CÚINNE NA nEALAÍON
Corcaigh: Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa 2005
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá bliain mhór i ndán do mhuintir Chorcaí in 2005, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.

Íomhá
"Eighteen Turns" le Daniel Libeskind
Íomhá
John Kennedy, Stiúrthóir Corcaigh 2005, ag tabhairt óráide d'ealaíontóirí an taispeántais "Enlargement!" le linn dóibh bheith i gCorcaigh anuraidh

Aithníodh sa tréimhse liath ghruama i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda gur ghá iarracht ar leith a dhéanamh le hatógáil agus athnuachan a dhéanamh ar an Eoraip i ndiaidh a ndearnadh de shlad agus d’ollscrios ar an mhór-roinn i gcaitheamh bhlianta an chogaidh.

Ba é bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an chéad mhóriarracht a rinneadh leis an atógáil sin a thabhairt i gcrích agus ba é Jean Monnet ailtire an tionscadail áirithe sin.

De réir a chéile, áfach, fágadh an focal “eacnamaíocht” ar lár sa teideal mar aithníodh, chun go mbeadh fad saoil agus rath i ndán don chomhphobal nua seo, go gcaithfeadh níos mó ná forbairt gheilleagrach bheith i gceist - gur ghá díriú ar ilghnéitheacht thraidisiúin chultúrtha na mór-roinne chomh maith. Is chuige sin atá Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa, tionscadal de chuid Chomhairle na hEorpa ar cuireadh tús leis in 1985. Is í Cathair Chorcaí atá roghnaithe mar chathair chultúrtha na bliana seo agus beidh tús oifigiúil á chur le “Corcaigh 2005, Cathair Chultúrtha na hEorpa”, go luath.

Is é atá geallta ag Corcaigh 2005 ná spiorad Chorcaí agus spiorad na hÉireann agus na hEorpa a chur in iúl trí chlár fairsing d’imeachtaí éagsúla spéisiúla, agus beidh ealaíontóirí de gach cineál ansin ina mílte ó gach cearn den tír agus den mhór-roinn le bheith páirteach sna himeachtaí sin.

Tháinig breis is 70% de na himeachtaí a bheidh le feiceáil i mbliana ón fheachtas poiblí a eagraíodh chun ábhar tionscadal nua a mhealladh isteach agus tá na heagraithe dóchasach go léireofar spiorad agus meanma na hEorpa ar bhealach an-dearfach in éagsúlacht agus i bhfuinneamh na dtionscadal a fuarthas.

Cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí ar an 8 Eanáir le taispeántas mórthaibhseach radharcach dar teideal Awakening ina bhfeicfear nathair mhór mhillteach, cruthaithe as tine, soilse, piriteicnic agus ceol, ag teacht chun beatha agus ag síneadh amach a coirp leis na trí dhroichead sa chathair a thrasnú. Beidh an taispeántas seo éachtach agus ar scála nach bhfacthas in Éirinn roimhe seo, agus beidh sé le feiceáil beo ar RTÉ.

Tá sé beartaithe 236 tionscadal a chur ar siúl sa chathair i rith na bliana a chlúdóidh ocht réimse éagsúla ealaíne: ceol, ailtireacht/dearadh, litríocht, cúrsaí amharclainne/damhsa, féilte, scannáin/na meáin agus spórt.

Ina measc seo beidh saothar Daniel Libeskind, atá ina ailtire le hArup, a rinne an dearadh ar an phailliún *Eighteen Turns *a bheas ar iasacht ón Serpentine Gallery i Londain agus a bheidh le feiceáil i bPáirc Mhic Gearailt i rith na bliana. Is saothar cliste cleasach é seo atá lán de mhistéir agus de lúbaireacht. Tabharfaidh Libeskind, atá ina ollamh le hailtireacht in Ollscoil Toronto, roinnt léachtaí i gCorcaigh le linn 2005.

Déanfaidh The Knitting Map, tionscadal suntasach neamhghnách eile a bheidh le feiceáil i gCorcaigh, seanteicneolaíocht (cniotáil) agus nuatheicneolaíocht (satailít) a nascadh le chéile chun an gaol atá ag Éirinn le snáth a léiriú. Amuigh ansin, áit eigin sa strataisféar, beidh satailít dírithe ar Chorcaigh a chuirfidh íomhánna ar fáil agus déanfaidh na cniotálaithe léarscáil a dhearadh bunaithe orthu. Déanfaidh an saothar seo na hathruithe a tharlóidh sa chathair i rith 2005 a nochtadh agus beidh sé le feiceáil i lár na cathrach.

In ómós do chomhphobal nua-mhéadaithe na hEorpa, beidh saothar ealaíontóirí nua-aimseartha ó na ballstáit nua le feiceáil sa taispeántas Enlargement! Gach mí beidh tír nua le feiceáil, ag tosú i mí Eanáir leis na healaíontóirí Keilti Tiitsar agus Kirsti Papp ón Eastóin, agus ag críochnú i mí na Samhna agus na Nollag le healaíontóirí Éireannacha. Beidh saothar ón Ungáir, an Laitvia, an tSlóivéin, Poblacht na Slóvacach, an Chipir, Poblacht na Seice, an Pholainn, an Liotuáin agus Málta le feiceáil ann chomh maith.

Is í Corcaigh an chathair is lú riamh a ghnóthaigh an teideal gradamach seo “Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa” agus is í, lena sráideanna nuachóirithe don ócáid, atá ag dul i ngleic go muiníneach leis an dúshlán mór seo atá roimpi.

Ba ag Lille, Glaschú agus Genoa a bhí an teideal seo le roinnt blianta anuas agus d’fhág gach cathair acu sin a rian féin ar an bhliain a bhí faoina cúram. Níl aon amhras ach go gcuirfidh Corcaigh a séala sainiúil féin ar ócáid 2005.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Corcaigh 2005 ag www.cork20005.ie

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.