CÚINNE NA nEALAÍON
Ainmhithe a bhfuil bua na healaíne acu
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Déanann Ciara Nic Gabhann cur síos ar mhúsaem sna Stáit Aontaithe atá an-difriúil: dírítear ann ar shaothair ealaíne ainmnithe agus éan.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an ornithological dejecta sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan?

Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.monpa.com). Is é an cuspóir atá acu ná caomhnú agus taighde a dhéanamh ar ghluaiseachtaí, fuaimeanna agus marcanna ainmhithe nach príomhaigh iad, ar an tuiscint gur modhanna cruthaitheacha cumarsáide atá sna feiniméin seo a dtig leo léargas a thabhairt dúinn orainn féin agus ar an saol atá cruthaithe againn.

Ba é an staraí ealaíne / ainmhíchara an Dochtúir Peter Husard a bhunaigh an músaem in Chichester sna Stáit Aontaithe i lár na seachtóidí, agus ó shin i leith tá staidéar á dhéanamh ansin ar ainmhithe éagsúla agus ar a gcuid ealaíne, mar shampla: na patrúin a fhágann caocháin agus iad ag tochailt faoi thalamh; an dóigh a dtiteann cac staile i bhfoirm pirimide; na marcanna a fhágann cait ina dtimpeallacht féin nó an t-eagar a chuireann scaoth éan orthu féin ag eitilt sa spéir le titim na hoíche. An samplaí de chruthaitheacht ealaíonta na n-ainmhithe seo a leithéid nó, murab ea, cad é an míniú atá orthu?

An Seansaol

Maidir le nós imeachta an chait, mar shampla, tá fianaise ann nach nós nua-aimseartha é seo agus go raibh meas ag muintir na sean-Éigipte ar na hiarrachtaí ealaíonta a dhéanadh a gcuid cat féin. I 1990, nochtadh na coirp sheargtha de dhá chat san Éigipt - Etak agus Tikk, a bhí beo as bhliain 3000 Roimh Chríost. Spéisiúil go leor bhí scrollaí curtha taobh leo agus marcanna a rinne siad féin le feiceáil orthu.

Ealaíontóir Tí

I 1994, in Berkley, Cailifornia, osclaíodh an chéad taispeántas idirnáisiúnta d’ealaín cat i nDánlann Philip Wood inar taispeánadh saothar a bhí cruthaithe ag cait éagsúla agus ealaíontóir tí darbh ainm Buster ag cruthú* in situ *ina dhánlann féin.

Pawcasso agus a Ré Chrúbach?

Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige:

an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán?

Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.

Ní haon ionadh é nach bhfuil ach céatadán beag cat ann a bhfuil bua na péintéireachta acu agus más rud é nach bhfuil bua na scuaibe ag do mhogaí féin, ná bíodh aon lagmhisneach ort. Cuimhnigh, mura n-éiríonn leis mar phéintéir, go bhfuil MONPA, chomh maith le go leor dánlann eile, i gcónaí ag cuartú léirmheastóirí a bhfuil spéis ar leith acu in ealaín cat!

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.