CÚINNE NA nEALAÍON
Marla Olmstead: páiste faoi leith
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

bua na healaíne ag an pháiste Meiriceánach Marla Olmstead agus gan í ach ceithre bliana d’aois. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
Marla Olmstead i mbun oibre
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Spreagtar daoine go minic nuair a bhíonn an ealaín theibí i gceist chun comparáid a dhéanamh le saothar páiste. Cé mhéad uair a chualathas duine ag rá le hiontas, “Thiocfadh le páiste é sin a dhéanamh!”, agus iad ag trácht ar shaothar doiléir éigin. Suimiúil go leor, tá an ráiteas seo oiriúnach go maith faoi láthair agus saothar páiste ag cruthú iontais agus ag saothrú neart airgid i saol na nua-ealaíne i Meiriceá.

Tá saothar an Mheiriceánaigh óig Marla Olmstead, atá ceithre bliana d’aois agus atá ina cónaí lena teaghlach i mBinghampton i stát Nua-Eabhrac, ag díol ar phraghsanna a chuirfeadh éad ar go leor ealaíontóirí fadbhunaithe. Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d’éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.

Is trí thaisme, ar bhealach, a tháinig tuismitheoirí Marla ar a bua. Bhí a hathair Mark, ar péintéir amaitéarach é féin, ag obair ar shaothar dá chuid agus thosaigh an lapadán ag léiriú suime ann. Ní raibh Marla ach i ndiaidh a dara breithlá a bhaint amach nuair a thosaigh sí ag cruthú pictiúr ar páipéar le scuabanna agus péinteanna aicrileacha. Bhí an oiread sin fonn uirthi bheith ag péinteáil nárbh fhada go raibh canbhás dá cuid féin aici agus go raibh sí ag baint triail as teicnící nua ar nós péintéireacht láimhe nó ag stealladh dathanna ar an chanbhás ó sheanbhuidéal citsip.

Nuair a chuaigh Marla i mbun oibre ar dtús, bhí an saothar a chruthaigh sí measartha beag, ach anois tá sí ag obair ar phíosaí atá níos mó ná í féin a bhfuil tréithe de shaothar Joan Miró, Frank Auerbach, Wassily Kandinsky agus Jackson Pollock le brath iontu - cé nár tógadh chuig gailearaí le healaín a fheiceáil riamh í.

Bhí a saothar le feiceáil i gcaife beag áitiúil nuair a thug an t-ealaíontóir agus uinéir dánlainne, Anthony Brunelli, faoi deara é. Bhí sé chomh tógtha sin leis an mhéid a chonaic sé gur chuir sé a chuid laethanta saoire ar ceal chun taispeántas a eagrú ar an toirt. I ndiaidh do pháipéar nuachta áitiúil alt a chur i gcló fúithi, d’fhreastail 2,000 duine ar an ócáid seolta. Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain!

Páiste faoi leith

Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál prodigy, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.

Thug an *New York Times *cuireadh do pháiste ó Manhattan píosa beag péintéireachta a dhéanamh chun go bhfeicfeadh siad an raibh bua Marla neamhghnách nó, go deimhin, le feiceáil an dtiocfadh le páiste ar bith péint aicrileach agus buidéil citsip lán péinte a láimhseáil chomh héifeachtach céanna. Is é an breithiúnas a thug siad i ndiaidh an turgnaimh seo ná nach raibh sé sa dúchas ag gach páiste a bheith ábalta péinteáil ar nós Marla.

Níl scéal Marla gan réamhshampla i Meiriceá nó san Eoraip. Thosaigh Alexandra Nechita, páiste dídeanaithe Rómánacha, ag péinteáil ag an aois chéanna le Marla. Tugadh “Páiste Picasso” mar leasainm uirthi agus shaothraigh sí $1.5 milliún. I Sasana, chuireadh Roger Fry taispeántas de shaothar páiste ar siúl ina cheardlann gach bliain go dtí tús an Chéad Chogadh Domhanda. Ba ghnách le Picasso, Klee agus Miró saothar páistí a bhailiú - is cosúil go ndeachaigh an stíl shoineanta gan srian i bhfeidhm orthu.

Cad é, mar sin, atá i ndán do Mharla bheag? Tá a máthair fealsúnach agus í ag caint faoin todhchaí.

Thiocfadh léi a rá nach dtaitníonn an phéintéireacht léi níos mó. Má leanann sí léi, bhí sí i ndán di; agus má chríochnaíonn sí amárach, beidh muid ábalta a rá go raibh sé go hiontach!”

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.