TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
An tréidlia tréitheach
Marcas de Faoite Marcas de Faoite

Nuair a thug Marcas de Faoite, ar tréidlia é san Astráil, cuairt ar Éirinn den chéad uair i 1994 raibh focal Gaeilge aige ach spreag an turas sin é le luí isteach ar fhoghlaim na teanga.

Íomhá
Íomhá
Teach Pheig Sayers i gCiarraí
Íomhá
Áine Webster, Consal Ginearálta na hÉireann san Astráil

raibh ach baint an-bheag agam leis an nGaeilge agus ag éirí aníos amuigh anseo san Astráil. Cinnte, tháinig mo mhuintir ar an thaobh as Éirinn. Ach rinne siad an turas fada go dtí an tír iargúlta seo blianta ó shin, idir an Gorta Mór agus an Chéad Chogadh Domhanda, cosúil leis na mílte Éireannach eile le linn na tréimhse céanna.

Rugadh i mbaile beag tuaithe i dtuaisceart New South Wales (NSW) ar a dtugtar Maclean. B’as Oileán Sgitheanach na hAlban iad na chéad Eorpaigh a chuir fúthu ann san 18ú haois. Cainteoirí Gàidhlig ab ea iad na ceannródaithe sin agus mhair an ceantar mar bhreac-Ghaeltacht ar feadh glúine dhó. a rian fós le feiceáil sa cheantar sna comharthaí bóthair dátheangacha, Béarla agus Gàidhlig.

Bhí feirm bheag déiríochta ag mo thuismitheoirí nach raibh in ann teacht isteach ceart a sholáthar dúinn i ndáiríre agus sa deireadh bhogamar go Sydney. Shocraigh muid in Bankstown, bruachbhaile a raibh cáil air sna blianta tosaigh a raibh coilíneacht anseo i NSW mar Irishtown. Nuair a bhíos réidh sa mheánscoil, isteach san ollscoil liom agus roinnt blianta ina dhiaidh sin bhain céim tréidliachta amach. Níor chuala focal Gaeilge ar bith le linn an ama sin, ach bhíos ag foghlaim na Spáinnise mar chaitheamh aimsire agus, mar gheall air sin, bhí taithí éigin agam ar an sult atá le baint as foghlaim teanga.

Chaith seal mar thréidlia tuaithe, sa Nua-Shéalainn go phríomha, ach sa deireadh thiar thall thug aghaidh ar an ollscoil arís chun roinnt taighde a dhéanamh. I 1994 bhí orm caint ghairid a thabhairt ag comhdháil a bhí ar siúl i nDún Éideann na hAlban. rabhas riamh san Eoraip agus thapaigh an deis chun cuairt a thabhairt aran seanfhódag an am céanna.

Ar mo shlí go hÉirinn dom, thug sciuird ar an Oileán Sgitheanach agus chuir tírdhreach an oileáin álainn sin faoi dhraíocht . Casadh bean orm a bhí ag obair i siopa beag agus í ag éisteacht le clár éigin Gàidhlig ar an raidió - b’in an chéad uair a chuala Gaeilge de shórt ar bith. Tháinig beagán náire orm nach raibh focal amháin agamsa agus go rabhas chomh scartha sin ó mo dhúchas féin. Bíonn na céadta teanga le cluinstin ar na sráideanna i Sydney agus b’fhéidir go raibh rud beag éada orm fosta nach rabhas chomh hilteangach le mo chairde ó thíortha eile sa bhaile.

rabhas in Éirinn féin ach ar feadh míosa ach thaitin an chuairt liom go han-mhór. Bhíos ar an gcéad duine sa chlann a leag cos ar thalamh na hÉireann le 80 bliain. Bhíos iomlán aineolach ar an teanga ag an am sin. Bhí a fhios agam go raibh ann agus nach raibh á labhairt go forleathan ach b’in é. raibh fiú amháin an coincheapGaeltachtagam. Ach bhain sult as na comharthaí bóthair dátheangacha a fheiscint, agus rinne iarracht iad a thuiscint, fiú bhíos ag cur isteach ar na paisinéirí in aice liom ar na busanna áitiúla le ceisteanna. Thug faoi deara go raibh cúpla focal ar a laghad ag cuid mhaith acu, go rabhadar drogallach í a labhairt. Bhí bileoga dátheangacha ar fáil freisin a bhain le tithe stairiúla agus mar sin de. Fiú, bhí na coinníollacha taistil scríofa i nGaeilge ar thaobh amháin de thicéid Bus Éireann, rud a chuir ionadh orm. nach raibh Gaeilge labhartha le cloisint go minic ar na sráideanna, chuala corrfhocal ó am go chéile.

Nuair a bhíos i gCiarraí thug camchuairt ar fud fad Chorca Dhuibhne ar rothar agus chonac fógra: “Teach Pheig Sayers”. Níor chuala riamh trácht ar Pheig roimhe sin agus cheap gur focal Béarla ab eaTeacha bhain le cúrsaí múinteoireachta! raibh an doras faoi ghlas agus raibh ach mise ann agus is amhlaidh a bhuail an doras isteach. Bhain geit asam an méid deja vu a tháinig orm. Níl suim laghad agam féin i gcúrsaí piseog ach mhothaigh ar an sin gurbh áit faoi leith an tigín sin agus gur duine cneasta, cineálta, dílis a bhíodh ina chónaí ann. B’fhéidir nach mbeadh chuile dhalta scoile in Éirinn ar aon intinn liom ar an ábhar sin, áfach, agus staidéar á dhéanamh ar a beathaisnéis acu.

Deirtear in Éirinn go gcuireann na comharthaí bóthair dátheangacha daoine ar strae ach i mo chás féin b’in an rud ba mhó a spreag suim sa teanga ionam. Fuair amach go raibh an Ghaeilge fós beo ar éigean agus tháinig fonn orm triail a bhaint as blaiseadh den teanga ar a laghad a fháil. Thit i ngrá leis an teanga agus táim fós gafa léi, ach féidir liom fós míniú ceart a thabhairt ar cén fath.

Staidéar neamhfhoirmiúil

raibh seans agam a thuilleadh a dhéanamh maidir leis an teanga, áfach, go dtí cúpla bliain tar éis dom filleadh abhaile. Ansin thosaigh a dhéanamh staidéar neamhfhoirmiúil sa bhaile. rabhas ag smaoineamh ar a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt i ndáiríre. Cheap nach mbeadh ach cúpla focal agam agus tuiscint shimplí ar an ngramadach. D’fhreastail ar chúrsaí gairide Gaeilge anseo is ansiúd i Sydney. Bhí cuid acu ar fheabhas, ach nach ionadh, baineann éagsúlacht leis an gcaighdeán múinteoireachta i gcás mionteanga. Nílim féin róthógtha le rialacha, gramadach, stair na teanga agus mar sin de - oireann níos fearr dom seans a bheith agam éisteacht le cainteoir líofa. Nílim ag nach bhfuil léamh tábhachtach, mar cuireann sin leis an stór focal agus an chaighdeán litrithe. Ach botún atá éacsa a dhéanamh i gcás an atá ag foghlaim i gcéin i mo bharúilse an iomarca béime a chur ar an teanga scríofa in ionad na teanga labhartha.

Buntáiste ab ea é dom gur thosaigh cara liom a fhoglaim na Gaeilge ag an am céanna. Bhí saghas comhaontú eadrainn ón tús nach mbeadh ach Gaeilge á labhairt againn le chéile. Ar dtús rabhamar in ann an teanga a labhairt i ndáiríre ach ba chuma linn faoi sin agus leanamar ar aghaidh gan focal Béarla.

I 1998 d’fhreastail ar scoil samhraidh seachtaine den chéad uair, a bhí curtha ar fáil in iarthar NSW. Bhain an-tairbhe as, toisc go raibh cailín óg Gaelach againn a bhí ina múinteoir oilte, líofa agus lánábalta labhairt go nádúrtha. an t-ádh linn go dtagann na mílte Éireannach óg anseo ar víosa bliana, líofacht sa Ghaeilge bainte amach ag cuid acu agus iad toilteanach páirt a ghlacadh sna campaí Gaeilge. Ó shin i leith, ag freastal ar scoil samhraidh gach bliain, an ceann i Victoria anois go bhfuil deireadh curtha leis an scoil i NSW. ( suíomh gréasáin den scoth ag an gcumann i Victoria: www.gaeilgesanastrail.com)

Ag an am céanna, chuaigh isteach i ngrúpa comhrá a bhíodh ag an gClub Gaelach i Sydney. Bhíos i mo thost ar feadh tamaill mhaith, ach bhain an-tairbhe as a bheith ag éisteacht le daoine eile. Bhí orm dul i dtaithí ar an saghas Gaeilge a bhí ag chuile dhuine sa ghrúpa mar bhí chuile chanúint agus blas le cluinstin ann.

Bhíodh clár Gaeilge á chraoladh ar an raidió anseo, uair an chloig in aghaidh na seachtaine, agus cuidiú mór ab ae é sin chomh maith. Bhíodh de nós agam taifeadadh a dhéanamh ar na cláracha agus iad a athsheinm arís is arís. Bainim úsáid as na háiseanna atá ar fáil ar an idirlíon freisin, ach uaireanta bíonn fadhbanna teicniúla ann a chuireann isteach orm toisc nach saineolaí ríomhaireachta .

De réir a chéile tháinig focal chugam, agus focal eile agus focal eile arís. Cúis iontais dom é tar éis cúpla bliain go rabhas in ann nathanna beaga comhrá a thuiscint ó am go chéile. Anois, de ghnáth, bhíonn mórán deacrachtaí agam daoine a thuigbheáil a bhfuil an Ghaeilge foghlamtha acu. Ach caithfidh a admháil go mbíonn fadbhanna fós agam i gcás cainteoirí a bhfuil an Ghaeilge acu ón gcliabhán, agus scaifte acu siúd ina gcónaí i Sydney. B’fhéidir gurb í mo chuid Gaeilge féin, agus an meascán canúintí atá agam, is cúis leis sin. Bíonn deacair dom cloí le canúint amháin de bhrí go mbíonn tionchair éagsúla orm.

Bhí an méid sin suilt agus tairbhe bainte amach agam as na scoileanna samhraidh gur rith liom gur chúis náire é nach raibh rud éigin á dhéanamh ar son na teanga anseo i Sydney, an chathair is sa tír. Bhí an smaoineamh céanna ag seansagart as an gCóbh ó dhúchas, an tAthair Micheál Ó Súilleabháin, atá ar scor anois. Bhí an bheirt againn sa rang comhrá sa daonscoil i Victoria, agus bhí muintir na daonscoile lántoilteanach tacú linn. Tháinig Donnchadh Ó Caoimh, Béal Feirsteach, isteach sa ghrúpa agus bhí an Winter School Group faoi lán seoil. Bhí eagla orainn ar dtús nach mbeadh múinteoirí líofa ar fáil nach mbeadh suim ag daltaí ar bith teacht ach chuir iontas orainn go raibh ag éirí go maith leis an scoil. Thug na grúpaí Gaeilge agus cainteoirí líofa ar fud na tíre an-tacaíocht dúinn, ó thaobh múinteoirí, daltaí agus deontas, agus bhí breis is 80 duine i láthair an chéad bhliain sin, 2003. deontais faighte againn freisin ó fhathach Éireannach na hAstráile, Muiris Ó Súilleabháin, agus ó Rialtas na hÉireann. An bhliain seo caite, d’oscail Consal Ginearálta na hÉireann, Áine Webster, an scoil go hoifigiúil.

rabhas riamh ar ais in Éirinn ón gcéad chuairt agus níor fhreastail riamh ar chúrsa Gaeilge in Éirinn, gur bhreá liom é sin a dhéanamh. mo shaol anseo agus táim gafa le mo theaglach agus comhlacht beag bith-theicneolaíochta atá bunaithe againn. Ach idir chainteoirí is fhoghlaimeoirí, pobal na Gaeilge beo bríomhar san Astráil.

Ceist amháin atá faoi chaibidil againn cad é an tslí is oiriúnaí chun muid féin a eagrú as seo amach. An caitheamh aimsire í an teanga sa tír seo cuid den ghluaiseacht teanga dhomhanda? Céim eile chun tosaigh ba chóir dúinn a thógáil más féidir é, i mo thuairimse, ranganna a chur ar fáil sna hollscoileanna do na fochéimithe sa Léann Éireannach/Ceilteach, rud nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith san Astráil faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.