CÚINNE NA nEALAÍON
Amú i gCill Dara
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thóg sé tamall fada ar Chiara Nic Gabhann an áit ar a dtugtar an Sean-Mhuileann a aimsiú i gCill Dara ach b’fhiú an iarracht a dhéanamh, dar léi.

Íomhá
Grianghraf: Ciara Nic Gabhann
Íomhá
Grianghraf: Ciara Nic Gabhann
Íomhá
Grianghraf: Ciara Nic Gabhann

Chaith mé roinnt mhaith ama ag taisteal thart ar Chontae Chill Dara le gairid ag lorg an tSean-Mhuilinn. Chuala mé gur áit speisialta a bhí ann le cuairt a thabhairt air agus nuair a bhain mé an t-ionad amach sa deireadh thiar thall ní raibh díomá orm.

Suite ar bhruach na Life, ar chúlbhóthar duilleach in aice leis an Droichead Nua atá an Sean-Mhuileann. Is beag nach oileán atá ann agus caithfidh tú droichead beag a thrasnú chun é a bhaint amach. In ainneoin go bhfuil graífheirmeacha thart timpeall air, mothaíonn tú go mbaineann an muileann féin le eile.

Chuir mé mé féin in aithne d’fhear an tí, Eoin O’Toole, Gaillimheach atá i mbun an háite le beagnach ocht mbliana. Agus muid ag siúl thart ar an ionad, thug sé roinnt eolais dom faoina chúlra féin, chomh maith le cúlra na háite.

Is fear é ó chúlra ildánach go leor. Thosaigh sé a shaol oibre san fheirmeoireacht éisc agus ag déanamh anailíse ar thréithe uisce. Mhínigh sé dom go raibh dúil aige i gcónaí sa phéintéireacht agus sa cheol. Labhair sé liom faoin mhiotaseolaíocht, na Ceiltigh agus béaloideas na háite, agus muid ag siúl thart ar bhruach na habhann.

Tharraing sé m’aird ar rud dorcha a bhí crochta ó cheann de na crainn. Nuair a chuaigh mé anonn le scrúdú a dhéanamh air, chonaic mé gur scaoth beach a bhí ann, iad ar fad i mbun a chéile, ag iarraidh an bhanríon a chosaint agus iad á bogadh go nead eile.

“Is maith liom an tslí a bhfuil muid gar don nádúr anseo. Is áit é seo a bhaineann le ceol - ceol a thagann ó cheoltóirí a bhíonn ar cuairt san áit nó an ceol a dhéanann an Life agus na beacha. Tá atmaisféar rithimeach thart timpeall orainn anseo.”

Sular thug muid ár n-aghaidh ar an mhuileann, thaispéain sé Tobar Bhríde dom. Tobar beag atá ann istigh i lár na gcrann a bhfuil crann le trí stoc ag fás in aice leis agus roinnt bratóg Búdaíoch crochta os a chionn.

“Is é an tobar seo ár bpríomhfhoinse uisce. Uisce fionnuar glan atá ann. Creideann muid go raibh baint ag Bríd leis agus, dá bhrí sin, gur áit speisialta é.”

Leis sin, chuaigh muid thar an droichead agus shiúil muid thart timpeall ar an mhuileann. Tógadh an foirgneamh féin san 18ú haois agus anuas trí na blianta tá sé athchóirithe go hiomlán, chóir a bheith, ag Eoin agus a chairde. Rinne siad athdheisiú ar oibreacha an mhuilinn, agus bhain siad úsáid as ábhar áitiúil den chuid is mó chun codanna den ghléasra a athchóiriú.

“Rinne muid iarracht an muileann a athchóiriú sa dóigh is go mbeadh sé barántúil. Níl aon rud athraithe againn taobh istigh (den fhoirgneamh) agus tá gach seomra fágtha an-oscailte. Tá áit chónaithe againn anseo ach bhí muid cúramach gan ballaí, agus araile, a leagan agus a thógáil ar mhaithe linn féin.”

Tá athdheisiú fíorálainn agus tuisceanach déanta gan amhras agus tá spiorad na háite le brath go láidir ann. Is ionad ilfheidhmeach é. An phríomhaidhm atá acu ná spás a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus do cheoltóirí ar féidir leo a bheith cruthaitheach ann. Tá stúideo taifeadtha acu agus rinne grúpaí éagsúla, Kíla ina measc, albaim ansin. Tá ionad ann do cheolchoirmeacha agus d’imeachtaí eile. Cuirtear ranganna éagsúla, ióga, damhsa boilg agus féinfheabhsú, cuir i gcás, ar siúl i rith na seachtaine. I ndiaidh do ranga, thig leat do scíste a ligean agus gloine fíona nó cupán caife a bheith agat agus tú ag amharc ar an ealaín agus ar na hearraí lámhdhéanta atá ar díol acu.

Is féidir seomraí sa Mhuileann a fháil ar cíos agus baineann muintir na háite - Féile Bhríde Chill Dara, mar shampla, ealaíontóirí Chill Dara, Féile Ealaíne Chill Chuilinn - úsáid astu, chomh maith le grúpaí idirnáisiúnta cosúil leis an phobal bunúsach Jagera ón Astráil.

dlúthbhaint ag ceoltóirí leis an áit agus tá Luka Bloom, Steve Cooney, Kíla, Liam Ó Maonlaí agus Martin Hayes i measc na ndaoine a sheinn ansin.

Tearmann atá san áit go fírinneach. Áit lán fuaimeanna spleodracha, radharcanna aoibhne, an nádúr beo - gan trácht ar na seantaibhsí!

Tuilleadh eolais: www.theoldmillnaas.com

Eolas ar imeachtaí agus ar cheolchoirmeacha le fáil ach glaoch ar (045) 879716; theoldmillnaas@eircom.net

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.