
Tá saothar ó bhlianta deireanacha an ealaíontóra Iodálaigh Caravaggio le feiceáil i dtaispeántas atá ar siúl i Londain faoi láthair. Féachann Ciara Nic Gabhann siar ar shaol an ealaíontóra chonspóidigh seo.
»»»Tá cuid fuinneog cáiliúil Harry Clarke i gcaife Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, a dúnadh ag deireadh mhí na Samhna, ina n-ábhar aighnis idir úinéirí an chaife agus úinéirí an fhoirgnimh, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá bliain mhór i ndán do mhuintir Chorcaí in 2005, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Tá bua na healaíne ag an pháiste Meiriceánach Marla Olmstead agus gan í ach ceithre bliana d’aois. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Is fear é Eamonn McCann as Doire a bhfuil blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann ach, mar a fuair Ciara Nic Gabhann amach nuair a bhuail sí leis le gairid, tá spéis aige i go leor rudaí eile le cois na polaitíochta.
»»»Phéinteáil an t-ealaíontóir Ioruach Edvard Munch ceithre leagan ar fad den phictiúr cáiliúil An Scréach le linn a shaoil agus tá gadaithe tar éis ceann acu a ghoid - an dara huair a tharla sé seo le deich mbliana anuas. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Chuir na hÍostaigh rompu ealaín a chruthú a bheadh ionraic agus nach mbeadh cur i gcéill ag baint léi ach measann Ciara Nic Gabhann nár éirigh leo saothar a chur ar fáil a théann i bhfeidhm ar an chroí.
»»»Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Beidh taispeántas de shaothar an ealaíontóra Mheiriceánaigh Edward Hopper (1882-1967) ar siúl i Londain an samhradh seo. Féachann Ciara Nic Gabhann ar shaol agus ar shaothar an aonaráin seo a ndeachaigh a chuid pictiúr i bhfeidhm ar go leor daoine, lucht déanta scannán ina measc.
»»»Tá scannán nua Mel Gibson, The Passion of The Christ, ag cothú conspóide le tamall anuas. Féachann Ciara Nic Gabhann ar iarrachtaí eile atá déanta ag ealaíontóirí agus lucht déanta scannán Páis Chríost a chur i láthair an phobail.
»»»Is ealaíontóir é Francesco Clemente a bhaineann úsáid as go leor meán difriúil chun domhan a chruthú atá foréigneach agus ina bhfuil iontais agus brón. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an chéad mhórthaispeántas dá chuid in Éirinn atá ar siúl in Áras Nua Ealaíne na Éireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
»»»Tá saothar clúiteach de chuid an ealaíontóra Vermeer tar éis inspioráid a thabhairt do scríbhneoir agus do stiúrthóir scannáin. Féachann Ciara Nic Gabhann ar na buanna a bhaineann le saothar an ealaíontóra.
»»»Tá saothair ealaíne á n-ionsaí le tamall anuas de bharr go bhfuil siad graosta, dar le daoine áirithe. Ní nós nua ar bith é seo, áfach, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann ar stair Dhuais Turner agus tugann sí cur síos ar chuid de na healaíontóirí agus de na saothair atá san iomaíocht don duais i mbliana.
»»»Tá An Leabhar Mòr/The Great Book of Gaelic ar díol sna siopaí anois le tamall anuas agus tá taispeántas na saothar atá sa leabhar ar camchuairt timpeall an domhain faoi láthair. Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar an saothar le gairid.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar thaispeántas le Cristina Iglesia i mBaile Átha Cliath a spreagann an té a fheiceann é smaoineamh ar an timpeallacht ar dhóigh dhifriúil.
»»»Tá sé mar aidhm ag CowParade, taispeántas atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath faoi láthair, airgead a bhailiú do dhá eagraíocht charthanachta. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Thóg sé tamall fada ar Chiara Nic Gabhann an áit ar a dtugtar an Sean-Mhuileann a aimsiú i gCill Dara ach b’fhiú an iarracht a dhéanamh, dar léi.
»»»Tá saothar an ealaíontóra Robert Ballagh le feiceáil go forleathan le roinnt mhaith blianta anois, ar stampaí, ar airgeadra na tíre seo agus i Riverdance, mar shampla. Labhair Ciara Nic Gabhann leis faoin ealaín, faoin pholaitíocht agus faoin obair atá déanta aige do Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003, a bheas ar siúl an mhí seo.
»»»Is dealbhóir é Séigheann Ó Draoi atá ag cur faoi i nGaoth Dobhair agus a úsáideann an stair, an fhinscéalaíocht agus na logainmneacha mar inspioráid. Labhair Ciara Nic Gabhann leis le gairid.
»»»Féachann Ciara Nic Gabhann ar an ealaín mar uirlis chun agóid a dhéanamh i gcoinne cogaí.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt le déanaí ar thaispeántas in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA) i mBaile Átha Cliath le Corcaíoch nach dtugtar mar ainm air ach John. Tá blianta fada caite ag John in ospidéal meabhairghalair agus tá úire ag baint lena shaothar nach mbíonn le fáil chomh minic sin san ealaín.
»»»Labhair Ciara Nic Gabhann le Denise McShannon, ealaíontóir a bhfuil baint lárnach aici le tionscadal suimiúil i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste i mBaile Átha Cliath.
»»»Bhí conspóid ag baint i mbliana arís le Gradam Turner. An dtógtar raic mar gheall ar na saothair a bhíonn ar an ghearrliosta, a fhiafraíonn Ciara Nic Gabhann, díreach chun aird a tharraingt ar ealaín nach gcuirfeadh daoine aon suim inti murach an chonspóid go léir?
»»»Tá go leor conspóide ag baint leis an scannán The Magdalene Sisters le Peter Mullan ó d’oscail sé an fómhar seo. Labhair Ciara Nic Gabhann leis an ghrianghrafadóir digiteach Diane Fenster, atá lonnaithe i San Francisco, faoi shuiteáil dá cuid a dhíríonn ar an ábhar céanna.
»»»Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar “False Memory” in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath, taispeántas ina bhfuil breis is daichead píosa de chuid an ealaíontóra Willie Doherty as Doire.
»»»Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh sna Stáit Aontaithe faoiseamh a fháil ón ealaín tar éis uafáis an 11 Meán Fómhair.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.