CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Mini Maker Faire & Seachtain Hackerspace
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Scoláirí sclártha agus daoine ar thit smaoineamh úr aisteach éigin isteach ina gcloigne atá faoi thrácht ag Roseanne Smith. Is féidir bualadh leo an mhí seo, le linn Seachtain Hackerspace i roinnt cathracha.

Íomhá
Sugru i lár aonaigh Cheantair an Chuain
(le Takasu Masakazu ar Picasaweb)
Íomhá
Sugru ag fáisceadh méarchláir admhaid in áit
(Steve Potter, Picasaweb)
Íomhá
'Siopadóireacht sclártha'
(le J. R. Logan ar Picasaweb)
Íomhá
Fearas mion-cylon
(le Quelab Albuquerque CoWorking & HackerSpace, Picasaweb)
Íomhá
Scláróirí Amsterdam
(le Ade Oshineye, Picasaweb)

Lá deas le linn an tsamhraidh - bhí a leithéid ann! - thug mé aghaidh ar Coláiste na Tríonóide le beirt bhuachaill i mo theannta don chéad Mini Maker Faire i mBaile Átha Cliath. Bhí sceitimíní ar an dtriúr againn agus bhí an ceart againn: bhí neart rudaí le feiceáil ann a bhí an-spéisiúil agus an-spraoiúil.

Bhí Mini Maker Faire Bhaile Átha Cliath ar siúl sa Science Gallery i mí Iúil agus chomh fada siar le mí Feabhra rinneadh glaoch ar iarratas ar “tech enthusiasts, crafters, educators, tinkers, hobbyists, science clubs, students, authors or exhibitors – anyone with an innovative idea around technology” páirt a ghlacadh ann. Silicon Republic

Le linn an chuplá uair a chaitheamar ann d’imir na gasúir Tetris and Pong lena gcorp mar smachtóir. Thaispéain an fear a chruthaigh an Pong dúinn nach raibh de dhíth ach braiteoir Kinect agus cúpla líne cód a chuir sé le chéile an mhaidin sin lena mhac, atá naoi mbliana d’aois. Bhí tograí ann ó lucht teicneolaíochta, ó cheardaithe agus uathu siúd leath bealaigh eatarthu. Bhí Scalextrix 3 troighe in airde a tharraing cumhacht ó cross-trainer. Bhí ceardlanna sádair ina rinne na buachaillí suaitheantaisí beaga le LED gealánach orthu (cosúil leis seo Maker Shed.

Aithníonn Cróiséir Cróiséir Eile

Bhí mé ana-shásta aithne a chur ar cróiséir eile ann freisin, ar mo nós féin, ar ndóigh! Ina measc siúd a bhí ann, bhí ionadaí ó “hackerspaces” Bhaile Átha Cliath, Gailliamh agus ó Brighton fiú amháin. Bhí mic léinn, iarchéimithe agus ollúna ann ag roinnt a gcuid saineolais ar leith teicneolaíochta, innealtóireacht leictreonach agus eolaíochta. Go fiú, bhí Mary “Make and Do” Fitzgerald i láthair leis! Is dócha go raibh i bhfad níos mó i láthair ná mar a bhí súil leis agus bí cinnte go bhfeicfimid i bhfad níos mó déantóirí ann an bhliain seo chugainn.

Is cuid de ghluaiseacht idirnáisiúnta é a leithéid d’imeacht. Bunaíodh an chéad Maker Faire i 2006 i San Mateo sna Stáit Aontaithe thart fá bliain tar éis foilsiú an chéad eagráin de Make, Makezine “the media brand devoted to the growing community of makers who create, build, design, tinker, hack, and invent” mar a thugann siad orthu féin. Is iris ráithiúil de chuid O Reilly Publishing don phobal é seo. San iris, gach ráithe, faightear ailt ar threoracha chun réimse mór rudaí a thógáil, a athrú nó a scláradh. Is é an pobal féin a scríobhann na hailt seo, ag déanamh cur síos go minic ar thogra ar thug siad faoi chun inneallra nó rud éigin ina saol féin a dhéanamh níos fearr nó níos gaire don rud atá uathu ná an fearas olltáirgthe as áit éigin i bhfad thar lear.

Samhlaítear scéal an phobail idirnáisiúnta seo anois le tús na ríomhaireachta pearsanta, go háirithe le linn an chéad “Hardware Innovation Workshop” le Make a bhí ar siúl mí Bealtaine seo chaite. Ag an gcomhdháil seo tháinig neart comhlachtaí le chéile atá ag cur uirlisí ar fáil a ligeann do na déantóirí seo tabhairt faoi na tograí uathúla seo. An ceann is ansa liom ná Makerbot a chruthaigh an Replicator, clódóir 3D don ghnáthduine. Makerbot. Lena leitheid is féidir na páirteanna atá uait a chruthú chun uirlisí, cluichí, objet d’art, cibé ar bith uathúil a chruthú. Tá lárshuíomh pobail ann, Thingiverse ina roinneann daoine deartha digiteacha do chlódóirí 3D. Is uirlis íontach iad na clódóirí seo ar ndóigh d’aon duine a chaithfidh protaitípeanna a chruthú.

Sclárspásanna go Leor

Ceann de na rianta a ritheann tríd an ghluaiseacht ar fad ná nós foinse oscailte agus ábhar úsáideora. Cé go gcosnaíonn an iris Make $35 ina aghaidh na bliana cuireann rannpháirtithe ann a dtreoracha ar fáil do chách. Is ionann é sin agus na deartha digiteacha ar Thingiverse agus ar ndóigh roinnt maith de na patrúin ar Ravelry.com, mar shampla.

Tá Replicator á chur ar fáil do bhaill TOG Bhaile Átha Cliath agus bheadh fáilte (agus bíonn fáilte rialta ann) romhat ann le linn Seachtain Hackerspace idir 15 agus 24 Meán Fómhair. Is spásanna na mílte is mó Hackerspaces / Sclárspásanna fud fad na cruinne ina gcuirtear spás agus uirlisí neamhgnáthach ar fáil do dhaoine chun tograí a dhéanamh nuair nach bhfuil spás acu féin. Samhail de chuibhreann don chruthaitheoir. Le linn na seachtaine beidh cur i láthair ar leictreonaic, ceirdeanna, oíche bia agus caint ar ghrúdú baile. Is deis iontach é aithne a chur ar do Sclárspás áitiúil. Seo ceann Áth Cliath TOG, na Gailimhe 091labs*, agus mar is eol dom, tá ceann i gCorcaigh freisin. Hackerspace Cork. Tá liosta iomlán le fáil ar www.hackerspace.com.

Más mian leat tuilleadh a chloisteáil faoi na mbealaí ina bhfuil daoine ag scláradh a dtimpeallachta, beidh Banríon na Scláraí Éireannacha, Jane Ní Dhulchaointigh, ag déanamh cur i láthair mar chuid de Tedx Dublin. Is í an Dulchaointeach cruthaitheoir Sugru, ábhar féinthéachtadh, ar a bhfuil cion mór acu siúd atá tar éis roinnt cúpan, eochracha, ceamaraí, bróg, nó aon ní, a bhriseadh ach atá cinnte gur féidir leo é a dheisiú. Gheobhaidh tú an-spreagadh ar a gclár plé Gurus.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.