AR NA SAOLTA SEO
Teorainn an Aontais Eorpaigh sa Mhagreb
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Ríomhann Alan Desmond san alt seo scéal tubaisteach Eric Tabo as an gCamarúin atá fágtha in anchaoi i gceart i Maracó le tamall fada.

Íomhá
Ceantar a n-ionsaíonn Arm Mharacó lucht trasnaithe teorann
(le Dick ar Picasaweb)
Íomhá
Siúl oíche in Iarthar an tSahara atá gafa ag Morocco
(le Wilfrid ar Picasaweb)
Íomhá
Ar sos i Merrakec
(le Mouldfish ar Flickr)
Íomhá
Seanbhealaí taistil na Meán-Aoise
(le T L Miles ar Vicipéid)
Íomhá
Cumhdach ó theas an lae
(le Wilfrid ar Picasaweb)

Bíodh is gur le mór-roinn na hEorpa is mó a shamhlaítear an Eoraip, tá cuid bheag di i dtuaisceart na hAfraice. Ar chósta thuaidh Mharacó, tá dhá chathair de chuid na Spáinne, mar atá, Ceuta is Melilla. Ciallaíonn sé sin gur ar thalamh na hIlchríche Dorcha atá an teorainn idir an Eoraip is an Afraic agus is ag an teorainn seo a tháinig an chéad chor mí-áidh eile i gcinniúint an Chamarúnaigh, Eric Tabo.

Scéal Samplach

I ndiaidh dá thuismitheoirí bás a fháil, shocraigh Eric Tabo go dtréigfeadh sé a thír dhúchais ar son na hEorpa d’fhonn obair a fháil a ligfeadh dó soláthar dá dheartháireacha is deirfiúracha. Níor bhain sé an mhór-roinn amach, áfach. Agus é i bhfolach i bhforaois i dtuaisceart Mharacó, ag fanacht le háiméar ar an teorainn le Melilla a thrasnú, tháinig saighdiúirí Mharacó air. In ionad é a choinneáil, d’ionsaigh siad é. Briseadh a chos agus thug cairde leis chun na hotharlainne é, ach níor tugadh cead isteach dó. Ní hionadh go bhfuil créacht air atá fós gan leigheas. Ós rud é nach acmhainn dó an obráid is cóir a dhéanamh ar a chos, tá míchumas air a choinnigh i Maracó é, ag brath ar an déirc.

Mar bharr ar an olc, thug drong bithiúnach faoi tar éis dó socrú síos i Rabat, príomhcathair Mharacó. Sádh le scin é sna lámha agus san ucht agus goideadh uaidh a ghuthán póca is an céad dollar a bhí curtha le chéile aige mar thoradh ar an déircínteacht.

Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó

Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh. Meastar go bhfuil suas le 15,000 inimirceach ón Afraic Fho-Shahárach ag maireachtáil gan cead i Ríocht Mharacó, tír 33 milliún duine ina bhfuil rátaí arda bochtanais, dífhostaíochta is neamhlitearthachta. Ní dhéanfar iontas de nach chomh maith sin a chaitear le hinimircigh ghorma atá sa tír in aghaidh an dlí.

Cuirtear milleán ar inimircigh Fho-Shaháracha as fadhbanna ar nós na coiriúlachta is na dífhostaíochta. Déantar iad a bhualadh, a éigniú is a robáil mar gur éasca iad a aithint agus tuigtear nach n-iarrfaidh siad cabhair ar na húdaráis mar gur gan cead atá siad sa tír. Agus fiú dá rachaidís i muinín na n-údarás tá gach seans go mba mheasaide iad é, mar a léiríonn an drochíde a fuair Eric Tabo ag teorainn Mhelilla.

Is minic a dhéanann póilíní Mharacó breith ar dhreamanna ón bhFo-Shahára chun iad a dhíbirt as an tír. Ach in ionad iad a chur ar ais go dtí a dtíortha dúchais, is gnách leo na hinimircigh a scaoileadh saor ar thalamh thréighte gar don chathair Oujda ag an teorainn idir Maracó is an Ailgéir. Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó. Is dócha gurb ionann ciardhuán is inimirceach gan cead maidir le húdaráis Mharacó de.

Freagracht is Milleán

Is féidir roinnt den locht as fulaingt na n-inimirceach i Maracó a chur ar an Aontas Eorpach. Mar chuid de Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas is an Ríocht atá i bhfeidhm ó 2000 tá an dá pháirtí ag déanamh a ndíchill chun troid in aghaidh na hinimirce neamhdhleathaí. Is é is brí leis sin, i mbeagán focal, ná go réitíonn sé leis an Aontas go gcuirfeadh Maracó constaicí i mbealach na ndaoine ón bhFo-Shahára a dteastaíonn uathu dul isteach san Aontas gan cead.

Fiú má éiríonn le himirceach Maracó a chur de, bíonn an Mheánmhuir nó an teorainn le Melilla is Ceuta le sárú aige. Mar gheall ar na hathruithe móra atá tite amach i dtuaisceart na hAfraice le cúpla bliain anuas tá méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag iarraidh triall ar an Eoraip trí Mharacó. Ach fágann an Mheánmhuir mharfach agus teorainneacha daingne na hEorpa gur i Maracó a fhanann roinnt mhaith de na daoine sin. Is léir mar sin gur tír cheann scríbe anois é Maracó seachas tír idirthurais, cé nach é an ceann scríbe ab áil le cuid mhaith de na himircigh a fhanann ann.

Is léir, leis, go bhfuil ról ag beartas inimirce an Aontais Eorpaigh in athrú Mharacó go tír cheann scríbe. Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na n-éagóracha éagsúla a imrítear ar imircigh sa Ríocht, tá cainteanna ar siúl idir an tAontas is Maracó mar chuid den Chomhaontú Comhlachais faoi Chomhaontú um athghlacadh isteach daoine a n-éiríonn leo taisteal gan cead ó Mharacó go dtí an tAontas. I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair atá mar sciúirse ar an Eoraip faoi láthair, is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh le hinimircigh fho-Shaháracha agus is in iomadúlacht a bheidh scéalta leithéidí Eric Tabo ag dul.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.