CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Sobalsaol
Pádraig Standún Pádraig Standún

Is sliocht é seo as úrscéal nua le Pádraig Standún, Sobalsaol, atá díreach foilsithe.

Bhí an ghráin ag Mártan Mac Cormaic ar an gclog. Shamhlaigh sé a shaol amanta mar rás idir é féin agus an t-am. B’údar bróid dó gurbh é a bhuaigh an rás sin an chuid ba mhó den am, ach ba é an brú a bhain leis a chuir déistin air. Ní túisce script amháin críochnaithe go raibh air ceann eile a thosú. Ní raibh briseadh ná scíth le fáil an chuid ba mhó den bhliain. Bhí an clár ar an aer trí oíche sa tseachtain. Bata agus bóthar a bhí i ndán don té nár éirigh leis cloí leis an sprioc.

Ceird chrua chruálach a bhí inti, ach b’ionann le druga í. “Sobalcólaí” a bhí ann. Ba é a shaol agus a shaothar é. Ba thábhachtaí dó é ná bean nó clann. Nach é ba chúis lena phósadh titim as a chéile? Bhí sé meallta, tugtha, sáite, sníofa sa scríbhneoireacht faoi bhrú seo. Ba é a choinnigh fuil ina chuisle, anáil ina pholláirí.

Ruaig sé na smaointe sin as a intinn, mar ní raibh am aige smaoineamh ach ar an script a bhí le críochnú roimh a naoi a chlog. Bheadh cúpla uair an chloig eile fós ina dhiaidh sin aige dá mbeadh tuilleadh ama ag teastáil, ach bhí an líne sin tarraingthe dó féin aige. Thabharfadh sé sin am dó cúpla deoch a ól i gcuideachta an tí ósta. Theastaigh sé sin le néaróga an lae a mharú, nó ní bheadh codladh na hoíche aige; agus mír eile den dráma ag fanacht roimhe ar maidin.

Níor thug sé aird ar chlingeadh an teileafóin. Ní raibh am aige. Nuair a bhuail torann ceolmhar an fhóin i bpóca a sheaicéid, bhí a fhios aige gurbh í Justine a bhí ag glaoch. Le Cian a phiocadh suas ón scoil arís, is dóigh, a cheap sé. Bhuel, d’fhéadfadh sí a tóin féin a chur i ngiar agus é a dhéanamh. Ní raibh am aige, agus bhí sé déanta aige míle uair cheana.

Nach bhféadfadh a leannán nua é a dhéanamh? Ach ní chuirfeadh sí am dochtúra amú. Sin a bhí cloiste aige: gurbh’in an “cara” nua a bhí aici, cé nach raibh a fhios ag Cian faoi, má b’fhíor dó féin. Foc í. Ba chuid den stair anois í. Ach Cian … Bhí sé sin difriúil. Ba é a chuid den saol é, a mhaicín bán. Níor theastaigh uaidh go mbeadh sé sin fágtha ina sheasamh san fhuacht taobh amuigh den scoil. Phioc sé suas an fón.

“Cá raibh tusa go dtí anois?”

“An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?”

“Bhí sé thar am agat,” ar sí.

“Thar am le céard?”

“Dul go dtí an leithreas. Mar go bhfuil tú lán de chac.”

“Céard atá uait?” arsa Mártan. “Níl am agam le haghaidh ghiúmar an leithris.”

“Nach féidir leat é a chur i do script? Agus na dleachta a sheoladh chugam.”

“Táim ag seoladh an iomarca chugat cheana,” ar sé go borb. “Anois, mura bhfuil aon rud ciallmhar le rá agat … ?”

“Agus cén chaoi a bhfuil tusa inniu?” a dúirt sí go searbhasach. “Mura bhfuil a fhios agam ó do ghlór.”

“Táim faoi bhrú oibre. Tá script le críochnú agam, agus má theastaíonn uait am a chaitheamh ag caint seafóide, téirigh chuig do shrink.”

Thuig sé cén sáiteán a ghortódh í.

“I d’intinn atá sé sin ar fad. Níl aon rud idir mise agus Colm.”

“Cé mhéad dá chuid othar eile a thugann a ainm baiste air?”

“Ní bhíonn cúrsaí chomh foirmeálta sin níos mó,” a d’fhreagair sí.

“Cibé cá bhfuil a chuid leighis aige, tá ag éirí leis de réir gach cosúlachta, mar is fada ó labhair tú liom gan gearán a dhéanamh.”

“Agus údar agam.”

“Mise is cúis le chuile rud atá tarlaithe eadrainn, ar ndóigh.”

“Bhí chaon duine againn ciontach.”

Bhris sí an tost a tháinig eatarthu: “Ar mhiste leat Cian a choinneáil don deireadh seachtaine iomlán?”

“Nach mbeidh sé agam Dé Sathairn, mar is iondúil?”

“Beidh, ach tá cuireadh agam in áit éicint.”

“Cén áit?”

“Ní bhaineann sé leat,” ar sí go héadrom.

“Beidh mé cruógach.”

“Shíl mé go dtaitneodh sé leat am a chaitheamh le do mhac.”

“Níor dhúirt mé nach dtógfainn é ach go mbeinn cruógach.”

“Nílim ag iarraidh go mbeadh sé fágtha ag do mháthair.”

“Is í a Mhamó í,” arsa Mártan. “Mura bhfuil cead aici a garmhac a fheiceáil … ”

“Ní hin atá i gceist agam ach nach bhfuil sí in ann anois chuige.”

“Tá cion an domhain aici air.”

“Tá, ach tá beagán Alzheimers, nó rud mar sin, anois uirthi.”

“Tá tú i do dhochtúir anois chomh maith le bheith i do bhanaltra? Nó an é Colm a d’aimsigh an galar sin?”

“Rinne do Mhama dearmad an uair dheireanach go raibh Cian sa teach in éindí léi,” arsa Justine. “Thit sí ina codladh agus nuair a dhúisigh sí, cheap sí gur tusa a bhí ann. Mártan a thug sí air an chuid eile den am.”

“Tuige nár dhúirt tú é sin liom cheana? Má tá sé fíor.”

“Rud ar bith a deirim leat faoi Chian, tá sé fíor.”

Labhair Justine sách íseal, béim aici ar chuile fhocal: “Cibé céard eile atá eadrainn, tá chaon duine againn ar mhaithe le Cian. Tá súil agam.”

“Tá. Ní thabharfaidh mé chuig mo mháthair níos mó é.”

“Tabhair, agus téirigh thú féin ann freisin in éindí leis. Tá sí ar bís le thú a fheiceáil. Tá do thuairisc á cur aici gach uair a thugaim cuairt uirthi. Ní dóigh liom go dtuigeann sí fós go bhfuilimid scartha.”

“Tá sí sórt dearmadach.”

“Tá, agus tá sé contúirteach go bhfuil sí fágtha léi féin. D’fhéadfadh sí an teach a lasadh nó rud ar bith.”

“Tabharfaidh mise aire do mo mháthair,” a dúirt Mártan go mífhoighdeach, “agus tabharfaidh mé aire do Chian ag an deireadh seachtaine.”

Leag sé uaidh an fón. Uair an chloig eile caillte agam, ar sé leis féin. Ní hé go raibh sé an fhad sin ag caint le Justine, ach bhí a fhios aige nach mbeadh sé in ann aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibre go ceann uair an chloig ar a laghad. Réitigh sé tae agus chaith sé toitín, gach nóiméad agus é ina shuí díomhaoin ina nóiméad eile caillte aige ón obair leanúnach mhíthrócaireach nár thug cead dó scíth a ligean.

“Beidh mé ceart go leor,” a dúirt Mártan leis féin, “má bhím críochnaithe ag a deich. Agus cén dochar mura dtéim chuig an ósta ar chor ar bith anocht? Nach bhfuil neart le n-ól sa gcófra?’ Bhí a fhios aige go maith nach mar a chéile é, gur theastaigh cuideachta uaidh ar feadh tamaill den oíche tar éis dó an lá ar fad a chaitheamh leis féin ar aghaidh a phróiseálaí focal.

Bhí oícheanta ann, ar ndóigh, ar oibrigh sé ar feadh na hoíche ar mhaithe le cloí le sprioc. Ach bhíodh sé tinn tuirseach lá arna mhárach, rud a chuireadh an chéad script eile ar an méar fhada. Ach dá dtiocfadh an crú ar an tairne, d’fhéadfadh sé sin a dhéanamh. Smaoinigh sé go mbeadh air a leithéid a dhéanamh an tseachtain sin, anois go mbeadh lá breise le Cian ag fanacht leis.

Bheadh lá eile oibre curtha amú, ach b’fhiú é. Bhraith sé nár thug sé leath a dhóthain ama dó mar a bhí. Ní raibh cosc ag Justine air a mhac a fheiceáil, ach thit sé isteach i bpatrún a d’fheil dá chuid oibre. Sé lá ag obair agus lá díomhaoin. Mar Dhia sa mBíobla fadó, a smaoinigh sé, cé gurbh fhada eisean ón tseafóid sin i láthair na huaire.

Bhí Justine ag iarraidh air iarracht a dhéanamh do chéad Chomaoineach a mhic. B’fhearr le Mártan gan bacadh, ach bhí Cian ag tnúth leis an lá mór agus bhí a fhios ag a athair ina chroí istigh nach bhféadfadh sé é a ligean síos. Céard a déarfas na lads sa teach ósta? ar sé leis féin, nuair a fheicfeas siad an mac drabhlásach ag filleadh ar an séipéal?

Bheadh am aige smaoineamh ar na rudaí sin nuair a bheadh obair an lae déanta, agus pionta mór ar an gcuntar os a chomhair. Shuigh sé síos ag an ríomhaire agus tháinig brionglóid na hoíche roimhe sin chun a chuimhne. Bhí sé i bpríosún den seandéanamh, an sórt a d’fheicfeá sna scannáin. Ach ní liathróid mhór iarainn a bhí ceangailte lena chos le slabhra, ach ríomhaire, a bhí greamaithe lena rúitín le sreang leictreachais.

“Caithfidh mé deis a fháil leis sin a chur i script,” a cheap sé. Ba bheag rud a tharla nach raibh úsáideach. Choinnigh sé a súil in airde i gcónaí san óstán, féachaint le smaoineamh nua, aicsean nua, a aimsiú. Nuair a chonaic sé cailín óg ag glaoch ar an óstóir le fón póca oíche amháin le deoch a thabhairt síos chuici, choinnigh sé é sin i stór a intinne go dtí go raibh deis aige úsáid a bhaint as agus é a chur ar scáileán. Bhí sórt aiféala air go raibh a mhac féin á úsáid ar an gcaoi chéanna aige, le caint a chur i mbéal an chailín ba thaitneamhaí sa sobaldráma, girseach ocht mbliana d’aois. Bhí sise in ainm is a bheith ag réiteach dá céad Chomaoineach freisin, agus cheana féin bhí ceann de cheisteanna a mhic curtha ina béal aige: “Má bhainim greim as Íosa Críost nuair a bheas sé i mo bhéal agam, an dtosóidh sé ag béiceach agus ag screadaíl?”

Thaitin sé le Mártan freisin gur ar éigean a bhreathnaigh Justine ar “Béal an Chuain” ní ba mhó. B’in é an clár teilifíse a raibh sé ag scríobh dó, agus ba bheag a tharla eatarthu nuair a bhíodar i mbun troda nach raibh ag tarlú anois idir na carachtair Jason agus Maria sa dráma. Bhíodar sin le scaradh gan mórán achair agus, iontas na n-iontas, bheadh Katie, a n-iníon, ag caitheamh sé lá den tseachtain lena máthair, agus lá lena hathair, a bhí ina iriseoir, mar dhea, sa nuachtán áitiúil.

Nuair a bhí sé tuirseach ba é ba mhó a tharraing Mártan as stór a shaoil agus a thaithí féin. Anois, bhí an carachtar Jason ina oifig sa nuachtán, an teileafón ag clingeadh agus gan aird aige air.

Cloistear torann an teileafóin láimhe ansin. Tógann sé as póca a sheaicéid é agus breathnaíonn ar ainm an té atá ag glaoch.“Maria. Céard atá uaithi anois?” Leagann sé uaidh é. Casann comhiriseoir, Michelle, óna ríomhaire, a cosa fada le feiceáil faoina mionsciorta, agus breathnaíonn air.

“Tá an iomarca le déanamh agam,” arsa Jason léi, an fón á leagan uaidh aige.

“Ach í féin atá ann,” arsa Michelle.

“Níl am agam labhairt léi.”

“B’fhéidir go bhfuil sé tábhachtach?”

“Céard a d’fhéadfadh a bheith chomh tábhachtach sin?”

“Katie.”

Freagraíonn Jason an fón: “Céard atá uait?”

“Cá raibh tusa go dtí anois?”

“An bhfuil cead agam dul chuig an leithreas?”

“Bhí sé in am agat, agus tú lán de chac … ”

Shuigh Mártan siar agus las sé toitín. Bhí leis anois. Bhí go leor eile le déanamh aige as sin go dtí a naoi a chlog, ach bhí an bloc ina intinn curtha as an mbealach. Agus cé a rinne? Justine. Ní am amú a bhí ina glaoch ach beannacht a bhí ceilte air go dtí sin. Smaoinigh sé nach raibh rud ar bith ná duine ar bith ar an saol nárbh fhéidir a úsáid ar mhaithe lena cheird.

Is as Baile na Córa i lár Chontae Mhaigh Eo do Phádraig Standún. Is sagart é, agus tá sé ag obair faoi láthair mar shéiplíneach i dTuar Mhic Éadaigh i gcontae Mhaigh Eo. Tá tréimhsí fada caite aige chomh maith ag obair mar shagart ar an gCeathrú Rua, in Inis Oírr agus in Inis Meáin. Is úrscéalaí é a bhfuil ocht n-úrscéal i nGaeilge i gcló aige agus leagan Béarla ann de chúig cinn, mar aon le haistriúcháin Ghearmáinise agus Rómáinise ar cheann acu.

Gluais • Glossary

úrscéalnovel

gráinhatred

shamhlaigh séhe imagined

údar bróidreason to be proud

brúpressure

déistindisgust

ní túisceno sooner

scíthrest

bata agus bótharthe sack

cloí leis an spriocto stick to deadlines

sobalcólaísoapaholic

mealltabeguiled

sáiteengrossed

fuil ina chuisleblood in his veins

anáil ina pholláiríbreath in his nostrils

ruaig séhe banished

néaróganerves

mírpiece

airdattention

torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone

a leannán nuaher new boyfriend

lán de chacfull of shit

giúmar an leithristoilet humour

dleachtaroyalties

go borbabruptly

go searbhasachsarcastically

ag caint seafóidetalking rubbish

sáiteánjibe

otharpatient

a ainm baistehis first name

gearáncomplaint

údarreason

chaon duineeach of us

ciontachguilty

tostsilence

mar is iondúilas usual

cruógachbusy

garmhacgrandson

cionaffection

a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease

in éindí léialong with her

sách ísealin a low voice

béimstress

ar bís le thú a fheiceáildying to see you

tá do thuairisc á cur aicishe’s asking for you

dearmadachforgetful

contúirteachdangerous

d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight

airecare

go mífhoighdeachimpatiently

aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work

díomhaoinidle

docharharm

cuideachtacompany

aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor

dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst

curtha amúwasted

leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him

coscban

seafóidrubbish

iarrachteffort

chéad Chomaoineachfirst hold Communion

ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day

an mac drabhlásachthe prodigal son

brionglóiddream

den seandéanamhof the old kind

greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable

deisopportunity

smaoineamhidea

ar scáileánon screen

aiféalaregret

an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera

in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing

greimbite

ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming

i mbun trodaengaged in fighting

iontas na n-iontassurprise surprise

iriseoirjournalist

taithíexperience

comhiriseoirfellow journalist

mionsciortamini-skirt

beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise

ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.