Cartlann
Líon alt a bhfuil an rúibric seo luaite leo: 195
Íomhá
Eagrán 149, Meán Fómhair 2013
TEANGA AGUS CULTÚR
Diarmuid Johnson

Más lag lúbach an teanga seo mar a labhraítear in Éirinn í, ghlac Diarmuid Johnson misneach ón saibhreas agus ón gcruinneas urlabhra a mhothaigh sé i dTrier na Gearmáine an mhí seo caite.

»»»
Íomhá
Eagrán 89, Meán Fómhair 2008
TEANGA AGUS CULTÚR
Éamonn Ó Dónaill

Tá ag éirí chomh maith sin leis na ranganna Gaeilge atá á reáchtáil ag Gaelchultúr Teoranta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh le roinnt blianta anuas go bhfuil cinneadh déanta ag an chomhlacht cúrsaí a chur ar siúl ar fud na tíre an fómhar seo. Míníonn Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, Éamonn Ó Dónaill, cad iad na pleananna atá acu sna míonna atá romhainn.

»»»
Íomhá
Eagrán 89, Meán Fómhair 2008
TEANGA AGUS CULTÚR
Eithne Ní Ghallchobhair

Agus tréimhse na n-oícheanta fada dorcha buailte linn arís, tá gach seans go mbeidh tú sa tóir ar ghiota beag siamsaíochta le gruamacht an gheimhridh a mhaolú. Molann Eithne Ní Ghallchobhair bealach amháin leis an am a mheilt: dul isteach i gCairde Rince Céilí na hÉireann!

»»»
Íomhá
Eagrán 88, Lúnasa 2008
TEANGA AGUS CULTÚR

Tá an Dr Bert Vaux ina léachtóir le Teangeolaíocht in Ollscoil Cambridge. Chaith sé ceithre bliana mar ollamh i Roinn na Teangeolaíochta in Ollscoil Wisconsin Milwaukee agus deich mbliana mar ollamh in Ollscoil Harvard. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis le gairid faoi thionscadal teangeolaíochta atá idir lámha aige maidir le hathrú canúintí agus mionteangacha an domhain.

»»»
Íomhá
Eagrán 87, Iúil 2008
TEANGA AGUS CULTÚR

Tá iarrachtaí ar siúl ag foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann le cúpla bliain anuas le rúin lámhscríbhinne tábhachtaí a aimsíodh i bportach a nochtadh. D’fhreastail Eithne Ní Ghallchobhair ar sheimineár le gairid inar pléadh an lámhdhéantúsán Luath-Chríostaíochta seo.

»»»
Íomhá
Eagrán 87, Iúil 2008
TEANGA AGUS CULTÚR
Emer Ní Bhrádaigh

Is scoil trasdisciplíneach lán-Ghaeilge é Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. San alt seo, déanann Emer Ní Bhrádaigh cur síos ar na cláracha nuálaíocha iarchéime atá á dtairiscint aige.

»»»
Eagrán 86, Meitheamh 2008
TEANGA AGUS CULTÚR
Éamonn Ó Dónaill

Fuair Seán Ó Tiarnaigh bás in Staten Island, Nua-Eabhrac ar an 28 Bealtaine, bliain i ndiaidh dó obráid a bheith aige le siad urchóideach ina inchinn a scrios. Féachann Éamonn Ó Dónaill siar ar shaol an fhir seo a d’fhág a cheantar dúchais i Maigh Eo sna caogaidí agus ar éirigh leis oiread a bhaint amach le linn na mblianta fada a chaith sé i Meiriceá.

»»»
Íomhá
Eagrán 83, Márta 2008
TEANGA AGUS CULTÚR

Cuirfear tús le Seachtain na Gaeilge ar an 3 Márta. San alt seo, tá cur síos ag Caoimhe Ní Laighin ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl lena linn.

»»»
Íomhá
Eagrán 83, Márta 2008
TEANGA AGUS CULTÚR
P.J. Mac Gabhann

Ó cuireadh tús le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) in 2005, tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe gach bliain. San alt seo, insíonn P.J. Mac Gabhann dúinn faoi chóras scrúdaithe teg agus míníonn an fáth a bhfuil idir fhoghlaimeoirí, mhúinteoirí agus fhostóirí ag cur spéise ann.

»»»
Eagrán 79, Samhain 2007
TEANGA AGUS CULTÚR
Éamonn Ó Dónaill

Tugann Éamonn Ó Dónaill eolas mar gheall ar chúrsa nua iarchéime, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, atá á thairiscint ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar lena chomhlacht féin.

»»»
Íomhá
Eagrán 77, Meán Fómhair 2007
TEANGA AGUS CULTÚR
Áine Ní Chonghaile

Déanann Áine Ní Chonghaile, Stiúrthóir Europus Teoranta, cur síos ar chúrsa nua de chuid an chomhlachta a chuirfidh oiliúnt ar fáil dóibh siúd ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta atá tagtha chun cinn i saol na Gaeilge le roinnt blianta anuas.

»»»
Íomhá
Eagrán 77, Meán Fómhair 2007
TEANGA AGUS CULTÚR

Cailleadh iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Riobard Mac Góráin, ar an 30 Lúnasa. Seo thíos preaseisiúint a d’eisigh an t-eagras i ndiaidh a bháis.

»»»
Íomhá
Eagrán 76, Lúnasa 2007
TEANGA AGUS CULTÚR
Eoghan Ó Néill

Tá lúcháir ar Iontaobhas na Gaescolaíochta go bhfuil Bob Corcoran, ar Gael-Mheiriceánach é, ag cuidiú leo córas éifeachtach tiomsaithe airgid a fhorbairt. Measann Eoghan Ó Néill go rachaidh scileanna Corcoran go mór chun sochair earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh.

»»»
Íomhá
Eagrán 74, Meitheamh 2007
TEANGA AGUS CULTÚR
Deirdre Daly

Tugann na sparánachtaí a chuireann an eagraíocht Colmcille ar fáil gach bliain deis iontach do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann teacht isteach ar Ghàidhlig na hAlban, mar a mhíníonn Deirdre Daly.

»»»
Eagrán 74, Meitheamh 2007
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Éamonn Ó Dónaill

Nuair a thug Éamonn Ó Dónaill aghaidh ar Portland, Oregon an mhí seo caite chun freastal ar an chéad Lá Gaeilge sa taobh sin tíre bhí sé ag súil go mbeadh b’fhéidir scór i láthair, ach mheall an t-imeacht i bhfad ní ba mhó ná sin.

»»»
Íomhá
Eagrán 73, Bealtaine 2007
TEANGA AGUS CULTÚR
Antoine Ó Coileáin

Ba é Saoirse? an dara scannán ag baint le stair na hÉireann sa 20ú haois a rinne an stiúrthóir George Morrison do Gael Linn. Tugann Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, eolas anseo faoi ábhar an scannáin, atá á eisiúint ar DVD an mhí seo den chéad uair.

»»»
Íomhá
Eagrán 72, Aibreán 2007
TEANGA AGUS CULTÚR
Deirdre Daly

Tá an eagraíocht Colmcille ag súil go meallfaidh an fhéile atá á heagrú acu ar dhá oileán Albanacha i mí an Mheithimh go leor Éireannach, a deir Deirdre Daly.

»»»
Íomhá
Eagrán 72, Aibreán 2007
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Cóilín Ó Floinn

Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill. Labhair Cóilín Ó Floinn le hOifigeach Forbartha na craoibhe.

»»»
Íomhá
Eagrán 71, Márta 2007
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Gearóid Ó Ceallaigh

Tá Cumann Carad na Gaeilge, eagraíocht atá lonnaithe i Meiriceá, ag baint úsáide as an teicneolaíocht is nuálaí, mar a mhíníonn Gearóid Ó Ceallaigh, díreach mar a rinne an té a bhunaigh an cumann.

»»»
Íomhá
Eagrán 70, Feabhra 2007
TEANGA AGUS CULTÚR
Pádraig Ó Ceithearnaigh

Agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comhdhála ag deireadh na míosa seo chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge moltaí agus éilimh a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí, féachann Pádraig Ó Ceithearnaigh, stiúrthóir na heagraíochta, ar na nithe ar fad atá bainte amach don Ghaeilge le dhá bhliain déag anuas.

»»»
Íomhá
Eagrán 68, Nollaig 2006
TEANGA AGUS CULTÚR

Is dalta Ardteiste í Meadhbh Ní Eadhra a bhfuil cónaí uirthi sa Spidéal i nGaillimh. Bhuaigh an t-alt seo thíos Comórtas B5, Iriseoireacht don Idirlíon 15-18, san Oireachtas i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.

»»»
Íomhá
Eagrán 67, Samhain 2006
TEANGA AGUS CULTÚR
Gearóidín Ní Ghioballáin

Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn. Míníonn Gearóidín Ní Ghioballáin ó Ghaillimh le Gaeilge cad iad na forbairtí atá déanta ar an gcomórtas seo i mbliana.

»»»
Íomhá
Eagrán 67, Samhain 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Traic Ó Braonáin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Traic Ó Braonáin, Cumann na bhFiann.

»»»
Íomhá
Eagrán 67, Samhain 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Richard Archibald

Nuair a bhí Richard Archibald ag éirí aníos i mBaile Monaidh, Contae Aontroma ní raibh eolas ar bith aige ar an Ghaeilge, ach thosaigh sé a fhoghlaim fúithi agus é ag déanamh taighde ar an Ultais agus anois tá sé an-tógtha leis an teanga.

»»»
Íomhá
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Seán Ó Muireagáin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seán Ó Muireagáin, Comhairle na Gaelscolaíochta, Béal Feirste.

»»»
Íomhá
Eagrán 65, Meán Fómhair 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Éamonn Ó Dónaill

Beidh deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil i San Francisco ag Nikki Ragsdale arís i mbliana. Labhair Éamonn Ó Donaill léi faoin obair atá ar siúl aici ar son na Gaeilge agus faoina dlúthdhiosca d’amhráin sean-nóis atá sí ag brath a sheoladh in Éirinn gan mhoill.

»»»
Eagrán 64, Lúnasa 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Éamonn Ó Dónaill

Tá Conradh na Gaeilge gníomhach i nGlaschú le blianta fada ach tá borradh úr faoin eagraíocht agus faoin Ghaeilge sa chathair faoi láthair, mar a fuair Éamonn Ó Dónaill amach agus é ag múineadh ar chúrsa deireadh seachtaine ansin an mhí seo caite.

»»»
Íomhá
Eagrán 63, Iúil 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Maebh Ní Fhallúin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Maebh Ní Fhallúin, Raidió na Life (www.rnl106.com), Baile Átha Cliath.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN

As Dún na nGall í Seosaí Nic Rabhartaigh agus tá sí ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Wisconsin, Milwaukee (UWM) faoi láthair. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair léi faoina cuid oibre agus faoi bheith ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge i Meiriceá.

»»»
Íomhá
Eagrán 62, Meitheamh 2006
TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Seán Ó hAdhmaill

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seán Ó hAdhmaill, Feachtas, Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge, Baile Átha Cliath.

»»»

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.

Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.