CÚINNE NA nEALAÍON
Ealaín a théann i bhfeidhm ar an chloigeann amháin
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chuir na hÍostaigh rompu ealaín a chruthú a bheadh ionraic agus nach mbeadh cur i gcéill ag baint léi ach measann Ciara Nic Gabhann nár éirigh leo saothar a chur ar fáil a théann i bhfeidhm ar an chroí.

Íomhá
Níor thaitin 'Carl Andre’s Equivalent 8' mórán leis na meáin nuair a cheannaigh Gailearaí an Tate é i lár na seachtóidí
Íomhá
An t-ealaíontóir Jackson Pollock i 1949
Íomhá
Hyena Stomp (1962) le Frank Stella

Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh?

An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici. Tá mé ag caint faoi gluaiseacht ealaíne an Íostachais.

Suimiúil go leor, níl an focal seo le fáil go coitianta sa Ghaeilge, cé go bhfuil go leor den stíl lom seo le brath sa saol thart timpeall orainn. Níl le déanamh agat ach amharc thart ar bhaile nó ar chathair ar bith chun go leor foirgneamh - bialanna agus oifigí, mar shampla - a fheiceáil a úsáideann an tÍostachas mar chomhartha aitheantais.

Tá sé furasta go leor smaoineamh ar shamplaí de shaothair ealaíne a spreag conspóid de bharr iad a bheith “caite le chéile” nó “gan mórán scile nó ceardaíochta a bheith ag baint leo” - *Brící *Carl Andre mar shampla, 120 bríce a cheannaigh an Tate i Londain i 1972. *Carl Andre’s Equivalent *8 an t-ainm atá orthu nó, mar a thug na meáin go feargach ar an saothar ag an am, “The pile of bricks”. Bhí go leor den phobal an-chorraithe faoin “chur amú scannalach seo airgid phoiblí” agus mheas go leor eile gur athinsint ar an seanscéal faoi éadaí nua an impire ab ea é agus nach raibh ann ach cuid den aos ealaíne ag bualadh bob ar an phobal agus ag déanamh ceap magaidh díobh.

Tá sé seo suimiúil nuair a chuireann tú san áireamh gur tháinig an stíl lom seo, an tÍostachas, chun tosaigh an chéad lá riamh mar fhreagra dáiríre ar na lochtanna a d’aithin roinnt ealaíontóirí ar an chineál ealaíne a bhí á shaothrú ag an am.

Uirlis

Tháinig an tEispriseanachas Teibí chun cinn i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. D’úsáid ealaíontóirí mar Jackson Pollock an phéintéireacht mar uirlis chun a dtocht a ligean faoi chúrsaí an tsaoil; bhí siad beag beann ar ord ná ar eagar - níor theastaigh uathu ach an rud a bhí istigh ina gcroí a nochtadh. Tháinig na hÍostaigh le chéile sna 60í i Nua-Eabhrac agus ba é an sprioc a bhí acu ná ord a chur ar an domhan éagruthach seo a bhí cruthaithe ag na hEispriseanaithe Teibí. In áit canbháis agus péint caite air gan mórán cúraim, bheadh línte díreacha, greillí agus athrá le feiceáil ina saothar.

Chreid na hÍostaigh gur chóir go mbeadh ionracas i gceist nuair a bheadh ealaíontóir ag déanamh cur síos ar rud éigin. Mhothaigh siad gur cealgairí a bhí sna healaíontóirí a d’úsáid an ealaín chun ráiteas nó cur síos a dhéanamh ar rud eile. Shíl siad gur cur i gcéill a bhí ann agus nár cheart go mbeadh rud ar bith eile i gceist leis an saothar ach amháin an rud a raibh tú ag amharc air, in áit deilbhe nó pictiúir de rud.

Dúirt an péintéir Frank Stella, a chruthaigh pictiúir a raibh línte díreacha, comhthreomhar le taobhanna an chanbháis, le feiceáil orthu, “Besides the paint on the canvas … what you see is what you get”.

An aidhm a bhí ag na hÍostaigh ná ealaín a chruthú taobh istigh de na treoirlínte a bhí leagtha síos leis an mhéid is lú ábhair. Deir a lucht tacaíochta go bhfuil ord, ionracas agus glaineacht ag baint lena n-ealaín, go bhfaighimid saothar uathu atá saor ó ornáidíocht agus cur i gcéill.

Is cinnte go dtagann an idé-eolaíocht seo ó fhoinse stuama machnaimh ach, faraor, fágann an ealaín rud beag fuar thú agus tú ag amharc uirthi. Tagann sí ón chloigeann in áit an chroí. Mhaígh na hÍostaigh gur rud spioradálta a bhí i gceist le glaineacht an ábhair a d’úsáid siad, ach an n-ardaítear do spiorad agus tú ag amharc ar thorthaí a gcuid oibre?

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.