CÚINNE NA nEALAÍON
Duais Turner ina ábhar mór cainte arís i mbliana
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Féachann Ciara Nic Gabhann ar stair Dhuais Turner agus tugann cur síos ar chuid de na healaíontóirí agus de na saothair atá san iomaíocht don duais i mbliana.

Íomhá
Matthew Collings - síleann go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach
Íomhá
Saothar Jake agus Dinos Chapman sa Tate
Íomhá
Village of Penians (2001), le Grayson Perry, an potaire trasghléasach
Íomhá
Re-run le Willie Doherty as Doire

Ainmhithe picilthe, leapacha neamhchóirithe, cac eilifinte, spásanna bána agus solas lom iontuAn bhfuil rud ar bith fágtha amuigh ansin i saol na healaíne chun scannal a chur orainn an bhfuil ár sáith feicthe againn?

am Dhuais Turner tagtha arís agus an rírá agus ruaille buaille a théann leis. Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt?

an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach. Síleann go bhfuil barraíocht béime ar an ealaín a bheith faiseanta ach hionann sin is a , dar leis, go bhfuil doimhneacht fiúntas ag baint léi. “Art is successful as a leisure activity,” a deir . Chuir síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine!

Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner. Dúirt an leath amháin seo de na Brothers Grim (an leasainm atá ar na deartháireacha) in agallamh le déanaí go raibh na YBAs mar chuid de ghlúin a bhí tógtha leis an chlú agus a bhain úsáid as an ealaín lena gcuid egos féin a shásamh.

Bhí nimhneach go leor fosta ag caint faoi na pátrúin, ag go raibh Charles Saatchi agus an Tate Modern ag díriú isteach aran lowest common denominatoragus go raibh an chontúirt ann go mbeadh drochthionchar aige sin ar fhorbairt na healaíne.

B’fhearr liom dul chuig Alton Towers [theme park] daoine a fheiceáil ag brú a mbealach suas staighre beo (sa Tate Modern) chun amharc ar ealaín gan machnamh ceart a dhéanamh uirthi.”

Is ráiteas rud beag sotalach é seo nuair a chuireann san áireamh gurbh é Charles Saatchi a cheannaigh suiteáil de chuid na ndeartháireacha ar £500,000 darbh ainm Hell, agus a rinne iad a tharrtháil ón bhochtanas agus ón easpa aitheantais nuair a bhí siad ag dul i mbun oibre ar dtús.

Tús

Cuireadh tús le Taispeántas Turner chóir a bheith 20 bliain ó shin agus, go híorónta, ainmníodh é as duine de na péintéirí móra Sasanacha, JMW Turner. Rinneadh athsheoladh air i 1991 agus cuireadh teorainn aoise (50 bliain) i bhfeidhm i gcás na n-ainmnitheach. Thiocfadh leat a gur ag an am sin a tháinig an taispeántas, mar atá anois, chun cinn.

Is é an dealbhóir Anthony Gormley an buaitear is sine go dtí seo - bhí daichead is a ceathair nuair a bhuaigh an duais i 1994. Taobh amuigh de Gillian Wearing (34), bhí an t-ochtar ealaíontóirí eile faoi thríocha bliain d’aois nuair a bhain siad an duais. Cén cineál ráitis é seo? Nach bhfuil seans ag aon duine seachas ealaíontóirí óga ardaidhmeannacha agus *cool *an duais a bhaint? Nach gcuirfeadh *Pop Idol *i gcuimhne duit ar bhealach?

Dúirt an fear teoirice mór le Clement Greenberg nár tháinig rud ar bith seachas *pop *chun cinn i ndiaidh 1960, is é sin le go raibh an bhéim ón am sin ar aghaidh ar ábhair fhánacha. ( leagáid Andy Warhol beo beathach is cosúil.) Tháinig an tomhaltóra, agus leis sin tháinig forbairt agus fás ar na meáin chumarsáide agus fuair siad tús áite i saol na healaíne. An é gurb í an ghrianghrafadóireacht, an scannánaíocht, egos móra, scannail agus an fhógraíocht pailéad an ealaíontóra chomhaimseartha anois?

Is iad Les Infants Terribles - na deartháireatha Chapman - an bheirt a mheasann na geallghlacadóirí a bhuafaidh an duais £20,000. Deir na healaíontóirí féin go bhfuil brí mhorálta lena saothar, dar teideal Death, ina bhfuil dhá bhábóg phlaisteacha (an cineál a shéideann suas) múnlaithe i gcré-umha acu agus léirithe ag déanamh Soixante-Neuf. Deir an bheirt gur cinéal báis atá sa ghníomh seo mar nach féidir le giniúint ar bith a theacht as.

Sa phríomhphíosa, Sex, suiteáil fhantaiseach, ghotach, uafásach cruthaithe acu, a bhfuil tagairt i gceist inti do shaothar Goya agus sraith a rinne ar uafáis an chogaidh. corp ciorraithe le feiceáil, é greamaithe le tairní do chrann agus luchóga agus cruimheanna ag ithe na feola agus ag fágáil na gcnámh glan.

an potaire trasghléasach Grayson Perry sa dara háit, ag 2/1, i measc na ngeallghlacadóirí, lena photaí dírbheathaisnéiseacha. Deir gur faoin fhoréigean comónta a tharlaíonn sna bruachbhailte atá a shaothar. Is é an teideal atá ar vása amháin chuid We’ve found the body of your son. an gúna a chaitheann a *alter-ego *Claire mar chuid den taispeántas chomh maith.

Bhí Willie Doherty ainmnithe i 1994 don duais ach ba é Anthony Gormley a bhain í an bhliain sin. Is é *Re-run *an teideal atá ar an phíosa scannáin atá curtha isteach ag Doherty i mbliana. Ar scáileán amháin fear le feiceáil ag rith uainn trasna Dhroichead Craigavon i nDoire, agus ar scáileán eile le feiceáil ag rith inár dtreo. Is píosa é atá lán drochthuair agus mothúchán.

Úsáideann Anya Gallacio as Glaschú an t-úll mar mheafar don mhian, don chathú agus don mheath. crann múnlaithe aici ina príomhphíosa agus slabhraí úll crochta air. géaga crann torthaí maisithe aici le torthaí beaga gloine agus balla clúdaithe le *gerbera *- blath gan bholadh - le feiceáil ina taispeántas chomh maith.

Fógrófar an buaitear ar an 7 Nollaig. An fiú dul chuig an taispeántas? Dar le Matthew Collings go bhfuil níos tábhachtaí saol a fháil. stiúrthóir Tate Britian, Stephen Deucher, den bharúil go bhfuil an seó seo ag pilleadh ar ais ar luachanna traidisiúnta agus dar le cuairteoir amháin chuig an taispeántas go bhfuil i ngrá le Claire, *alter-ego *Grayson Perry.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.