CÚINNE NA nEALAÍON
Glanadh Dháithí ina ábhar mór conspóide
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Michelangelo

Le gairid tháinig Dáithí, an dealbh chlúiteach le Michelangelo, amach faoin scáth agus smúit a bhí á chlúdach le beagnach 500 bliain.

Nuair a cruthaíodh an dealbh ar dtús sa bhliain 1504, sheas mar shiombail de neamhspleáchas agus láidreacht Fhloráns. Cuireadh í i gcroílár na cathrach, sa *Piazza Della Signoria *chun muinín agus bród a spreagadh i mbunadh na háite agus an ruaig a chur ar naimhde. Agus is ansin a sheas an laoch óg álainn ar feadh ceithre chéad bliain, mar fhinné ar na círéibeacha, ar na cogaí agus ar an achrann polaitiúil a bhí ag réabadh thart timpeall air.

Síos trí na blianta bhuail tintreach é, briseadh a sciathán agus, chomh mall le 1991, bhris creachadóir ceann mhéara coise. Cuireadh isteach é sa *Galleria dell’Accademia *in 1873 chun é a chosaint, agus fágadh macasamhail den ghaiscíoch cróga sa Piazza, ag coinneáil súil stuama ar an chearnóg ghnóthach.

Is ar éigean gur tháinig Dáithí slán as na heachtraí éagsúla seo, ach tháinig. nach ionadh, mar sin, go raibh raic ann nuair a fógraíodh plean chun é a ghlanadh, agus go raibh na saineolaithe ag troid faoin bhealach ab fhearr chun tabhairt faoin obair seo.

Ba í an saineolaí Agnese Parronchí an duine a fuair an coimisiún ar dtús. Bhí sise i bhfábhar an dealbh a ghlanadh le scuabanna boga agus le leathar chaomois, modh a d’úsáid chun tumbaí na Medici a ghlanadh agus a d’oibrigh go maith.

Bhí Franca Falletti, stiúrthóir an Accademia i gcoinne an phlean seo; bhí seisean ag iarraidh go n-úsáidfí múirín fliuch chun an salachar a thógáil. Bhí an brú chomh láidir sin gur éirigh Parronchí as an phost, ag go raibh dearcadh ann go raibh a modh róchoimeádach agus séimh i gcomparáid leis an mhodh eile, a bhí nua-aimseartha agus luisiúil. Ina tuairim féin, áfach, chuirfeadh an teicníc nua-aimseartha seo an chloch i mbaol.

D’fhás conspóid agus díospóireacht idirnáisiúnta faoin bhealach ab fhearr chun an dealbh a ghlanadh agus cuireadh an cheist an raibh de cheart againn, fiú, a bheith ag cur isteach ar chúrsaí nádúrtha ar chor ar bith. Chuir 39 saineolaí ealaíne a n-ainm le litir ag iarraidh ar an Accademia gan aon rud a dhéanamh go dtí go mbeadh comhaontú ann.

D’fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.

Ba é James Beck, Ollamh Ealaíne in Ollscoil Columbia, a chuir tús leis an fheachtas litreach. féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.

Ceist dhomhanda

Gan amhras is saothar é Dáithí atá ina chúis iontais agus ina chúis ghliondair ag an am amháin. Léiríonn dúinn ár ndaonnacht féin ar bhealach rúndiamhrach éigin. Is ceist dhomhanda í a chúram agus as an chonspóid tagann ceisteanna eile chun cinn: an fiú i gcónaí athchóiriú a dhéanamh ar shaothar atá chomh luachmhar agus chomh sean le saothar Michelangelo an chontúirt ann go mbeidh athraithe go deo? Agus, ba cheart cinneadh mar seo a dhéanamh?

Rinne Gailearaí Uffizi cinneadh gan leanúint ar aghaidh le hathchóiriú ar anl’Adorazione dei Magile Leonardo Da Vinci nuair a fuair siad amach go raibh bunstruchtúr an phictiúir ba chasta mar a shíl siad. Cinnte mar fhreagracht orainn saothar a shábháil an chontúirt ann go gcaillfear é. Ach an ceart marcanna atá fágtha ag an aois agus ag an stair a ghlanadh ó chraiceann deilbhe muna bhfuil siad ag deánamh aon dochar?

Sa deireadh ba í Cinzia Parnigoni a thóg an chailís nimhe chuici féin agus a thosaigh an t-athchóiriú conspóideach, ag úsáid uisce driogtha chomh maith le mud pack ina raibh laíon ceallalósach agus cré. Thóg ocht uirthi an dealbh a ghlanadh agus d’admhaigh féin nach raibh i gcónaí furasta leanúint ar aghaidh, bhí an brú a bhí uirthi chomh láidir sin.

The doubts and second thoughts weren’t so much to do with technique, as with having to measure up to Michelangelo, a dúirt ag an deireadh.

Nuair a bhí an dealbh á nochtadh don phobal, dúirt Parnigoni go raibh Dáithí go fóill cosúil leis féin ach go raibh loinnir ar a chraiceann anois. Dúirt Franca Falleti gurbh ionann é agus clúdach liath a bheith bainte den dealbh.

Agus an tOllamh Beck? Ag labhairt ó Nua-Eabhrac dúirt go raibh an t-athchóiriú réasúnta maith ach gur bua a bhí ann do gach duine a d’ardaigh a ghlór chun an dealbh a chosaint.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.