Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 141
Íomhá
Eagrán 100, Lúnasa 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Thug Roseanne Smith a ríomhaire glúine léi ar saoire don chéad uair riamh i mbliana. Cén fiúntas seirbhise idirlín a fuair sí ar an gcúlriasc in iarthar na tíre? Ar chuidigh an guthánI, an guthán idirlín, léi?

»»»
Íomhá
Eagrán 99, Iúil 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá Roseanne Smith ag caitheamh súil le tamall anuas ar thoradh taighde a rinneadh don leabhar treorach ‘Join the Conversation: The Guide to Blogging for Business’. Tá buntáistí breise leis mblag thar an seanfhógra nuachtáin dar léi.

»»»
Íomhá
Eagrán 98, Meitheamh 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Bíodh meas againn ar an ‘minic a thig’ a deir Roseanne Smith linn. Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh. Tá a leithéid de reachtaíocht i bhfeidhm agus ba cheart cuimhneamh ar an méid sin.

»»»
Íomhá
Eagrán 97, Bealtaine 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Is mór an tionchar atá á imirt ag saol na teicneolaíochta ar shaol an cheoil a deir Roseanne Smith. An té atá in ann an t-athrú a bhrath, a thomhas agus athrú go luath dá réir é féin, déanfaidh sé a leas agus ní chuirfidh sé am ná iarracht amú de bheith ag iarraidh snámh in aghaidh sruth na teicneolaíochta.

»»»
Íomhá
Eagrán 96, Aibreán 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Áisiúlacht agus daonlathú na teicneolaíochta trí acra cliste a úsáid in áit an tseanleabhair nóta, abair, sin é a tharraing aird Roseanne Smith an mhí seo. Beidh ré an leabhair nóta ag téaltú leis feasta. Sluafhoinsiú a bhí ar bonn ag Roseanne a spreag an macnamh ar Things don Apple agus Remember the Milk.

»»»
Eagrán 95, Márta 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Roseanne Smith

Tá rómhar domhain déanta ag Diarmaid Mac Mathúna leis an Ghaeilge in ithir na teicneolaíochta ó thosaigh sé ag soláthar ar an iris seo. Is buíoch beannachtach sinn de, siocair fáil a bheith ar an saibhreas sin feasta sa chartlann abhus. Guímid gach rath air agus fearaimid fíorchaoin fáilte roimh a chomharba, Roseanne Smith.

»»»
Íomhá
Eagrán 94, Feabhra 2009
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Seo chugainn an ‘ríomhlitríocht’ agus chuaigh Diarmaid Mac Mathúna ina bun cheana féin. Nochtann Diarmaid a thuairim féin linn san alt thíos ar áiseanna léitheoireachta atá ar an margadh ag dhá chomhlacht cheana féin, mar atá, an Sony Reader agus an iPhone.

»»»
Íomhá
Eagrán 92, Nollaig 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Is iomaí duine atá buartha faoina phost ar na saolta seo agus ag amharc go neirbhíseach ar an méid atá roimhe ó thaobh cúrsaí airgeadais de i 2009. Faoi mar a phlé mé i m’alt an mhí seo caite, tá slite go leor ann chun gur féidir le duine úsáid a bhaint as áiseanna ar an idirlíon chun airgead a shábháil dó féin. Ach cad faoi chomhlachtaí?

»»»
Íomhá
Eagrán 91, Samhain 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Leis an ghéarchéim airgeadais faoi lán seoil timpeall orainn, táimid go léir ag tabhairt aire níos mó dos na pinginí. Seo thíos roinnt moltaí ar conas leas a bhaint as áiseanna ar an líon chun cabhrú le do chuid cúrsaí airgid.

»»»
Íomhá
Eagrán 89, Meán Fómhair 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá sé mar aidhm ag córais nua mar eFlow plódú tráchta i mBaile Átha Cliath a laghdú ach tá Diarmuid Mac Mathúna in amhras faoi chuid de na hathruithe atá i ndán do chomaitéirí na hardchathrach.

»»»
Íomhá
Eagrán 88, Lúnasa 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

De thairbhe go bhfuil leithéidí GPS, GoogleMaps agus Loopt ar fáil go fairsing, níl aon leithscéal agat a bheith caillte a thuilleadh. Insíonn Diarmuid Mac Mathúna dúinn faoin teicneolaíocht seo agus faoi OpenStreetMap, an córas mapála foinse oscailte a bheidh ar fáil saor in aisce go deo.

»»»
Íomhá
Eagrán 87, Iúil 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Caoimhe Ní Laighin

Tá ríomhchainteoir darb ainm Cabóigín forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Labhair Caoimhe Ní Laighin le stiúrthóir an tionscadail, an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, le gairid faoin teicneolaíocht réabhlóideach seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 86, Meitheamh 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Baineann crá croí le bheith ag seoladh téacsanna Gaeilge, ach tá leigheas faighte ar an scéal anois, a bhuíochas sin ar ghuthán nua de chuid an chomhlachta Samsung. Cúlra an scéil ó Dhiarmuid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 85, Bealtaine 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Cuireann Greenpeace eolas ar fáil maidir le chomh díobhálach agus atá comhlachtaí éagsúla ríomhaireachta don chomhshaol. Ach síleann Diarmuid Mac Mathúna go bhfuil i bhfad níos mó damáiste déanta ag lucht tiomána SUVanna don domhan ná mar atá déanta ag leithéidí Nintendo.

»»»
Íomhá
Eagrán 84, Aibreán 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Agus glanadh an earraigh ar siúl agat, seans go mbeidh fonn ort tabhairt faoi roinnt jabanna eile sa teach chomh maith. Tá leideanna ag Diarmaid Mac Mathúna maidir leis na suíomhanna gréasáin ar féidir úsáid a bhaint astu agus tú i mbun athchóirithe tí.

»»»
Íomhá
Eagrán 83, Márta 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Is mithid do lucht teicniúil na hÉireann teacht i dtír ar theicneolaíocht satailíte sa chaoi is nach mbeimid ag brath ar chórais na Stát Aontaithe, dar le Diarmuid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 82, Feabhra 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Bíonn sé de nós againn www.google.ie a chlóscríobh go huathoibríoch agus eolas á lorg againn. Ach tá innill chuardaigh anois ar fáil atá níos éifeachtaí agus níos tarraingtí, mar a mhíníonn Diarmuid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 81, Eanáir 2008
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Cúpla mí ó shin, bhí daoine an-tógtha le Facebook. Ach anois, dar le Diarmuid Mac Mathúna, níl muinín ag úsáideoirí as an suíomh gréasánaithe sóisialta a thuilleadh.

»»»
Íomhá
Eagrán 80, Nollaig 2007
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá daoine sásta eolas príobháideach a roinnt ar líne leis an saol mór na laethanta seo ach d’fhéadfadh míbhuntáistí a bheith ag baint leis seo, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 79, Samhain 2007
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA

Tá líon na ndaoine a bhaineann úsáid as Facebook, an suíomh gréasánaithe shóisialta, ag dul i méid go leanúnach ó cuireadh tús leis sa bhliain 2004. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin feiniméan an tsuímh seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 76, Lúnasa 2007
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Déanann Diarmaid Mac Mathúna cur síos ar na suíomhanna gréasáin is fearr leis.

»»»
Íomhá
Eagrán 74, Meitheamh 2007
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Éiríonn le comhlachtaí áirithe earraí leictreonacha gan úsáid a dhíol leis na tomhaltóirí, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 72, Aibreán 2007
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Murach an tOirmhinneach Nicholas Callan agus eolaithe eile Éireannacha seans nach mbeadh gléasanna seinnte ceoil mar an iPod chomh maith is atá siad, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
Eagrán 70, Feabhra 2007
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 68, Nollaig 2006
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tar éis dó triail a bhaint as an leagan nua de Word a bheas ar an margadh gan mhoill, tá Diarmaid Mac Mathúna den tuairim go gcuirfidh an comhéadan nua atá forbartha ag Microsoft mearbhall ar go leor daoine.

»»»
Íomhá
Eagrán 66, Deireadh Fómhair 2006
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá teilifíseáin ardghléine ar díol sna siopaí anois ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, níl ach stáisiún amháin ag craoladh cláracha san fhormáid nua faoi láthair.

»»»
Íomhá
Eagrán 64, Lúnasa 2006
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá lucht cruthaithe na gcluichí ríomhaireachta ag teacht i dtír ar an bhfisic anois, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, chun domhain níos réadúla a chruthú.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA

Tá go leor físeán agus cláracha teilifíse le fáil saor in aisce ar líne anois agus tá sé níos fusa ná mar a bhí riamh féachaint orthu, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Eagrán 61, Bealtaine 2006
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Míníonn Diarmaid Mac Mathúna na buntáistí móra a bhaineann le blaganna.

»»»
Eagrán 60, Aibreán 2006
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Míníonn Diarmaid Mac Mathúna na buntáistí móra a bhaineann le blaganna.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.