AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ciníochas cois trá
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Léiriú ab ea na círéibeacha ar thrá Cronulla san Astráil an mhí seo caite ar an gciníochas atá beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin .

Íomhá
Íomhá

Tá daoine fós ann nach nglacann leis gur cuid lárnach de shaol agus de chultúr na hAstráile é an ciníochas. Bhí tuilleadh fianaise le fáil faoi seo trí seachtainí ó shin nuair a bhí na sluaite bailithe in aice thrá Cronulla i ndeisceart Sydney ag maslúwogs”, “Lebs” agus an fáidh Mahamad agus ag ionsaí aon duine a cheap siad go raibh “cuma an Mheánoirthir” air.

Cé gur ar mhuintir na Liobáine is mó a bhí a n-aird, ní léir cén chaoi a raibh siad in ann idirdhealú a dhéanamh eatarthu sin agus daoine eile a mbíonn an chuma chéanna orthu go minic, daoine as an Iodáil agus as an Spáinn cuir i gcás.

D’ionsaigh an slua fiáin seo, ina raibh suas le 5,000 duine ar fad, aon duine a chuir olc orthu, ina measc mná agus déagóirí nach raibh in ann iad féin a chosaint, póilíní a tháinig i gcabhair orthu agus oifigigh otharchairr a bhí ag cuidiú le daoine a bhí gonta. Bhí cuid den slua ag caitheamh bhratach na hAstráile agus cuid mhaith acu faoi thionchar an óil. Cuireadh an milleán ar chuid de na meáin freisin – bhí siadsan ag gríosú na ndaoine le seachtain roimhe sin. Más fíor na tuairiscí, tá achrann le fada ar thrá Cronulla idir lucht na háite agus daoine de bhunadh na Liobáine a thugann cuairt ar an trá go minic. Bhí scliúchas ann an Domhnach roimhe sin nuair a ionsaíodh beirt nó triúr de na fir tharrthála ar an trá agus ceaptar gurbh shin é an rud a spreag an slua a bhí ag dul a dhíbirt na “Lebs” ó “thrá s’againne”.

Chuaigh scuainí de bhunadh na Liobáine, más fíor, ag lorg díoltais go gairid tar éis na trioblóide i gCronulla. Thugadar ruathar faoi chuid de na bruachbhailte cois trá in oirthear agus i ndeisceart Sydney, ag scriosadh carranna agus ag ionsaí daoine. Lean an t-achrann an oíche dár gcionn sular tháinig feabhas ar an scéal nuair a cuireadh na mílte póilín ar na sráideanna.

Tá an ciníochas le feiceáil i stair na hAstráile ó tháinig daoine as an Eoraip anseo den chéad uair. Bhí polasaí inimirce an rialtais (An Astráil Gheal) bunaithe ar chiníochas go dtí na seachtóidí. Ar ndóigh, tá sé le feiceáil le fada sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre ar chuile bhealach agus níl deireadh tagtha leis sin go fóill. Bhí sé le feiceáil sa naoú céad déag freisin sa gcaoi ar caitheadh le daoine as an tSín a bhí ag obair sna ceantracha óir.

Rinneadh iarracht a rá nach raibh aon bhaint ag ciníochas leis an scéal is deireanaí seo in ainneoin na fianaise a bhí chomh follasach sin. I bpobalmheas tar éis na trioblóide i gCronulla, dúirt 75% den phobal go raibh ciníochas bunúsach san Astráil. Is cuma cé chomh láidir is atá an fhianaise atá ann, ní bheidh an chuid eile sásta glacadh leis sin choíche, is cosúil.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.