AR NA SAOLTA SEO
Ceamara Clogaid
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Bíonn a místuaim féin ag baint le háiseanna iontacha ár linne dar le Tony Birtill, agus tá an ceamara cinn san áireamh sin dar leis.

Íomhá
Ag teannadh aníos i ndiaidh na timpiste
Íomhá
Ar Carnedd Dafydd
Íomhá
An t-údar & a chairde aníos ag Pen yr Ole Wen le David Craig
Íomhá
Ní leithne an t-aer ná an timpiste

Nuair a thosaigh mé ag sléibhteoireacht agus mé i mo stócach, ní minic a bhíodh ceamara ag duine ar bith amuigh ar na cnoic mar go raibh siad mí-áisiúil. Tharraingíodh duine éigin grianghraf agus bhí sé go maith a bheith a amharc orthu idir sin is tráthas nuair a chuirtí faoi chló iad, le breathnú agus le cuimhneamh siar ar na héachtaí a bhí curtha i gcrích againn in éineacht le chéile. Caitheamh aimsire ciúin socair a bhí ann, gné a thaitin liom, gan a bheith os comhair an tsaoil, mar a déarfá.

Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn daoine ag tarraingt grianghraf i gcónaí, ar an ghuthán póca nó le ceamara beag méarach agus iad a chrochadh ansin ar Facebook. Go minic bíonn siad thuas ansin faoi dheireadh an lae agus mar sin is féidir leat do chuid athchuimhne a dhéanamh sula dtéann tú a luí ar an lá céanna!

Agus má dhéanann tú meancóg, tá fhios ag do chairde faoin scéal go díreach. Cuir i gcás trí bliana ó shin nuair a bhí mé ag dreapadh le cara, Neill Kelly sa Bhreatain Bhig. Bhí seisean ar an bharr, ag téadaingniú domsa, nuair a bhuail mé mo cheann leath bealaigh suas. Bhí a fhios agam go raibh mé ag cur fola, mar mhothaigh mé é ar m’aghaidh, ach ní raibh mé in innimh rud ar bith a dhéanamh faoi mar bhí mo dhá láimh ar an charraig. Nuair a bhain mé an barr amach, phléasc Niall amach ag gáire agus lena leathláimh, tharraing sé grianghraf díom. “Coinnigh do lámh ar an téad!” a scairt mé air go feargach. Ní raibh mé gortaithe go dona, ach nuair a chonaic daoine eile an grianghraf ar Facebook bhí imni orthu.

Buanú na Meancóige

Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.

Sin mar a bhí sé le ‘Mark R’, 47 bliaina d’aois, agus é ag dreapadh Parsley Fern Gully, Cwm Glas Mawr, Llanberis Feabhra 24, i mbliana. Níl aithne agam ar Mark, ach rinne mé féin agus Neill Kelly an tslí seo le chéile Nollaig 2010. Altán grád 2 atá i gceist. Déantar altán mar seo gan téadaí de ghnáth –‘soloing’ a thugtar air - agus mar sin caithfidh tú a bheith curamach gan titim! Má thiteann tú, caithfidh tú cosc a chur faoin siúl le do phiocóid oighir a thapúla is a thig leat le do bhás a sheachaint.

Bhí cara Mark R ag dreapadh os a chionn agus leag sé scealp oighir anuas air, de thaisme. “Póg an oighear os do chomhair!” an chomhairle atá ann i gcás mar seo. Is é sin, coinnigh do cheann isteach agus, le cuidiú Dé, imeoidh an cnap oighir uait ar a bhealach síos san fhodhomhain. Ní dhearna Mark amhlaidh, áfach; d’amharc sé suas agus nuair a bhuail an t-oighear é, lig sé é féin siar ar a ghreim, amach ar a dhá phiocóid oighir, ach bhris an greim agus thosaigh sé ag sleamhnú síos an t-altán. Tá a fhios ag cách faoi seo, mar bhí ceamara cinn ar a chlogad agus d’fhoilsigh sé an scannán ar an idirlíon tar éis na timpiste mar rabhadh do dhaoine eile. Níor bhris sé ach a leathrúitín san eachtra, a bhuí do Dhia, agus bhí an t-ádh air go raibh Foireann Tarrthála Llanberis sa cheantar ag an am - bhain siad Mark amach faoi cheann 30 bomaite.

Is léir ón scannán nach dhearna sé iarracht bac a chuir air féin agus é ag sleamhnú síos. “Even though I had been practising self-arrest earlier in the month, the angle of the slope was much greater, and very little time was left to respond quickly enough before I was taking some bounces,” a dúirt Mark, a oibríonn mar comhairleoir sláinte agus sábháilteachta agus a dhéanann measúnú priacail go rialta.

Ní Leithne an tAer ná an Timpiste

Sin an fhadhb i dtimpistí mar seo - tagann siad aniar aduaidh ort i gcónaí agus ón chéad mheandar a thitfeas tú, beidh an luas ag teacht faoi do shiúl an t-am uilig. Tharla an rud céanna domsa ar Aghaidh Thuaidh Beinn Nimheis i 2001 agus chuir scannán Mark an eachtra sin i gcuimhne dom. Ghlac sé trí iarracht orm mé féin a stad agus cé go raibh mé brúite, níor bhris mé cnámh ar bith.

Tá piocóid oighir de dhíth ar shiúlóirí sléibhe sa gheimhreadh, chomh maith le dreapadóirí. Bíonn na cosáin clúdaithe le hoighear agus má thiteann tú, sleamhnóidh tú síos an mala shléibhe ar an nevé (sneachta atá reoite agus crua). Caithfidh tú tú féin a stad sula mbuailfidh tú carraig nó sula dtéann tú thar chiumhais aille chun do bháis.

Ar an drochuair, ní thuigeann corrshiúlóir an méid seo, go mór mór ‘siúlóirí samhraidh,’ agus bíonn timpistí ann gach bliana mar gheall ar sin. Fiú le siúlóirí a bhfuil taithí acu leis an aimsir gheimhridh, mar go minic ní bhíonn aon sneachta ar bhun na gcnoc agus ní fheicfidh tú é go dtí go mbeidh tú 600 méadar in airde, fágaim. Agus má tá d’phiocóid oighir fágtha sa charr ag an phointe sin, tá tú i bponc!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.