CÚINNE NA nEALAÍON
Domhan rúnda Johannes Vermeer
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

saothar clúiteach de chuid an ealaíontóra Vermeer tar éis inspioráid a thabhairt do scríbhneoir agus do stiúrthóir scannáin. Féachann Ciara Nic Gabhann ar na buanna a bhaineann le saothar an ealaíontóra.

Íomhá
"Cailín leis an Fháinne Cluaise Péarla" le Vermeer
Íomhá
An t-aisteoir Scarlett Johansson i bpáirt Griet sa scannán "Girl with a Pearl Earring"

Ní bheadh le déanamh agat ach féachaint ar an ealaín a tháinig as an 17ú haois chun léargas a fháil ar an saol a bhí ag na daoine ag an am. Bhí na Cailvínigh i ndiaidh cosc a chur ar shamhlacha beannaithe agus na séipéil ar fad a ghealadh le haol agus, dá bharr seo, b’éigean d’ealaíontóirí fostóirí nua a fháil agus ábhair nua dá saothar.

Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.

Ba hiad na healaíontóirí genrear nós Vermeer agus de Hooch, áfach, an dream a léirigh níos mó ina n-ealaín ná dream ar bith eile. Tá seomraí nach bhfuil gluaiseacht ar bith iontu le feiceáil ina gcuid pictiúr agus daoine, reoite i mbun gníomhaíochtaí drámatúla. Feictear litir á léamh, cuir i gcás, nó duine ag féachaint ar shuiríoch go ceisteach. Is é an rud is suimiúla faoi na pictiúir seo ná go dtugann siad leid dúinn mar gheall ar shaol daoine. Bíonn na pictiúir seo suite i seomraí atá lasta go drámatúil ag solas an lae agus bíonn cur síos cruinn déanta ar mhionsonraí an tseomra chomh maith le héadaí an duine. Spreagtar muid chun na bearnaí a líonadh agus scéal na ndaoine sin a chríochnú inár n-intinn féin.

Is ar an phrionsabal seo atá an pictiúr Cailín leis an Fháinne Cluaise Péarla le Johannes Vermeer bunaithe, saothar atá anois mar ábhar leabhair agus scannáin. Sa phictiúr tá cailín óg le feiceáil, í lasta go drámatúil agus an cúlra dorcha, rud a chuireann loinnir ar a craiceann. Tá sí tiontaithe rud beag inár dtreo agus í ag féachaint orainn, fáinne cluaise amháin crochta go mealltach lena cluas. Is é an tslí a n-amharcann sí orainn an rud a spreagann an fhiosracht ó thaobh a scéala de agus is air seo atá an t-úrscéal, Girl with the Pearl Earring, le Tracy Chevalier, bunaithe.

Fíorbheagán eolais

Sa leabhar, agus anois sa scannán, déantar iarracht saol Vermeer a leathnú amach. Tá fíorbheagán eolais phearsanta againn mar gheall air, a shaol féin fágtha chomh mistéireach céanna lena phictiúir. Tá a fhios againn gur phós sé bean darbh ainm Catharina Bolnes, Caitliceach a bhí rud beag ní ba shine ná é. Chónaigh siad i nDelft, baile ar na canálacha, le máthair Catharina, Maria Thins (bean a bhí measartha saibhir), agus bhí aon pháiste dhéag acu. Fuair Vermeer bás nuair nach raibh sé ach trí bliana agus dhá scór, agus d’fhág sé timpeall 35 pictiúr mar oidhreacht agus a chlann beo bocht.

Déanann Chevalier iarracht féiniúlacht an chailín sa phictiúr Girl with a Pearl Earring a nochtadh ina scéal agus cruthaíonn sí carachtar darb ainm Griet, bean óg ó chúlra bocht a thagann chuig teach Vermeer mar chailín aimsire. Trí shúile Griet, faigheann muid léargas ar ghnáthshaol Vermeer: a theach lán calláin, páistí ag troid lena chéile, leanaí ag screadaíl, an chistin (áit a gcaitheann sí go leor ama ag obair nó ina codladh) beag agus dorcha.

Is é an dualgas is tábhachtaí atá uirthi ná stiúideo an mháistir, an t-aon áit sa teach atá gan forrú agus torann, a ghlanadh.

Aithníonn Vermeer go bhfuil buanna speisialta ag an chailín, a fuair sí ó bheith ag cuidiú lena hathair (péintéir tíle a chaill radharc na súl), a chuireann ar a cumas rudaí a fheiceáil lena súile féin. Feiceann sé go bhfuil tuiscint aici ar dhathanna agus ar sholas nach bhfuil ag a bhean féin. Dá bharr seo, cuireann sé lena cuid dualgas go dtí go bhfuil sí féin ag meascadh a chuid dathanna dó. Sa deireadh bíonn sí mar ábhar ina chuid pictiúr. Éiríonn an caidreamh idir an cailín aimsire agus an máistir níos tréine. Tá tuiscint idir an bheirt acu, atá anghrách gan a bheith drúisiúil.

Gan amhras, cruthaíonn sé seo coimhlint mhór sa teach. Éiríonn Catharina éadmhar agus amhrasach faoin bheirt acu agus tagann naimhdeas idir Griet agus iníon Vermeer, Cornelia.

Tá an scannán lán atmaisféir, agus tá gach radharc lasta le solas nádúrtha, ar nós cuid pictiúr Vermeer. Bheadh trua agat do Griet agus an saol suarach sclábhaíochta atá aici. Ní hé a scéal siúd, áfach, an rud is suimiúla nó is tabhachtaí sa scannán - is léargás ar an phróiseas cruthaitheach é agus an saineolas a bhí ag Vermeer maidir le léiriú an tsolais.

D’úsáid Vermeer solas chun dráma a chruthú agus is sampla iontach de seo An Cailín leis an Fháinne Cluaise Péarla. Lasann sé a haghaidh le solas láidir óna taobh clé chun codarsnacht láidir a chruthú agus chun í a léiriú go drilseach. D’úsáid sé an seomra céanna arís agus arís eile ina phictiúir - d’athraigh sé an troscán agus uirlisí éagsúla chun scéal úr a chruthú agus muid a mhealladh isteach ina dhomhan rúnda lenár scéal féin a chumadh.

*Seo iad príomhaisteoirí an scannáin *Girl with a Pearl Earring:

Vermeer: Colin Firth Griet: Scarlett Johansson Catharina: Essie Davies Maria Thins: Judy Parfitt

*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.