CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Gnólacht a Thionscnamh
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Thug Dublin Web Summit na bliana seo ábhar machnaimh go leor do lucht fiontraíochta agus chomh maith le sin, shaighid sé Roseanne Smith i mbun méarchláir.

Íomhá
Ag obair go déanach
(le Leyla.A ar Flickr)
Íomhá
Istanbul 2013
(le Dell Inc. ar Flickr)
Íomhá
Fiontraíocht na mban, Istanbul
(le Dell Inc. ar Flickr)
Íomhá
Marcas, ag sracadh leis
(le J D Lasica ar Flickr)

Leis an Dublin Web Summit, nó ‘cruinniú mullaigh an ghréasáin’ is dóigh, thart do 2013 tá neart feidhmeannach teicneolaíochta ag déanamh machnaimh ar ghnólachtaí nuathionscanta (.i. nuaghnóanna nó ‘startups’ an Bhéarla). Ag am scríofa an ailt seo, bhí liosta le háireamh díobh ag tabhairt aghaidh ar an RDS ag dréim le bheith ag líonrú agus iad féin a chur i láthair roimh an tionól. Is é seo an deis mhargaíochta is fearr do bhoic mhóra na teicneolaíochta san Eoraip.

Níl aon amhras, le straitéis chuí agus le haidhm ar leith, d’fhéadfaí naisc ghnó iontacha a chruthú agus a chothú ag a leithéid d’imeacht. Bíonn an saol is a athair i láthair. Ní de thaisme a reicim an forainm agus an t-ainmfhocal fireann ansin dála an scéil

dearcadh dearfach ar an gcomhdháil seo, ní hamháin anseo ach fud fad na hEorpa agus i measc fiontraithe sna Stáit Aontaithe de réir mo léimh air. Tá díriú ar leith ar ghnólachtaí nuathionscanta ag an gcomhdháil seo. Cuirtear fáilte roimh ghnólachtaí úra ó gach cearn den domhan both taispeántais a ghlacadh ann agus tá comórtas, Spark of Genius, a bhronnann €25,000 ar an ngnó nua is fearr i measc 30. http://www.siliconrepublic.com/start-ups/item/34493-finalists-for-2013-esb/

Déamar Ár Linne is ea Marcas

Má tá spéis sa réimse teicneolaiochta agat, ní mhairfidh tú i bhfad gan teacht aghaidh ar aghaidh le cultas na ngnóthaí nua. Cé’b as a dtagann an spéis seo? D’fhógair Facebook le déanaí gur thuill Mark Zuckerberg é féin, go pearsanta $2.3 billiún i 2012. D’fhéadfaimís ar ndóigh, réim chéille an bhriathair “tuill” a chíoradh i dtaca le Marcas, ach is cíoradh do lá eile é sin.

Léigh mé alt le rachmasaí fiontair inar scríobh sé faoina iomaíocht i gcomórtas an ‘Iron Man’ ina bhfuil: ‘3.8 kilometers of swimming,[...] 180 kilometers of cycling over thousands of feet of elevation and followed by a 42 kilometer run.’

Ní éiríonn le 18% de rannpháirtithe an rás seo a chríochnú. Ach fós féin, glacann daoine páirt ann go fiú leis an gcorrlach úd. Tá fonn orthu an taithí a bheith acu fiú muna éiríonn leo buachaint (0.04% seans), fiú muna éiríonn leo críochnú (18%). Tugann siad faoi ar mhaithe le sásamh pearsanta, glóir nó cáil, b’fhéidir duais agus ceisteanna sláinte. Tá tréimhse fhada ullmhúcháin ann agus muna tugtar faoi sin, teipfidh ort. Is féidir le haon ní gabháil amú ar an lá, idir threalamh agus thimpeallacht, a chiallódh go dteipfeadh ort. Ach fós féin, tugann daoine faoi.

Siocracha an Túis

Tá fianaise ann go dteipeann ar 75% de ghnólachtaí úra. http://www.bizjournals.com/sanjose/blog/2012/09/most-startups-fail-says-harvard.html?page=all

Cad chuige mar sin, go dtosnaítear gnólachtaí úra? De réir Institute of Technology and Engineering na Breataine http://businesscasestudies.co.uk/iet/entrepreneurship-in-engineering/why-people-become-entrepreneurs.html#axzz2iuIPzUSK tá ceithre fáth ann:

  • Sásamh Pearsanta: aithníonn tú go bhfuil bearnafadhb ann agus dtuigeann tú conas é a líonadh.

  • Airgead - Má éiríonn leis is chugatsa a rachaidh an biseach. Agus an t-aitheantas.

  • Neamhspleachas - Is fút féin conas tabhairt faoi agus cé leis a dtabharfaidh tú faoi.

  • Féin-chomlíónadh - b’fhéidir go bhfuil scileanna agat nach bhfuil in úsáid sa jab atá agat agus tá plean agat iad a úsáid.

Luíonn seo leis an inspreagadh a ghineann aon saghas comhlacht nua ó chaife cúinne go dearthóir graificí, go feighlí linbh gan trácht ar na comhlachtaí nuatheicneolaíochta. Ní gá ach súil a chaitheamh ar mhacasamhail Dragons Den chun an tiomantas seo a thuiscint. Ach toisc an t-airgead a thuill an tUasal Zuckerberg tá spéis ar leith i gcomhlachtaí teicneolaíochta ag fiontraithe agus ag rachmasaithe fiontair araon. Mar a deirtear i mBéarla: “They all want a piece of the action.

Siocracha na Teipe

Tá neart fáthanna go dteipeann orthu:

  • Easpa taithí - go háirithe le comhlachtaí teicneolaíochta is minic a bhíonn cruthaitheoir an teicneolaíochta óg agus mar sin bíonn, ar ndóigh, níos lú tuiscint acu ar conas gnó a reáchtáil. Ach fiú muna bhfuil siad óg go minic bíonn easpa taithí acu ar conas gnó a rith mar go dtí seo níorbh orthu a bhí an fhreagacht an ghnó a rith: bhí foireann mhór ag an gcomhlacht nó bhí an comhlacht chomh mór sin go raibh gach rud seachfhoinsithe. Uaireanta léirítear an easpa taithí seo sa tslí is nach n-aithníonn an fiontraí nach bhfuil a dhóthain tuisceana nó taithí acu chun plé le ceisteanna dlí nó le cuntasaíocht, fágaim.

  • Easpa ullmhúcháin - ní hionann an comhshaol gnó san Eoraip, nó fiú i measc comhlachtaí Eorpacha, is atá sna Stáit Aontaithe. Tá eagla ann go bhfuil roinnt fiontraithe sna Stáit Aontaithe ag úsáid nua-ghnólachtaí teipthe mar thaighde in ionad tabhairt faoi thaighde ceart. An phríomhdhifríocht sa tír seo ná má theipeann ar do chomhlacht anseo agus má bhreithnítear féimheach thú, níl cead agat comhlacht eile a stiúradh ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad. Mar sin tá brú ar leith ar fhiontraithe Éireannacha tabhairt faoi thaighde. Chomh maith le cúnamh iontach eile, cuireann Enterprise Ireland ‘dearbháin nuálaíochta’ ar fáil ar féidir a chaitheamh le leathbhádóir ollscoile a thabharfaidh faoin taighde don ghnó nua.

  • Easpa spéis sa táirge nó sa tseirbhís: baineann sé seo, méid áirithe, le heaspa ullmhúcháin sa chaoi is má dhéanann tú do thaighde beidh a fhios agat spéis a bheith i do thairge. Bíonn an spéis ann scaití ach an margadh gan a bheith réidh nó tá an margadh róchoimeadach toisc, mar shampla, deacrachtaí sa gheilleagarsan earnáil ag an am. Go háirithe más deacracht san earnáil atá ann, ní bhíonn fonn an t-eolas sin a roinnt leo siúd nach bhfuil san earnáil mar gheall ar cheist na hiomaíochta.

  • Cur i láthair - Baineann méid áirithe de seo leis an gcéad phointe thuas faoi easpa taithí. Bíonn smaoineamh iontach ag fiontraí in amanna, ach teipeann air in iomlán toisc nach féidir leis an smaoineamh sin a chur i láthair. Idir scríobh agus labhairt faoi, an branda a chruthú, an mhargaíocht agus an phoiblíocht a dhéanamh air, ar líne agus trí na meáin traidisiúnta, ní éiríonn leis an bhfiontraí an margadh a shroichint.

An Bhuanseasmhacht Thar Aon Ní

Ní leor smaoineamh maith faoi tháirge nó faoi sheirbhís: caithfear a bheith nuálach faoi gach aon ní a bhaineann leis an táirge. Caithfidh sé go mbeadh fís ag an bhfiontraí mar sin a chuimsíonn gach aon ní ón bplean deich mbliana go dtí an duine is fearr don obair mar chuntasóir. Caithfidh siad smaoineamh faoi conas an fhoireann sin a chruthú, a chinnteoidh forbairt agus fás an táirge agus an chomhlachta. Mar shampla, tá an gnó nua SumAll ag cruthú ionad oibre trédhearcach ina roinntear, go hinmheánach, eolas faoi phacáistí gach uile dhuine ar an bhfoireann. http://www.today.com/news/transparent-workplace-everyone-knows-what-you-make-6C10945710 Dar leo, cuireann sé seo iachall ar gach aon duine tabhairt faoina gcuid oibre go macánta.

Ach an tréith is mó atá de dhíth ar fhiontraí agus ar a c(h)omhlacht ná buanseasmhacht. Beidh neart bacainní caite os comhair an fhiontraí, gan chaint ar na ceithre cinn thuasluaite. Ach mar a scríobhann rachmasaí fiontraíoch amháin http://www.forbes.com/sites/davefeinleib/2012/11/13/why-startups-fail-2/2/

a big part of being an entrepreneur is thinking about how many factors you can control when you’re choosing how to build your companies.

Má tá rogha ann, b’fhearr i bhfad buanseasmhacht ná foirfeacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.