CÚINNE NA nEALAÍON
Saothar Francesco Clemente - lán iontas agus bróin
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is ealaíontóir é Francesco Clemente a bhaineann úsáid as go leor meán difriúil chun domhan a chruthú atá foréigneach agus ina bhfuil iontais agus brón. Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an chéad mhórthaispeántas chuid in Éirinn atá ar siúl in Áras Nua Ealaíne na Éireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tháinig taispeántas suntasach de chuid an ealaíontóra Iodálaigh Francesco Clemente chuig Áras Nua-Ealaíne na hÉireann le gairid. Is é seo an chéad mhórthaispeántas chuid a bhí le feiceáil riamh anseo, agus breis is 60 píosa ann i meáin dhifriúla. cuid acu nach bhfacthas go poiblí roimhe seo.

Leanann an taispéantas seo an t-amharc siar mór a bhí aige sa Guggenheim i Nua-Eabhrac i 1999.

As Napoli ó dhúchas é Clemente agus tháinig chun cinn ar dtús sna seachtóidí i ndiaidh droim láimhe a thabhairt don ailtireacht, a raibh ag déanamh staidéir uirthi sa Róimh, le díriú isteach ar an phéintéireacht agus ar an fhilíocht. Bhain clú amach féin mar ealaíontóir coincheapúil ach, nuair a thosaigh ag obair leis an ghrúpa ealaíne Iodálach Trasavantguardia, tharraing aird idirnáisiúnta air féin.

Faigheann Clemente a chuid ionspioráide ó fhoinsí éagsúla, cinn chultúrtha ina measc agus stileanna difriúla, chun a chuid saothar a chruthú. Chaith riar maith ama ag taisteal san Eoraip, sa Chairib, san Éigipt, sa tSeapáin agus i Meicsiceo Nua. Chuaigh an léargas a fuair ar na cultúir dhifriúla seo i bhfeidhm ar a chuid péintéireachta agus chuidigh leis saoirse a bhaint amach ó thaobh stíle de. Áit eile atá go fóill lárnach ina shaol ó thaobh inspioráide de an Ind, áit a thosaigh a thaiscéaladh i 1973 agus a ndeachaigh a cultúr agus a fealsúnacht go mór i gcion air.

deacair cur síos cuimsitheach ach simplí a dhéanamh ar shaothar Clemente. cosúlachtaí le feiceáil ina shaothar leis na hOsrealaithe, ach is ar an dromchla amháin atá seo. Is é an rud a dúirt Lisa Dennison, coimeádaí a thaispeántais sa Guggenheim faoi : “At the core of his (Clemente’s) thought is the notion that there is no single truth but many truths.”

ealaíontóir foirmeálta é Clemente agus úsáideann réimse leathan meán, ina measc pastail, uiscedhath, líníochtaí dúigh, freascónna, ola agus an dealbhóireacht chun a chuid smaointe a nochtadh. a chuid ealaíne coincheapúil ach scéal ag baint léi chomh maith; bharr sin, cosúlachtaí idir é féin agus ealaíontóirí eile ar nós Andy Warhol, Cy Twombly, agus Joseph Beuys.

Chruthaíonn Clemente atmaisfear físiúil agus meitifisiciúil trí úsáid a bhaint as dathanna ar bhealach neamhréalaíoch. Díríonn isteach ar rudaí coitianta chun meon intinne a chur in iúl agus, ag an am céanna, leideanna meafaracha iontu, mar shampla, eochracha, saighde, crainn, ainmhithe, baill ghnéis, tithe, torthaí, agus mar sin de. a shaothar lán tagairtí don bhás agus don anghrá agus, in ainneoin iad a bheith léirithe le lámh churámach fhineálta, is minic a bhíonn an íomhá chríochnaithe foréigneach - bíonn géaga lúbtha le feiceáil, cuir i gcás, coirp scriosta, i bpian. domhan idéalach atá le feiceáil anseo ach domhan atá lán iontas agus bróin.

Admhaíonn Clemente go bhfuil débhríocht ag baint lena shaothar agus go bhfuil tionchar ag an fhilíocht agus ag an litríocht air, go háirithe Joyce agus Pound.

What these writers do that interests me very much,” a deir , “is to use a collection of arbitary choices to create a field of meaning ... they create a constellation of familiar qualities that have an unfamiliar meaning.”

Is fíor go bhfuil saothar Clemente mar a bheadh filíocht fhísíúil ann, ina bhfuil domhan mistiúil scáthach cruthaithe aige. deacair ciall a bhaint as na híomhánna agus, bhrí sin, fanann siad do-ghafa.

Críochnóidh an taispeántas seo ar an 25 Aibreán agus rachaidh ar aghaidh go dtí an Reykjavik Art Museum i na Bealtaine.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.