AR NA SAOLTA SEO
Uachtaránacht Chomhairle an AE ag Éirinn
Clodagh Garry Clodagh Garry Clodagh Garry

Tá Clodagh Garry den bharúil go bhfuil rud áirithe as alt le cur chuige na hÉireann nuair a eagraíonn siad imeacht mór idirnáisiúnta ar nós Uachtaránacht Chomhairle na hEorpa.

Íomhá
José Manuel Borroso, labhair blaisín Gaeilge i mBÁC
(le European People's Party)
Íomhá
Éire 40 Bl. Chun Cinn
(le EESC)
Íomhá
Luca Jahier, a labhair roinnt Gaeilge, i lár baill
Íomhá
Ag an bhfáiltiú i gCaisleán Cnucha
(le EESC)

Níl sé éasca a bheith in Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Caithfimid a bheith cothrom le cách agus tuiscint a léiriú dár gcomhpháirtithe san Eoraip. Caithfimid a chinntiú go bhfuil na spriocanna don téarma seo bainte amach againn. Ba chóir dúinn a bheith ag smaoineamh ar an gComhairle ina hiomláine. Mura ndéanfaimid é seo caillfimid an iontaobh a chuireann ár gcomharsana ionainn agus ní maith an rud é sin don tír. Mar sin féin, is Éireannaigh muid chomh maith le bheith inár n-Eorpaigh agus an cúram seo orainn.

rathúlacht na huachtaránachta ag brath ar Éirinn ag déanamh an rud is fearr a dhéanann sí. Is cuid de sin an tÉireannachas a léiriú. Tugann ócáid chomh mór seo an deis dúinn gach a bhfuil go maith agus uathúil sa tír a chur os comhair an tsaoil mhóir. Tá cáil na fáilte agus na féile orainn i measc go leor agus is eol do chuid mhaith tíortha an Céad Míle Fáilte a bheith rompu abhus, ach an féidir níos mó béim a leagan ar ár dteanga agus sinn inár n-óstaigh faoi láthair?

Tar éis dom a bheith ag an ‘Citizen Dialogue’ i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath, agus ag ‘Ireland 40 Years On’ in Óstán Chaisleán Cnucha, mar Gaeilgeoir, nílim róchinnte. Imeachtaí Eorpacha iad seo ar nós na gceann eile ar fad i rith thréimhse na huachtaránachta. Tá 23 teanga oifigiúla san Eoraip, agus mar óstaigh caithfimid a bheith inár n-ionadaí don Eoraip ar fad agus ní hamháin dúinn féin. Bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt i gCaisleán Cnucha coicís ó shin, agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail.

On the scene but missin was The Jack of Harts

Bhí aistriúchán comhuaineach á dhéanamh i mBéarla, Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis. Bhí mé in ann doiciméid, comharthaí agus bileoga Béarla a léamh. Bhí clár an lae le fáil i dteangacha eile chomh maith. Ní fhaca mé an Ghaeilge in aon áit. Cheap mé go raibh sé seo suntasach mar dá mbeadh eachtrannach ag breathnú ar shuíomh oifigiúil na huachtaránachta, bheadh sé den tuiscint go bhfuil an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla in Éirinn.

leagan iomlán de eu2013.ie le fáil i nGaeilge, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Ar an suíomh faoi ‘I dtaobh na hÉireann’, tá mír ann mar gheall ar an nGaeilge. Déanann sé tagairt do stair na teanga, don chaoi ar tháinig meath uirthi agus do na hiarrachtaí a rinne an rialtas an teanga a chaomhnú agus a fhorbairt. Deirtear ar an suíomh go bhfuil leibhéal éigin Gaeilge ag 40% den tír agus déanann sé tagairt don Straitéis Fiche Bliain atá ag an rialtas. Rud maith faoin mír seo is ea go bhfuil foclóir air a bheadh áisiúil don chuairteoir. Roinntear focail áisiúla linn ar nós slán, céad míle fáilte, and sláinte. Mínítear focail a d’fhéadfaí a chloisteáil in Éirinn: seanad, oireachtas, gardaí srl. Is maith ann iad na hiarrachtaí seo ar an suíomh ach feictear dom nach bhfuil na hiarrachtaí céanna ar bonn ar an bhfód.

Is é mo thaithí féin ann ó thús, go bhfuil níos mó Gaeilge cloiste agam ó chuairteoirí ná mar atá agam ó na Éireannaigh. Thosaigh Uachtarán Choimisiún na hEorpa, José Manuel Borroso, agus Luca Jahier, Uachtarán Ghrúpa 3 den EESC, roinnt aithisc le Gaeilge. Is léir go n-aithníonn daoine eile ár saintréithe agus go bhfuil meas acu orthu. Is deis dúinn é seo ár n-íomhá a neartú agus a chur chun cinn. Tá teanga na Gaeilge mar chuid den íomhá sin. Bíonn tíortha eile san Eoraip bródúil as a gcuid teangacha féin agus taispeánann siad a saintréithe le mórtas. Ba chóir dúinn a bheith amhlaidhbraithfidh siad ár n-iompar aduain ina measc.

Roinnimis an Taisce Le Cách

Níl mé ag súil go mbeadh an uachtaránacht trí mheán na Gaeilge. Tá an uachtaránacht seo faoi phobal na hEorpa agus is é an Béarla an teanga iasachta is coitianta atá ar bhéal na ndaoine. Creidim go bhfuilimid in ann gach duine a thógáil san áireamh agus ár teanga féin a chur chun cinn ag an am céanna. Rinne an Bord Bia, cuirim i gcás, urraíocht ar an mbia Dé hAoine seo caite i gCaisleán Cnucha agus ní raibh ar aon duine insint dár gcuairteoirí cé chomh maith is atá ár gcuid bia, mar bhí siad in ann é a bhlaiseadh dóibh féin.

Is iomaí imeacht a bheidh ar siúl i rith na huachtaránachta. Ina measc beidh Stair na gCeilteach i nGaillimh a thabharfaidh ardán d’ealaíona na Gaeltachta agus beidh Guthanna na nOileán i gCorcaigh a dhíreos ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeltachta. Tá na himeachtaí seo taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, an áit ina bhfuil formhór na gcruinnithe á reáchtáil, ach b’fhiú dúinn níos mó dár saíocht agus dár n-oidhreacht a léiriú. Ba chóir dúinn an deis a thabhairt dár gcomhghleacaithe ón Eoraip ár gcultúr agus ár stair a bhlaiseadh i gceart in ionad a bheith ag cloisteáil nó a bheith ag léamh faoi.

Is deis iontach dúinn é seo, deis nach mbeidh arís againn go ceann ceithre bliana déag eile. Ba chóir dúinn é a úsáid i gceart chun go mbainfimid ar fad taitneamh agus tairbhe as. Eachtrannach as mór-roinn eile a dúirt, “is féidir linn”.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is iriseoir saoránaigh ar son Youth Media and the Irish Presidency í Clodagh Garry.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.