CÚINNE NA nEALAÍON
Michelangelo Merisi da Caravaggio: na blianta deireanacha
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

saothar ó bhlianta deireanacha an ealaíontóra Iodálaigh Caravaggio le feiceáil i dtaispeántas atá ar siúl i Londain faoi láthair. Féachann Ciara Nic Gabhann siar ar shaol an ealaíontóra chonspóidigh seo.

Íomhá
Bacchus (1595-6)
Íomhá
Gabháil Chríost, saothar de chuid Caravaggio atá i seilbh Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann

Is sa Ghailearaí Náisiúnta i Londain a bheidh an chéad taispeántas cuimsitheach le feiceáil den saothar deireanach a rinne an mórealaíontóir barócach Michelangelo Merisi da Caravaggio (1571-1610). Gan amhras, meallfaidh na sluaite isteach chun iontas a dheánamh den saothar dorcha cumhachtach seo agus chun meabhrú ar an fhear teasaí a rinne é.

Chruthaigh Caravaggio pictiúir a bhí drámatúil agus lán de d’atmaisféar, agus a bhí ina n-ábhar scannail, iontais agus míshuaimhnis go minic acu sin, eaglaisigh de ghnáth, a bhí mar phátrúin aige. Ba é an bealach macánta neamhghéilliúil a bhí aige a chuir eiteoga ar chroí daoine agus bhí dúil i gcónaí ag an ghnáthphobal ina shaothar. Bhí macallaí shaol rácánach féin le feiceáil ina chuid pictiúr agus thuig níos fearr go leor daoine angar mór an tsaoil.

Is ina luathshaothar a fheiceann muid é ag meabhrú ar an domhan miangasach, go minic i bhfoirm stócaigh óig. I Bacchus (1595-6), feiceann muid dia an phléisiúir ár mealladh le bheith ina chomhluadar. Cuireann cathú orainn leis an ghloine fíona atá á síneadh aige inár dtreo ach cuireann Caravaggio in iúl dúinn nach bhfuil an truailliú agus an meath i bhfad ar shiúl. Taispeánann babhla torthaí aibí in aice leis an fhear óg agus ina measc úll a bhfuil poll péiste ann agus pomagránait atá ró-aibí. Cuireann seo i gcuimhne dúinn chomh neamhbhuan is atá an saol. Léiríonn an stíl chiaroscuro (codarsnacht láidir idir solas agus dorchadas) a úsáideann an mhaitheas agus an t-olc agus go bhfuil beatha agus bás thart timpeall orainn i gcónaí.

Thaispeáin Caravaggio an saol réalaíoch de réir mar a chonaic féin é. Léirigh fíordhaoine ina shaothar agus ba é an realachas garbh seo a d’úsáid ina phictiúir chráifeacha a spreag daorbhreith agus cáineadh air. Dhiúltaigh sagairt de chuid an Oird Chairmilítigh don phictiúr de bhás na Maighdine Muire d’iarr siad air a phéinteáil mar gur mhothaigh siad go raibh mígheanasach. Bhí ráfla ann gur striapach nuabháite a bhí sa mhainicín a d’úsáid don phictiúr ina léiríonn an Mhaighdean mar bhean mheánaosta mhíghnaíúil, í sínte amach ar leaba agus a dhá cos nochta shalacha ag gobadh amach.

Cuireann in iúl go soiléir agus go macánta an t-éadóchas agus an chumha a bhaineann le bás agus cailliúint. Rinne Caravaggio téamaí móra mar chailliúint, trócaire agus fuascailt a scrúdú go mion ina shaothair dheireanacha, téamaí a bhí gearr chroí féin ar go leor dóigheanna éagsúla.

Dúnmharú

Ba sa Róimh, ar an 26 Bealtaine 1606 a mharaigh Caravaggio fear óg darbh ainm Ranuccio Tomassoni i ndiaidh dóibh comhrac aonair fada bheith acu. Is cosúil gur tharla an troid eatarthu mar gheall ar easaontú faoi chluiche leadóige. Theith Caravaggio agus chaith na ceithre bliana deireanacha shaol sa tSicil, Málta agus Napoli, ag éalú ón dlí.

Is le linn na tréimhse míshocra seo shaol a rinne Caravaggio an chuid is tromchiallaí agus is géarchúisí shaothar, agus, murab ionann agus an chuid is cáiliúla shaothar, atá le feiceáil gan stró in eaglaisí agus iarsmalanna sa Róimh, an saothar deireanach seo scaipthe in áiteanna éagsúla.

Tháinig athruithe drámatúla ar a ealaín nuair a d’fhág an Róimh agus in áit a phictiúir a bheith lán de ghníomhaíochtaí pléisiúrtha an tsaoil, d’éirigh siad inbhreathnaitheach, dorcha agus machnamhach. In áit na ndathanna tarraingteacha geala a d’úsáid chun na hógánaigh leis na súile mealltacha a léiriú ina shaothar luath, thiontaigh ar dhathanna mar dhubh agus donn le saol duine croíbhrúite agus cráite a chur in iúl.

Chaith Caravaggio bliain i Napoli, áit ar fhan le pátrúin chuid, muintir Colonna. B’ansin a rinne An Lascadh, pictiúr atá deich dtroithe ar airde. Bhog go Málta ansin áit ar dearnadh ridire d’Ord Naomh Eoin de. Agus é ansin, bhí dóchas aige go bhfaigheadh pardún ón Phápa as an dúnmharú a bhí déanta aige, ach ina áit sin bhris troid eile amach agus caitheadh i bpríosún é. Aisteach go leor, d’éirigh leis éalú ón phríosún inar cuireadh é agus rinne a bhealach go dtí an tSicil ag fágáil a loirg ina dhiaidh, i bhfoirm pictiúr, gach áit ar stop .

Fuair Caravaggio bás uaigneach sular shroich a 40ú breithlá agus é ar a bhealach chun na Róimhe le pardún a fháil ón Phápa. D’fhág uacht dhochreidte ina dhiaidh, a dhaingníonn a sheasamh mar dhuine de laochra stair na healaíne.

Beidh an taispeántasCaravaggio: The Final Yearsar siúl go dtí an 22 Bealtaine 2005 i Sciathán Sainsbury sa Ghailearaí Náisiúnta, Londain.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.