CÚINNE NA nEALAÍON
Stair Dhaidí na Nollag
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Féachann Ciara Nic Gabhann ar an tslí a bhfuiltear tar éis Daidí na Nollag a léiriú ó bhí tús an naoú haois déag ann.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Cárta Nollag de chuid Louis Prang

Daidí na Nollag, Santa Claus, Père Noel, Saint Nicholas … tá aithne an-mhaith ar fud an domhain mhóir anois ar an seanóir gealgháireach urbholgach seo leis an fhéasóg bhán agus an chulaith dhearg a bhronnann bronntanais gach Nollaig ar pháistí maithe.

Ach cárb as don fhear cháiliúil seo?

Tá an béaloideas a bhaineann leis beo beathach go fóill gan amhras:

taistealaíonn sé i gcarr sleamháin, á tharraingt ag ocht réinfhia; déanann sé féin agus a chuid sióg bréagáin ina gceardlann sa Mhol Thuaidh; téann sé síos simléir le bronntanais a fhágáil do mhaidin Lá Nollag.

Ach an bhfuil duine beo taobh thiar den bhéaloideas seo nó an é nach bhfuil ann sa deireadh ach toradh samhlaíochta nó, níos measa arís, íomhá a cruthaíodh le dlús a chur le cúrsaí siopadóireachta aimsir na Nollag?

Creidtear gurb é an comhlacht Coca-Cola a thug ar an saol sna 1930aí an íomhá is coitianta atá againn anois den phearsa seo, nuair a léirigh an maisitheoir trádála Haddon Sundblom Daidí na Nollag i ndathanna an chomhlachta (bán agus dearg) mar chuid d’fheachtas fógraíochta an gheimhridh - tréimhse a bhí thar a bheith deacair ó thaobh díolacháin ag Coca-Cola, is cosúil. Léirigh Sundblom Daidí na Nollag i mbun a chuid oibre agus buidéal cóic i gcónaí ina lámh aige. Is íomhá láidir é seo a mhaireann go fóill i bhfeachtais phoiblíochta Coca-Cola.

Más ionann Daidí na Nollag i d’intinnse agus an phearsa ghealgháireach dearg-is-bán seo, ní gá duit dul níos faide siar ná Coca-Cola na dtríochaidí.

Ach tá ginealach níos faide ná sin aige agus tá dhá chraobh ar leith ag baint leis a léiríonn an ghné reiligiúnda den íomhá ar thaobh amháin agus an ghné shaolta ar an taobh eile.

In 1804, cuireadh tús le Cumann Staire Nua-Eabhrac agus b’fhéidir mar gheall ar an chúlra stairiúil Ollanach a bhí ag Nua-Eabhrac, ghlac an cumann le Naomh Nioclás mar phatrún. Mar sin a atosaíodh an traidisiún Ollannach sa chathair gur duine a thug amach bronntanais a bhí i Nioclás. Tá priontaí adhmaid ann ón tréimhse sin ag léiriú Sinterklaas mar dhuine ard agus róba fada air.

Dán cáiliúil

Ar Oíche Nollag 1822 scríobh fear de bhunadh Nua-Eabhrac, Clement Clarke Moore, dán dá chuid páistí dar teideal “An Account of a Visit from St. Nicholas”, a thosaíonn leis an líne cháiliúil, “Twas the night before Christmas …” Ba é Moore a chruthaigh na hocht réinfhia agus a thug ainmeacha orthu, agus ba é fosta a shamhlaigh den chéad uair Daidí na Nollag ag teacht anuas simléar Oíche Nollag. In áiteanna eile san Eoraip ba é an Christkindlen a dháil na bronntanais in áit Niocláis agus ba dhuine beag darbh ainm Pelznickel (nó Nioclás gléasta i bhfionnadh, mar a thugann an t-ainm le fios) a chuidigh leis. Sa traidisiún sin, ba iad na daoine fásta sa teach, gléasta mar Pelznickel agus féasóg orthu go minic, a thug taispeántas scanrúil Oíche Nollag nuair a bhí na páistí go fóill ina suí agus ba é an Christkindlen, a bhí dofheicthe, a d’fhag na bronntanais i rith na hoíche.

Diaidh ar ndiaidh d’fhás nasc idir Pelznickel, an Christkindlen agus Naomh Nioclás agus ba é Santa Claus, mar is eol dúinn sa lá atá inniu ann, toradh an naisc sin.

In 1863 i Meiriceá, thosaigh an scigealaíontóir do Harper’s Weekly, Thomas Nast, ag déanamh forbartha dá chuid féin ar Santa Claus. Léirigh sé é mar dhéantóir bréagán, gléasta i gculaith fionnaidh agus mála mór aige lán le bréagáin. Rinne Nast a chuid léaráidí le linn Chogadh Chathartha na Stát Aontaithe agus tugann cuid dá shaothar léargas stairiúil chomh maith le ceann séasúrach dúinn ar chúrsaí ag an am. Míthráthúil go leor, mar shampla, léiríodh Santa Claus i bpictiúr amháin agus cuma air go bhfuil sé ag iarraidh duine a chrochadh!

Ag druidim leis an naoú haois deag, bhí Santa Claus mar íomhá le feiceáil go forleathan, ach thiocfadh leis an íomhá seo a bheith beag nó mór agus gléasta i ndathanna éagsúla - glas, gorm, nó fiú corcra, mar shampla. In 1885, thosaigh Louis Prang, as Bostún, ag foilsiú cártaí Nollag, traidisiún nach raibh coitianta i Meiriceá ag an am agus a tháinig ó Shasana. Chruthaigh Prang Santa Claus i gculaith dhearg, féasóg fhada agus bolg mór air, agus is é a íomhásan atá in uachtar ó shin a leith.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.