CÚINNE NA nEALAÍON
Dealbh Marc Quinn ina ábhar conspóide
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Ar an 15 Meán Fómhair, noctadh dealbh i gCearnóg Trafalgar i Londain atá ag cothú go leor díospóireachta agus conspóide mar go léiríonn bean faoi mhíchumas agus í torrach. Cúlra an scéil ó Chiara Nic Gabhann.

Íomhá
An t-ealaíontóir conspóideach Marc Quinn
Íomhá
Alison Lapper: níl míshuaimhneach mar gheall ar an dealbh
Íomhá
Íomhá

Fágadh an ceathrú plionta i gCearnóg Trafalgar folamh ar feadh 150 bliain go dtí Mheán Fómhair na bliana seo nuair nocht Méara Londan, Ken Livingstone, an saothar a rinne an dealbhóir Marc Quinn chara Alison Lapper nuair a bhí ocht go leith torrach. Is saothar é atá idir thraidisiúnta agus chonspóideach, a tháinig sa chéad áit in ainneoin iomaíocht ghéar bheith ann leis an phlionta a líonadh. Ar na hiarrachtaí eile a cuireadh chun tosaigh bhí tionscadal cuimhneacháin ar mháthair na Banríona.

Saolaíodh Alison Lapper gan lámha agus le cosa gearra de bharr an druga tailídimíd agus is í a portráid, snoite ó bhloc de mharmar bán Iodálach, atá cúig troithe déag ar airde, a bheas le feiceáil ar an chearnóg cháiliúil go ceann seacht dhéag eile.

Mhínigh Alison Lapper, ar ealaíontóir í í féin, nach raibh míshuaimneach ar chor ar bith faoi dhaoine a bheith ag amharc ar a corp nocht torrach.

Sílim go bhfuil go hiontach,” a dúirt , “agus súil agam go n-osclóidh súile daoine. fhaigheann ealaíontóirí faoi míchumas taispeántais ealaíneDéanann muid (i.e. daoine nach bhfuil faoi mhíchumas) aon rud a sheachaint nach bhfuil muid ar ár suaimhneas faoi. Ach, anois, thuas ansin, cúig troithe déag ar airde! thig leat a sheachaint níos ! Cén fáth nach dtig le mo chorp bheith mar ábhar ealaíne?”

Tháinig an dealbhóir Marc Quinn os comhair an phobail ar dtús i 1991 lena fhéinphortráid Self, samhail chloigeann déanta le naoi bpionta chuid fola reoite féin. aitheanta mar dhuine de na BritArtists agus is é an corp daonna, faoina iliomad gnéithe, is minic a bhíonn mar fhoinse ionspioráide aige.

I dtaca le hAlison Lapper, dúirt : “ chomh néamhghnách sin daoine faoi mhíchumas a fheiceáil sa saol laethúil gan trácht ar iad a bheith nocht, torrach agus bródúil! Is é an ráiteas a dhéanann an saothar seo go dtig le daoine faoi mhíchumas a bheith chomh hálainn agus fiúntach le duine ar bith eile.”

Níl gach duine ar aon intinn leis, áfach. An leorráiteasagusfiúntaschun saothar ealaíne a bheith maith agus, in ainneoin go spreagfaidh an dealbh díospóireacht faoin dóigh a léirítear daoine faoi mhíchumas inár sochaí, roinnt daoine den tuairim gur géilleadh ealaíonta atá ann agus gur tábhachtaí sa chás seo an teachtaireacht pholaitiúil an teachtaireacht ealaíne.

This is an object that is so forthright, so plain, that it falls short of being art,” dar leis an léirmheastóir ealaíne Jonathan Jones. “This sculpture, in the end, is a monument to the artist’s virtue. Poetry, ambiguity and difficulty are necessary constituents of art, as opposed to politics.”

Bhris ealaíontóirí ar nós Picasso, Henry Moore agus Jean Arp leis an choinbhinsiún clasaiceach maidir leis an chorp a léiriú i saothair ealaíne, agus thug siad dúshlán an phobail athbhreithniú a dhéanamh ar a dtuiscint ar áilleacht coirp. Ach an bhfuil athrú meoin ar bith le brath i measc an phobail? An bhfeiceann muid corp, ealaín míchumas nuair a mheabhraíonn muid ar an saothar seo de chuid Marc Quinn? an bhfuil ag baint úsáide as Alison Lapper ag ceiliúradh an cineál difriúil áilleachta atá le feiceáil inti? an raibh amhras riamh ar Alison Lapper faoin dóigh ar leiríodh í sa saothar seo?

Bhí féin ag déanamh obair den chineál céanna ach bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta rud chomh suntasach agus ar an scála céanna leis seo a dhéanamh,” a dúirt . “An mbeadh scéal eile i gceist mba mise a rinne an saothar? An rachadh ar an cheathrú plionta? Níl a fhios agam, ach níorbh aon chúis imní dom riamh an míchumas seo a tháinig chugam ón bhroinn.”

Beidh Alison Lapper Pregnant le feiceáil i gCearnóg Trafalgar go dtí Aibreán 2007.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.