tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 2 Aibreán 2013, 21:45 GMT
Tá sé deacair an rud a thaispeáint nach bhfuil sa chroí, nach bhfuil, a Chlodagh?
tabhair freagratabhair freagra #2 eoin ó sé 6 Aibreán 2013, 19:17 GMT
Is dócha gur Lucinda Creighton FG agus frith-Ghael amach is amach a d'eagraigh an ócáid. Bhí sí ag 'oíche chultúr na hÉireann' sa Bhruiséil agus níor luaigh sí an Ghaeilge fiú.
Tá an lá le Taliban na hÉireann le fada an lá agus muintir na hÉireann ina gcodlatáin buailte, lagbhríoch, leath-mharbh, dóipeáilte ag druga na meán Béarla nó ag drugaí per se nó .....'whatever'.... agus iad ....'soooo coool' agus iad 'xfactorised' as a gcloigeann leathchipín.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 7 Aibreán 2013, 23:00 GMT
Cé hiad "Taliban na hÉireann" muna inimircigh Áfgánastánacha iad?
tabhair freagratabhair freagra #4 aogán ó rathaille 26 Aibreán 2013, 19:44 GMT
Mar eolas duit; is é ata i gceist agamsa le Taliban ná 'filistínigh' nó 'priompalláin' .i. daoine go bhfuil fuath acu don éagsúlacht cultúir agus/​nó do chultúr ar bith agus atá dírithe ar aonchultúrachas cúng aimrid fuarspreosach amháin domhanda.Tugtar 'dumming down' air sin sa Bhéarla agus tá sé mar pholasaí ag dreamanna áirithe atá i gceannas ar na meáin etc.
Bíonn 'feadaíl', éisteacht le ceol nó ceol a sheinnt, amhrán a chanadh nó éisteacht le hamhrán, aon éispéireas cultúrtha atá bunoscionn leis an norm fé thoirmeasc ag na Taliban san Afganastáin is eile.
Muna bhfuil tú ag teacht leis an Saria is eiriceach thú. Phléascadar dealbha den mBúda abhí sárchríonna agus sárluachmhar ó thaobh na healaíona de toisc gur bhain siad le hainchreidmhigh.
Tá an meon cúng, griofadach céanna i measc aicmí áirithe anseo in Éirinn, go háirithe i leith na Gaeilge.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!