133 daltaí bunscoile ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sna 32 contae, 31,050 líon daltaí bunscoile sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht. Tá 176 bunscoil sna 32 contae (141 bunscoil sna 26 contae agus 35 sna 6 chontae). I gcás na n-iar-bhunscoileanna, tá 41 iar-bhunscoil sna 32 contae, (36 sna 26 Co. agus 5 sna Sé Co.), agus is é 8,427 líon daltaí iar-bhunscoile sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht agus 752 dalta atá sna 6 contae.

fás mórthaibhseach suntasach na nGaelscoileanna le daichead bliain anuas le feiceáil ar shuíomh idirlín Ghaelscoileanna anseo; (féach sna naisc ar dheis.). Bunaíodh Gaelscoileanna Teoranta sa bhliain 1972 le 11 bunscoil agus 5 iar-bhunscoil. Tá 175 bunscoil agus 41 iar-bhunscoil in 2012 . Is léir ó na staidreamh thuas go bhfuil earnáil na gaelscolaíochta faoi bhláth, bunscoileanna lán-Ghaeilge ach go háirithe.

An ghné atá soiléir ó ghraf Ghaelscoileanna ná an méadú beag i gcás na n-iar-bhunscoileanna. Cé gur osclaíodh 164 bunscoil ó 1972, níor osclaíodh ach 36 iar-bhunscoil sna 36 contae le linn an ama chéanna. Is í an ghné seo an dúshlán agus an deacracht atá os comhair mac léinn agus tuismitheoirí. Tosaíonn páiste Ghalltachta ag foghlaim na Gaeilge ag ceithre nó cúig bliana d’aois, nó níos luaithe má fhreastlaíonn siad ar naíonra lán-Ghaeilge. Caitheann siad thart ar 8 mbliana tumtha sa teanga ach, ag 12 nó 13 bliana d’aois tagann siad agus a dtuismitheoirí ar bhac a n-oideachais trí Ghaeilge. Ar an drochuair, mura bhfaigheann siad ceann de na háiteanna teoranta, níl de rogha acu ach freastal ar iar-bhunscoil Bhéarla agus a gcuid scoláireachta a leanúint trí Bhéarla.

An Dushlán

aidhm ríthábhachtach ag an bpobal, ag bailte, agus ag tuismitheoirí an chloch is mó ar a bpaidrín agus a dtuairimí a chur in iúl don Rialtas agus an Roinn Oideachais. D’eagraigh an Roinn Oideachais suirbhé le déanaí chun fáil amach na ceantair agus na háiteanna a bhfuil éileamh ag tuismitheoirí ar scoileanna lán-Ghaeilge. Bhí an méid seo le rá sa suirbhé:

Is é cuspóir an tsuirbhé seo ná dearcadh na dtuismitheoirí áitiúla a fháil maidir leis an ngá atá le cineálacha scoileanna breise sa cheantar seo. Má tá leanaí réamhscoile (páistí nach bhfuil sa bhunscoil go fóill) agus leanaí bunscoile agat, iarraimid ort do chéadroghanna maidir leo a thabhairt go leithleach maidir leis an dá ghrúpa os rud é gur mian linn iad a thuairisciú mar chatagóirí ar leith […]. Má tá éileamh suntasach ar chineálacha scoileanna breise sa cheantar, déanfar fiosrú maidir le conas is fearr an t-éileamh seo a chomhlíonadh.’

Is féidir a rá go bhfuil freagra ar easpa iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge le fáil sa ráiteas seo. Tá an Rialtas ag cur béime ar éileamh bunscoileanna de bharr fás mór faoin daonra le 8 mbliana anuas, go háirithe dáileadh míchothroim daonra sna ceantair lár-rochtana.

Is réiteach gearrthéarma é agus ní hábhar iontais an gearr-radharc seo. Beidh an-éileamh ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge faoi cheann deich mbliana, éileamh a bheas níos práinní ná mar atá faoi láthair. An mbeifear in ann soláthar mar is ceart ar an éileamh sin?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.