Cartlann
gluais Gluais
EAGRÁN #57 · EANÁIR 2006
CAINT AN tSRÁIDBHAILE

Féachaimid anseo ar an mhéid a d’fhéadfadh bheith i ndán do dhaoine éagsúla sa saol poiblí sa bhliain seo atá amach romhainn.

»»»
COMÓRTAIS
Caoimhe Ní Laighin

Déanfaidh an tAire Oideachais Mary Hanafin tionscadal nua de chuid Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad a sheoladh ag tús na míosa seo a bhfuil sé mar aidhm aige cur ar chumas foghlaimeoirí fásta Gaeilge cáiliocht a bhaint amach ag a mbeidh aitheantas Eorpach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le Stiúrthóir an ionaid, Anna Ní Ghallachair, faoin tionscadal seo agus faoin obair cheannródaíoch eile atá idir lámha aici féin agus ag a foireann.

»»»
Íomhá
AGALLAMH BEO
Éamonn Ó Dónaill

Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Brian Ó Broin

Tá go leor de phobal na Stát Aontaithe an-bhuartha faoi chúrsaí slándála agus níl ag éirí leis an Uachtarán Bush iad a chur ar a suaimhneas, dar le Brian Ó Broin.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON
Ciara Nic Gabhann

Déanann Ciara Nic Gabhann cur síos ar mhúsaem sna Stáit Aontaithe atá an-difriúil: dírítear ann ar shaothair ealaíne ainmnithe agus éan.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Carmen Rodríguez

Féachann Carmen Rodríguez ar an iarracht is déanaí atá ar bun ag polaiteoirí na Catalóine chun féinrialtas a bhaint amach don réigiún ón Spáinn.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Marcas de Faoite

Nuair a thug Marcas de Faoite, ar tréidlia é san Astráil, cuairt ar Éirinn den chéad uair i 1994 ní raibh focal Gaeilge aige ach spreag an turas sin é le luí isteach ar fhoghlaim na teanga.

»»»
Íomhá
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Antaine Ó Faracháin

Tá ionad cultúrtha in ómós don phíobaire Séamus Mac Aonghuasa lonnaithe san Aill, i gContae Átha Cliath, áit a mbíonn go leor ócáidí a bhaineann leis an gceol traidisiúnta agus rudaí eile nach é, ar bun. Labhair Antaine Ó Faracháin le stiúrthóir an ionaid, Seán Mac Philibín, le fáil amach go díreach céard a bhíonn ar siúl ann agus céard atá ar na bacáin don bhliain úr.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Éamonn Ó Dónaill

Tá níos mó eolais le fáil faoi shaothar Phádraigín Ní Uallacháin ag: www.padraiginniuallachain.com

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Dáithí Ó Colchúin

Léiriú ab ea na círéibeacha ar thrá Cronulla san Astráil an mhí seo caite ar an gciníochas atá beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin .

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor

Míníonn Balor a bhfuil i ndán do mhuintir na hÉireann sa bhliain atá amach romhainn.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Breandán Delap

Measann Breandán Delap nach mbeidh deacracht dá laghad ag Fianna Fáil fanacht i gceannas de bhrí go bhfuil an freasúra chomh lag sin.

»»»
CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Diarmaid Mac Mathúna

Tá an t-inneall cuardaigh Google ag scriosadh na cruthaitheachta, dar le Diarmaid Mac Mathúna.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Dónall Ó Maolfabhail

Measann Dónall Ó Maolfabhailgo bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don Ghaeilge béim a chur ar an teanga labhartha amháin sa churaclam scoile.

»»»
Íomhá
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Cormac Ó hAodha

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Cormac Ó hAodha, Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta, Cúil Aodha, Contae Chorcaí.

»»»
LIAM AGUS BAIRBRE
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Liz Curtis

Bhí Liz Curtis buíoch gur míníodh di roimh ré go bhfuil cuid de na héin ar Oileáin Farne in iarthuaisceart Shasana an-fhraochta ar fad!

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Pádraig Mac Éamoinn

I mí na Samhna 2005, d’fhoilsigh comhrialtas na linne sin in Éirinn Transport21, plean iompair phoiblí don deich mbliana ina dhiaidh sin. Sa tuairisc speisialta seo ó mhí na Nollag, 2015, féachann ár dtuairisceoir iompair, Pádraig Mac Éamoinn, siar ar chur i bhfeidhm an phlean le deich mbliana anuas.

»»»
CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Pádraig Standún

Is sliocht é seo as úrscéal nua le Pádraig Standún, Sobalsaol, atá díreach foilsithe.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Robert McMillen

imní ar na ceardchumainn go gcaillfear na mílte post i seirbhís phoiblí na Sé Chontae sna blianta atá romhainn, mar a mhíníonn Robert McMillen.

»»»
Íomhá
CÚRSAÍ SPÓIRT
Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh ag súil go mór leis an tsraith nua de “Laochra Gael”, a chraolfar ar TG4 go luath.

»»»
Íomhá
RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar ais ag obair i ndiaidh shaoire na Nollag.

»»»
TEANGA AGUS CULTÚR
Cóilín Ó Floinn

Chaith Cóilín Ó Floinn seachtain i nGaeltacht na hAlban an samhradh seo caite agus chuaigh an cultúr agus na daoine i bhfeidhm go mór air.

»»»
Íomhá
THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Máire Ní Chuagáin

míbhuntáistí áirithe ag baint le Barcelona, dar le Máire Ní Chuagáin, ach meallann an chathair ar ais go minic í mar sin féin.

»»»
Íomhá
AR NA SAOLTA SEO
Tony Birtill

Labhair Tony Birtill le bean de bhunadh Éireannach, Margaret McAdam, atá mar chuid d’eagraíocht atá ag iarraidh dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch i Learpholl.

»»»
AR NA SAOLTA SEO
Uinsionn Mac Dubhghaill

D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.