AR NA SAOLTA SEO
Ciapadh ciníoch ina fhadhb mhór i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Labhair Tony Birtill le bean de bhunadh Éireannach, Margaret McAdam, atá mar chuid d’eagraíocht atá ag iarraidh dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch i Learpholl.

Íomhá
Anthony Walker: dúnmharaíodh é an samhradh seo caite
Íomhá
An bheirt a dhúnmhraigh Anthony Walker: Michael Barton agus Paul Taylor
Íomhá
Stephen Lawrence: dúnmharaíodh é i Londain i 1993

Bhí aird na meán cumarsáide dírithe ar Learpholl ag deireadh 2005 nuair a bhí triail Michael Barton agus Paul Taylor, dúnmharfóirí Anthony Walker, ar bun. Phléadáil Taylor (20 bliain d’aois) ciontach ag an bhomaite dheireanach gur mharaigh sé Anthony Walker, buachaill dubh ocht mbliana déag d’aois, le tua oighir i bpáirc phoiblí i Huyton, Learpholl i mí Iúil 2005. Fuarthas Michael Barton (17), col ceathrair Tayor agus deartháir Joey Barton, peileadóir le Manchester City, ciontach fosta tar éis triail aon lá dhéag.

Cé gur mionlach iad na ciníochaithe i Learpholl, is fadhb mhillteanach iad mar is féidir le mionlach trioblóid mhór a chothú. Sin an fáth go bhfuil an Merseyside Racial Harassment Prevention Unit (MRHPU) ann agus labhair mé le gairid le Margaret McAdam, duine de mo chomharsana atá ag obair san aonad seo ó bhí 2000 ann.

Is de bhunadh Éireannach í Margaret, mo dhála féin, agus tá sí ag obair le duine amháin eile san aonad beag seo atá suite in Ionad na nDaoine i lár na cathrach.

“Faigheann muid deontas ó Údarás na bPóilíní mar gur cuid den dualgas atá orthu stad a chur le ciapadh ciníoch,” a dúirt Margaret liom.

Cé go bhfuil leathanach iomlán faoin chiapadh ciníoch ar shuíomh gréasáin na bpóilíní (www.merseyside.police.uk), mhol Tuarascáil Lawrence i 1998, a foilsíodh tar éis dúnmharú déagóir dubh eile i Londain, Stephen Lawrence, gur chóir go mbeadh líne ghutháin éigeandála neamhspleách ann le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh an chiaptha agus na n-ionsaithe ciníocha. Tá an líne (0800 138 1688) oscailte ceithre huaire is fiche sa lá agus glaodh air 650 uair anuraidh.

“Dúirt Tuarascáil Lawrence go mbíonn drogall ar a lán íospartach labhairt leis na póilíní,” a dúirt Margaret. “Ach cé go bhfuil an líne theileafóin ann, ní thuairiscítear an chuid is mó den chiapadh agus de na hionsaithe.” Luaigh Tuarascáil Lawrence agus an British Crime Survey an fhadhb seo.

Déaneann an MRHPU monatóireacht ar chiapadh agus ar ionsaithe ciníocha fosta agus baineann siad úsáid as an Inter-Agency Monitoring Form, atá in úsáid ar fud Merseyside ag eagraíochtaí stáit agus deonacha. “Líonann íospartaigh an fhoirm seo isteach agus cuireann siad ar ais chugainn í agus mar sin faigheann muid léargas ar fhadhb an chiníochais sa cheantar,” a dúirt Margaret.

D’inis sí dom go bhfuil sé tábhachtach fosta go bhfaigheann íospartaigh tacaíocht sa dóigh is go bhfeiceann siad nach am amú é an fhoirm a líonadh isteach.

“Tugann muid tacaíocht phraiticiúil d’íospartaigh, mar shampla, boscaí litreach dódhíonacha, aláraim, fuinneoga dobhriste agus mar sin de. Agus comhairle agus tacaíocht mhothúchánach fosta, má atá siad de dhíth. Téann muid i dteagmháil leis an ghrúpa frithfhaisisteach áitiúil. Pléann muid fadhbanna leis an údarás títhíochta, agus más maith le daoine atá faoi bhrú bogadh as ceantar, tugann muid cuidiú dóibh é sin a dhéanamh. Cuidíonn muid le daoine má bhíonn cás dlí ann fosta,” a dúirt Margaret.

Oiliúint

Déanann an MRHPU iarracht fadhbanna a réiteach sula dtéann siad os comhair na cúirte. “Eagraíonn muid cruinniú leis na dreamanna uilig a bhfuil baint acu leis an fhadhb: na póilíní, an t-údarás títhíochta, an cumann pobail - agus déanann muid iarracht dul chun cinn a dhéanamh,” a dúirt Margaret.

Tá an oiliúint mar chuid thábhachtach den obair atá ar bun ag an MRHPU agus oibríonn siad le coláistí, grúpaí áitiúla, grúpaí deonacha agus grúpaí reachtúla. Pléitear ábhair éagsúla: dlíthe mar an Race Relations Amendment Act 2000, mar shampla, agus Fiosrúchán Stephen Lawrence.

“Bíonn sé deacair go minic, mar bíonn tuairimí ciníocha le fáil in a lán áiteanna,” a dúirt Margaret.

Is cúis náire do mhuintir Learphoill go bhfuil formhór na ndaoine dubha sa chathair ina gcónaí i gceantar amháin, is é sin, Learpholl 8 nó Toxteth. Agus tá siad ina gcónaí ansin chun go mbeidh siad slán, in aice lena chéile, mar go mbíonn ciapadh ciníoch go dona in a lán áiteanna sa chathair, go mór mór i Huyton, an áit ar dúnmharaíodh Anthony Walker.

“As seacht gcás ar an líne éigeandála idir 3-8 Nollaig i mbliana, bhí trí cinn acu i Huyton, agus nuair a smaoiníonn tú nach bhfuil ach 2% den daonra ansin dubh, feiceann tú go bhfuil an leibhéal de chiapadh ciníoch ansin díréireach,” a dúirt Margaret liom.

Tá a fhios ag Margaret McAdam agus an MRHPU go bhfuil an fhadhb go dona i Huyton le blianta anuas. Go deimhin, scríobh sí tuarascáil i mí na Nollag 2004 inar thuar sí go dtarlódh rud éigin uafásach sa cheantar roimh i bhfad muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin.

“Seachtain roimh an dunmharú, d’eagraigh an MRHPU cruinniú leis na póiliní agus leis an chomhairle áitiúil agus chuir muid in iúl dóibh chomh holc is a bhí rudaí sa cheantar. Bhí brú millteanach ar dhaoine dubha ansin agus bhí eagla orthu. Dúirt comhairleóirí áitiúla leis na meáin chumarsáide tar éis an dúnmharaithe gur eachtra aonuaire a bhí ann, ach ní fior sin. Agus is é an rud is measa ná go bhfuil an ciapadh ciníoch ag leanstan ar aghaidh i Huyton agus go bhfuil daoine a bhí ag fulaingt anuraidh fós ag fulaingt.”

Tá tuilleadh eolais le fáil faoin MRHPU ag www.thepeoplescentre.com/LNFC/projects/mrhpu.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.