CÚINNE NA nEALAÍON
Amstardam – cathair faoi leith ó thaobh na healaíne de
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

I rith na bliana seo, tabharfaidh Ciara Nic Gabhann eolas mar gheall ar na dánlanna ar fiú cuairt a thabhairt orthu i gcathracha éagsúla timpeall na hEorpa. An mhí seo: Amstardam.

Íomhá
Tá 160 canáil agus 1,281 droichead in Amstardam
Íomhá
Tá breis is leathmhilliún rothar in Amsterdam
Íomhá
Faire na hOíche le Rembrandt (1650)
Íomhá
An Lucht Ite Prátaí le Van Gogh (1855)
Íomhá
Teach Rembrandt

Is minic ag an am seo den bhliain, agus muid traochta i ndiaidh rírá na Nollag, go mbíonn sé go deas éalú ó dhuairceas an gheimhridh agus briseadh beag a thógáil i gceann de mhórchathracha niamhracha na hEorpa. Níl ganntanas roghanna ann ó thaobh áiteanna spéisiúla de má tá tú sa tóir ar shaibhreas cultúrtha agus staire agus, gan aon amhras, ní eisceacht ar bith é seoid na hOllainne, Amstardam.

Glaoitear Veinéis an tuaiscirt ar Amstardam agus, ar go leor cúiseanna éagsúla, tá an chomparáid cuí. Tógadh an Veinéis ar mhurlach agus ar an dóigh chéanna tá Amstardam suite ar thalamh riascach in áit dtéann abhainn isteach san fharraige. Caithfidh an dá áit dul in ngleic leis an uisce atá mórthimpeall orthu chun maireachtáil; tá 117 oileán, 150 canáil agus 400 droichead sa Veinéis agus 90 oileán, 160 canáil agus 1,281 droichead in Amstardam. Bhí impireacht trádála mara ag an dá chathair uair amháin agus tá oidhreacht ealaíne i gcoitinne acu go fóill.

Tá, dar ndóigh, neart tréithe speisialta ag baint le hAmstardam féin: an 550,000 rothar a bhíonn le feiceáil gach lá ar na bóithre pictiúrtha nó sna margaí sráide atá le fáil go forleathan ar fud na cathrach, mar shampla, agus a dhíolann gach cineál earra, idir thiúilipí, sheandachtaí, phriontaí agus leabhair, chomh maith le *bric-a-brac *na háite.

Cruthaíonn an lucht siamsaíochta sráide spiorad carnabháil agus tú ag siúl thart ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort, mná na hoíche i mbun a ngnó i gceantar na soilse dearga, cuir i gcás, agus iad gualainn ar ghualainn le siopaí ceirde agus caifí beaga teolaí. Muna gcuireann siad siúd gliondar ort, cad faoin ailtireacht shuntasach, álainn (tá 7,000 foirgneamh faoi chúram an stáit) ar sampla maith iad den saibhreas agus den éagsúlacht atá ar fáil sa chathair bhríomhar seo.

Na healaíona

aitheantas ag Amstardam le fada mar chathair fháilteach iltíreach a thug tacaíocht do na healaíona. Nuair a fhéachann tú siar ar an stair, tá sé spéisiúil a fhoghlaim nach eaglaisí nó pátrúin shaibhre ba chúis leis na gaiscí ealaíne a rinneadh sa chathair seo le linn an 17ú haois – rud a bhí amhlaidh i dtíortha eile – ach an pobal mór meánaicmeach a raibh airgead le spáráil acu agus a bhí ag iarraidh pictiúir a cheannach le crochadh ina dtithe féin. Ba iadsan a choinnigh ealaíontóirí ó bheith díomhaoin agus bocht.

Ba mhór an tionchar a bhí ag ealaíontóirí Ollanacha ar fhorbairt agus ar chur chun cinn teicnicí péintéireachta agus, ag dul siar chomh fada leis an 14ú haois, thug a saothar léargas ar a saol dúinn, rud a spreagann ár suim ann go fóill.

Ar na hainmneacha clúiteacha atá luaite leis an chathair seo tá:

Jan Van Eyck (c. 1395-1441), a chuir tús leis an Scoil Phéintéireachta Phléimeannach agus an duine a thug teicnicí péintéireacta ola chun foirfeachta;

Rogier Van Der Weyden (1400-64), a rinne staidéar ar dhaoine cráifeacha inár éirigh leis a bpearsantacht a léiriú;

Hieronymous Bosch (1450-1516), ealaíontóir eile a rinne staidéir chráifeacha ach a raibh teachtaireachtaí dorcha fáthchiallacha taobh thiar díobh; agus Pieter Bruegel Sinsear (1525-69), a d’úsáid tírdhreacha na hOllainne agus saol mhuintir na tuaithe mar amhábhar a chuid pictiúr.

Ba é an 17ú haois an Ré Órga agus sa tréimhse sin rinne réaltaí ar nós Rembrandt, Vermeer agus Frans Hal ceannródaíocht i saol na healaíne. Níorbh ionann iad agus ealaíontóirí eile a linne, a d’fhéach i dtreo na Róimhe agus na seanmháistirí chun treoir a fháil.

I measc na n-ealaíontóirí Ollanacha eile a d’fhág a rian féin ar stair na healaíne bhí Vincent Van Gogh (1853-1890), Piet Mondrain (1872-1944) agus Maurits Cornelis Escher (1902-1972), agus tá seoda as saothar na n-ealaíontóirí seo ar fad le feiceáil sna dánlanna atá le fáil go flúirseach in Amstardam.

Na dánlanna

Rijksmuseum

Foirgneamh suntasach a tógadh in 1885 é an Rijksmuseum agus is é príomhdhánlann na tíre – tugann 1.2 milliún duine cuairt air gach bliain. Tá breis is 5,000 pictiúir le feiceáil in 200 seomra ann, mar sin is fiú plean den áit a bheith agat agus tá ag siúl thart. Tá cúig bhailiúchán ann agus an ceann is tábhachtaí díobh ag díriú ar shaothar ón 15ú haois go dtí an 19ú haois. Is féidir Faire na hOíche (1650) le Rembrandt a fheiceáil ann chomh maith leis An Cailín Aimsire le Jan Vermeer agus An Meisceoir Súgach le Frans Hals.

Ar oscailt gach lá idir 10.00 a.m. – 5.00 p.m.

www.rijksmuseum.nl

Van Gogh Museum

Osclaíodh an músaem seo i 1973 agus tá suas le seacht gcéad píosa de shaothar Van Gogh agus comhealaíontóirí dá chuid (Gauguin, Toulouse-Lautrec, Monet agus Bernard) le feiceáil ann.

Cé go raibh saol an-ghairid ag Vincent Van Gogh – chuir sé lámh ina bhás féin sa Fhrainc in 1890 i ndiaidh dó galar intinne bheith air le fada – chaith sé saol torthúil.

An Lucht Ite Prátaí *(1855), *An Teach Buí in Arles *(1888) agus *An Seomra Leapa in Arles (1888) ar na pictiúir is cáiliúla dá chuid atá le feiceáil sa dánlann.

Ar oscailt gach lá idir 10.00 a.m. – 6.00 p.m.

www.vangoghmuseum.nl

Museum Het Rembrandthuis

Cheannaigh Rembrandt an teach álainn seo i 1639 lena bhean chéile shaibhir Saskia van Uylenburgh. Ba iad na blianta a chaith sé sa teach seo buaicphointe a shaoil mar ealaíontóir, é ag obair i stiúideo thuas staighre agus ag cur faoi thíos staighre lena chlann. Bhí sé aitheanta mar ealaíontóir oilte *chiaroscuro *agus rinne sé a shaibhreas as portráidí. Ag pointe amháin ba é a stiúideo an ceann ba mhó san Ollainn ach chaill sé gach rud de bhrí gur chothaigh sé naimhdeas le daoine tábhachtacha agus gur speal sé a chuid airgid.

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an teach tarraingteach seo, ní hamháin leis an bhailiúchán suntasach eitseálacha a fheiceáil ach chun blaisín beag a fháil de shaol an ealaíontóra iontaigh seo.

Ar oscailt 10.00 a.m. - 5.00 p.m., Dé Luain - Dé Sathairn; 1.00 - 5.00 p.m. Dé Domhnaigh

www.rembrandthuis.nl

Tá sé 400 bliain i mbliana ó rugadh Rembrandt agus leis an bhliain a cheiliúradh beidh taispeántais speisialta le feiceáil ar fud Amstardam.

Tuilleadh eolais: www.rembrandt400.nl

Stedelijk Museum

Airítear an dánlann seo ar cheann de na dánlanna is cuimsithí agus is tábhachtaí ó thaobh na healaíne nua-aimseartha de. Is féidir péintéireacht, dealbhóireacht, fís-suitéalacha agus grianghraif a fheiceáil inti, ag baint leis an tréimhse ó 1850 ar aghaidh.

Tá saothar de chuid Monet, Cèzanne, Picasso, Kandinsky, Chagall, Rodin agus Renoir le feiceáil sa dánlann.

Ar oscailt gach lá idir 11.00 a.m. - 5.00 p.m.

www.stedelijk.nl

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

Tá eitiltí saora ag Aer Lingus (www.aerlingus.com) gach lá idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh, agus Amstardam. Tá eitiltí ag an chomhlacht Easyjet (www.easyjet.co.uk) idir Béal Feirste agus Amstardam. Déantar na hóstáin is fearr in Amstardam, dar le daoine a bhí ar saoire ansin, a liostáil ar an suíomh www.tripadvisor.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.