CÚINNE NA nEALAÍON
Léargas den scoth ar thraidisiún liteartha na Gàidhlig agus na Gaeilge
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

D’oscail an taispeántas An Leabhar Mòr - Great Book of Gaelic i Músaem Uladh i mBéal Feirste ag deireadh na míosa seo caite. saothar sa taispeántas seo le filí, ealaíontóirí súl agus peannairí as Albain agus as Éirinn agus le fáil i bhfoirm leabhair chomh maith. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is beag ceiliúradh poiblí atá déanta go dtí seo ar an cheangal láidir follasach cultúrtha atá ann idir Albain agus Éirinn. Is ceangal é a théann i bhfad siar, go haimsir na chéad Scotti a ghluais soir agus a bhronn a n-ainm ar an tír, agus na nglúnta d’fhilí cúirte, a fuair pátrúnacht ó uaisle an thír agus a d’fhág a n-oidhreacht linn ina gcuid focal macnamhach rúnda.

D’aithin file mór na Gàidhlig, Somhairle Mac Gill-Eain, buaine agus tábhacht an ghaoil idir an thír nuair a scríobh :

an fhéile, * *an fhéile, * *Nach do reub an cuan, * *Nár réab an fharraige, Nach do mhill mìle bliadhna; Nár mhill míle bliain; Buaidh a’ Ghaidheil buan *Bua an Ghaeil buan *

Focail fháidhiúla, gan amhras, a chuirfeadh spiorad agus samhlaíocht an taispeántais An Leabhar Mòr - Great Book of Gaelic, a seoladh i Músaem Uladh, Béal Feirste ag deireadh na míosa seo caite, i gcuimhne duit.

Toradh atá sa taispeántas seo ar nasc idir traidisiúin na Gaeilge in Éirinn agus in Albain a thosaigh mar choincheap a bhí ag Stiúrthóir Phroiseact nan Ealan, Calum MacGill Eain, agus ag an fhile Éireannach agus an a bhí taobh thiar den Great Book of Ireland, Theo Dorgan, nuair a bhuail siad le chéile i 1997 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Chreid siad go láidir go raibh an t-am ceart do leabhar nua a bheadh mar oidhre ar Leabhar Cheanannais agus a dhéanfadh ceiliúradh ar an oidhreacht chomhchoitianta ealaíon sa thír.

Mar a tharla , ba sa bhliain chéanna a cuireadh tús le hIomairt Cholm Cille (www.colmcille.net), fiontar idir-rialtais a bunaíodh le cuidiú le hathnuachan an traidisiúin Ghaeilge an thír, agus a ghlac páirt lárnach i bhforbairt Leabhar Mór na Gaeilge.

Bhí an t-am ceart chomh maith ó thaobh na n-athruithe polaitiúla a bhí ag tarlú sa thír. Faoin bhliain 1999, mar shampla, bhí Comhairle nan Eilean agus Parlaimint na hAlban bunaithe mar thoradh ar an phróiseas díláraithe cumhachta sa Bhreatain agus Comhaontú Aoine an Chéasta sa tuaisceart, agus chruthaigh seo comhthéacs nua polaitiúil ina bhféadfadh tionscadail mar *An Leabhar Mór *bláthú.

Bhí an t-am ann le scrúdú a dhéanamh as an nua ar an ghaol a mhair agus a mhaireann idir Albain agus Éire trí mhéan na n-ealaíon.

Cuireadh foireann mhór ildánach le chéile mar chuid den tionscnamh ollmhór seo ina raibh breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire as an thír. Roghnaíodh saothair liteartha as gach sa thír agus iarradh ar na péintéirí agus na peannairí freagairt do na píosaí sin.

Tugann an cnuasach léargas cruinn fairsing ar oidhreacht liteartha an phobal Gael, ó fhilíocht Sean-Ghaeilge an 6ú haois go dtí filíocht Ghaeilge an 21ú haois. Is samplaí den saibhreas agus den éagsulacht saothar atá le feiceáil sa taispeántas iadAmhra Cholm Cillele Dallán Forgaill ón 6ú haois agusM’anam do sgar riomsa a-raoirle Muireadach Albánach Ó Dalaigh, file Éireannach ón 14ú haois a rinne cónaí in Albain. glór na bhfilí nua-aimseartha le cloisteáil fosta, leithéidí Pearse Huthinson, a chum an dán éadromchroíochNár Mhéanar É”, agus Áine Ghlinn, údar an tsaothair dhobrónaighCuair”.

Is ar choiste liteartha an tionscadail a thit an dualgas dúshlánach cúig fhile dhéag a roghnú ón thír agus ba iad na filí féin a roghnaigh píosaí gcuid féin, chomh maith le dhá phíosa eile a ainmniú, le cur sa taispeántas agus sa leabhar. Tugadh cuireadh do dheichniúr scríbhneoirí eile, ina measc Seamus Heaney, Hamish Henderson agus Alaistair MacLeod, deich bpíosa eile a ainmniú leis an chnuasach de chéad píosa a dhéanamh iomlán.

Roghnaíodh na healaíontóirí súl trí phróiseas inar ainmníodh 50% agus inar glacadh le 50% eile trí chomórtas oscailte a reáchtáladh idir an thír. Ba phainéal d’ealaíontóirí súl ón thír a rinne an socrú deireanach deacair céad ealaíontóir a phiocadh amach. Rinneadh plé ar shaothar gach ealaíontóra agus roghnaíodh cúig phíosa scríbheoireachta do gach duine acu, a bheadh oiriúnach don stíl modh oibre a bhí ag an duine sin. Ba iad na healaíontóirí féin a rinne an cinneadh deireanach faoin dán a ndéanfadh siad iarracht freagairt go pearsanta .

portráid chumhachtach ríoga cruthaithe ag Robert Ballagh den iománaí Christy Ring, a théann leis an dán den ainm céanna leis an fhile Seán Ó Tuama, agus an rud céanna déanta ag John McNaught lena shaothar siúd a théann leis an dánTuras Dhomhnaill do Glaschule Niall MacLeoid, a thugann rabhadh do mhná glice.

Ba é Frances Breen as Loch Garman a stiúir agus a chuir le chéile an fhoireann peannairí a d’fhág a rian pearsanta, álainn féin ar gach píosa ealaíne sa taispéantas.

Píosaí tábhachtacha fágtha ar lár

Níltear ag maíomh gur cnuasach cothrom cuimsitheach é An Leabhar Mór. Admhaítear gur fágadh píosaí tábhachtacha ar lár, ach mar sin féin tugann léargas sainiúil éifeachtach ar shaibhreas oidhreacht na Gaeilge agus na Gàidhlig, a théann i bhfeidhm go láidir ar an tsúil agus ar an chluas ( tráchtaireacht fuaime ag dul leis an taispeántas), a thugann pléisiúr go minic agus a bhaineann preab as duine corruair fosta.

go leor de na téamaí céanna ag an ghrúpa filí, an grá, an dúchas, an baile agus an imirce, cuir i gcás, agus foghlaimímid fosta faoi na dóigheanna eile a raibh filí Gaeilge an thír i dteagmháil lena chéile agus ag tacú lena chéile sa leabhrán The Gaelic Tradition Behind the Book, a théann leis an taispeántas.

Seoladh *An Leabhar Mór *den chéad uair in Albain in 2002, agus bhí an méid seo le ag Príomh-Aire na hAlban, Jack Mc Connell, ag an am:

This is a fine example of the rich linguistic and cultural heritage that Scotland and Ireland shares. The scale of the project is remarkable, the themes it covers universal.”

Is i Músaem Uladh, Béal Feirste atá an taispéantas faoi láthair, i ndiaidh bheith in Albain, na Stáit Aontaithe agus i gCorcaigh, Cathair Chultúrtha na hEorpa 2005. Is é seo an chéad uair don taispeántas a bheith i dtuaisceart na hÉireann agus is mór an spéis atá á léiriú annbhí slua an-mhór daoine i láthair ag an seoladh, mar shampla.

na híomhánna agus an litríocht atá le feiceáil sa taispeántas foilsithe i bhfoirm leabhair ag Cannongate Books (www.leabharmor.net) agus den chéad uair beidh fuaimrian ar fáil leis an taispeántas, rud a thabharfaidh deis do dhaoine éisteacht le go leor de na dánta agus amhráin.

Beidh sraith léachtaí agus ceolchoirmeacha ar siúl le linn an taispeántais, le leithéidí Mhairéad Stiobhart agus Mhairi Nic a’ Ghobhainn as Albain agus Phádraigín Uallacháin agus Steve Cooney as Éirinn. Beidh cead isteach saor in aisce chuig na ceolchoirmeacha ach caithfear ticéid a chur in áirithe roimh . (Tuilleadh eolais le fáil sa rannógNuachtag www.ultach.org)

i gceist fosta go mbeidh *An Leabhar Mór *ar fáil ar shuíomh gréasáin agus ar dlúthdhiosca, agus go mbeidh sraith cláracha raidió agus scannán ann mar gheall air.

Bhí an méid seo le ag Aodán Mac Póilín, Stiúrthóir Iontaobhas Ultach agus ball de choiste *An Leabhar Mór: *“Más é seo do chéad bhlaiseadh de mhíle go leith bliain d’fhilíocht na Gaeilge, dóigh liom go bhfaighidh cnuasach níos fearr. dánta sa *Leabhar Mór *nach raibh meas ar bith agam orthu roimhe. Bhí fuath agam ar *Pangur Ban *ón chéad uair a léigh é, ach níorbh fhéidir liom an fuath sin a choinneáil beo nuair a bhí an dán ceangailte le pictiúr chomh hálainn.”

*Leanfaidh an taispeántas *An Leabhar Mòr - Great Book of Gaelic *ar aghaidh i Músaem Uladh go dtí 16 Samhain 2005. *

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.